Tionscadail thábhachtacha de chuid na Comhairle Oidhreachta tugtha chun suntais ag seoladh an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um an mBithéagsúlacht
Tá roinnt tionscnaimh de chuid na Comhairle Oidhreachta á dtabhairt chun suntais mar phríomhthionscadail bhithéagsúlachta sa cheathrú Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um an mBithéagsúlacht a d’fhoilsigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta inniu.
Obair na Comhairle Oidhreachta maidir le Clár Oifigigh Bhithéagsúlachta na nÚdarás Áitiúil a fhorbairt, agus a cuid oibre chun a chinntiú go bhfuil plean gníomhaíochta bithéagsúlachta i bhfeidhm ag gach údarás áitiúil faoi 2026, sin é atá i measc na dtionscadal atá liostaithe mar phríomhthionscadail a chabhróidh le huaillmhianta an Phlean a bhaint amach.
Is éard atá sa Chlár Oifigigh Bhithéagsúlachta ná comhoibriú idir an Chomhairle Oidhreachta agus na húdaráis áitiúla agus is léiriú é ar chur chuige eolaíochtbhunaithe i leith bhainistíocht agus chaomhnú na bithéagsúlachta ag an leibhéal áitiúil. Tá ról ríthábhachtach ag Oifigigh Bhithéagsúlachta, atá ag obair i gComhairlí Cathrach agus Contae, i mbailiú sonraí, i gcur chun feidhme tionscadal, i bhforbairt beartais, agus i rannpháirtíocht an phobail. Cuireann an clár freisin le spriocanna caomhnaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an gComhairle Oidhreachta freisin i gcaomhnú na bithéagsúlachta tríd an gClár Oifigigh Oidhreachta, an Scéim Oidhreachta sna Scoileanna, Scéim Deontais na bhFoirgneamh Traidisiúnta Feirme (TFB) agus tríd an maoiniú a dhéanann sí ar an Ionad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta. Comhpháirtíocht leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara is ea TFB lena ndírítear ar chaomhnú agus ar dheisiú foirgneamh traidisiúnta feirme agus ar chaomhnú na ngnáthóg fiadhúlra laistigh de na struchtúir chomh maith.
Arsa Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta:
“Ócáid mhór is ea seoladh an cheathrú Plean Náisiúnta Gníomhaíochta Náisiúnta, rud a léiríonn ár dtiomantas comhchoiteann don bhithéagsúlacht. Tá an Chomhairle Oidhreachta bródúil as an ról suntasach atá aici san iarracht seo, go háirithe trí thionscnaimh ar nós ár gClár Oifigigh Bhithéagsúlachta agus Scéim Deontais na bhFoirgneamh Traidisiúnta Feirme, tionscnaimh a raibh ról lárnach acu i gcaomhnú na hoidhreachta tógtha agus cultúrtha chomh maith le caomhnú na bithéagsúlachta.”
Arsa Martina Moloney, Cathaoirleach na Comhairle Oidhreachta:
“Is léiriú ar ár dtiomantas comhchoiteann do chosaint na hoidhreachta nádúrtha an méid gur seoladh ceathrú Plean Náisiúnta Gníomhaíochta na hÉireann. Ag an gComhairle Oidhreachta, tá bród orainn cur go mór leis an gcúis seo, go háirithe trínár gClár nuálach Oifigigh Bhithéagsúlachta i gcomhpháirtíocht le húdaráis áitiúla arb é is cúis le hathrú ó bhonn ar chaomhnú na bithéagsúlachta áitiúla.”
Tá an Chomhairle Oidhreachta tiomanta i gcónaí do bheith ag obair i gcomhar leis na páirtithe leasmhara go léir chun a chinntiú go mbeidh rath ar chur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um an mBithéagsúlacht agus go leanfar lenár n-iarrachtaí chun oidhreacht nádúrtha na hÉireann a chaomhnú.