Fóram Eorpach ar Chaomhnú an Dúlra agus ar an Tréadachas (EFNCP)
Is líonra uile-Eorpach é an EFNCP a mhúsclaíonn feasacht ar thábhacht feirmeoireacht íseal-déine beostoc.
Oibríonn Oifigigh Bhithéagsúlachta Údaráis Áitiúil ar leibhéal cathrach agus contae agus bailíonn siad sonraí faoi bhithéagsúlacht agus tugann siad faoi thionscadail chaomhnaithe, forbraíonn siad beartas, soláthraíonn siad comhairle agus eolas agus músclaíonn siad feasacht.
Oibríonn Oifigigh Bhithéagsúlachta Údaráis Áitiúil ar leibhéal cathrach agus contae agus bailíonn siad sonraí faoi bhithéagsúlacht agus tugann siad faoi thionscadail chaomhnaithe, forbraíonn siad beartas, soláthraíonn siad comhairle agus eolas agus músclaíonn siad feasacht.
Tá Oifigigh Bhithéagsúlachta Cathrach agus Contae á bhfostú ag Údaráis Áitiúla i gcomhar leis an gComhairle Oidhreachta agus tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag tacú leo.
Oibríonn Oifigigh Bhithéagsúlachta go dlúth le hoifigigh oidhreachta agus le gairmithe eile laistigh den údarás áitiúil, agus leis an bpobal i gcoitinne i ngach cathair agus contae. Tá a ról éagsúil agus saineofar é de réir roghanna údaráis áitiúil aonair, ach beidh croídhíriú ar phleanáil agus ar chomhoibriú straitéiseach.
Tugann fairsinge na bhfreagrachtaí seo le fios an ról ríthábhachtach atá ag oifigigh bhithéagsúlachta i dtaobh feasacht, eolas agus tuiscint ar an mbithéagsúlacht áitiúil trína n-obair a chur chun cinn.
Anuas ar thacaíocht airgeadais, soláthraíonn an Chomhairle Oidhreachta tacaíocht theicniúil, forbartha, ghairmiúil, agus oiliúna d’oifigigh bhithéagsúlachta a cheaptar le húdaráis áitiúla. Soláthrófar seo tríd an gClár Oiliúna agus Forbartha Oifigigh Bhithéagsúlachta. Soláthrófar oiliúint maidir le Pleananna Bithéagsúlachta Contae, suirbhéireachtaí agus taighde ar ghnáthóga agus ar speicis, comhairliúchán agus reachtaíocht chomhshaoil.
| Údarás Áitiúil | Ainm | Seoladh Ríomhphoist | Guthán |
|---|---|---|---|
| Comhairle Contae an Chláir | Barry O'Loughlin | boloughlin@clarecoco.ie | 065 6846232 |
| * Comhairle Cathrach Chorcaí (Páirceanna) | Rosemarie McDonald | rosemarie_mcdonald@corkcity.ie | 021 4924000 |
| Comhairle Cathrach Chorcaí (Pleanáil) | Usna Keating | usna_keating@corkcity.ie | 021 4924000 |
| *Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath | Astrid Lynn and Kelly Mara | astrid.lynn@dublincity.ie and kelly.mara@dublincity.ie | 0861644010 |
| * Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin | Anne Murray | annemurray@dlrcoco.ie | 01 205 4700 |
| * Comhairle Contae Fhine Gall | Hans Visser | Hans.Visser@fingal.ie | (01) 890 5000 |
| * Comhairle Cathrach na Gaillimhe | Paula Kearney | paula.kearney@galwaycity.ie | 091 536400 |
| Comhairle Contae na Gaillimhe | Rosina Joyce | rjoyce@galwaycoco.ie | 091 509000 |
| Comhairle Contae Chiarraí | Eleanor Turner | eleanor.turner@kerrycoco.ie | 066-7183848 |
| Comhairle Contae Chill Dara | Meabh Boylan | mboylan@kildarecoco.ie | 045 980761 |
| Comhairle Contae Chill Chainnigh | Bernadette Moloney | bernadette.moloney@kilkennycoco.ie | 056 7794487 |
| Comhairle Contae Liatroma | Rebeccah Cogan | rcogan@leitrimcoco.ie | (071) 9620005 |
| Comhairle Contae Lú | Helen Hanratty | helen.hanratty@louthcoco.ie | |
| Comhairle Contae na Mí | Ben Malone | bmalone@meathcoco.ie | 046-9097000 |
| Comhairle Contae Mhuineacháin | Patricia McCreesh | patricia.mccreesh@monaghancoco.ie | |
| Comhairle Contae Uíbh Fhailí | Ricky Whelan | rwhelan@offalycoco.ie | 057 8664000 |
| Comhairle Contae Shligigh | Ruth Hanniffy | rhanniffy@sligococo.ie | 071 911 4480 |
| Comhairle Contae na hIarmhí | Christina Sweeney | Christina.Sweeney@westmeathcoco.ie | 044-9332000 |
* Post á chistiú go hiomlán ag an gComhairle Cathrach/Contae ábhartha
Is líonra uile-Eorpach é an EFNCP a mhúsclaíonn feasacht ar thábhacht feirmeoireacht íseal-déine beostoc.
Leagann Cairt Phobail Bhoirne fís amach don Bhoirinn ina bhfuil ardchaighdeán beatha ag cách.
Comhoibriú atá i gceist leis seo idir an Chomhairle Oidhreachta agus Coimisiún Fulbright a chuireann deis a chistítear go hiomlán ar fáil do Scoláirí agus Gairmithe Éireannacha a oibríonn san earnáil oidhreachta cultúrtha chun léachtóireacht nó taighde a dhéanamh ag institiúidí nó ag eagraíochtaí ardoideachais sna Stáit Aontaithe