Is ionann ár n-oidhreacht agus an méid atá fágtha le huacht againn, luach agus taitneamh a bhaint as san am i láthair , agus an méid a thograímid a chaomhnú agus a chur ar aghaidh do na glúine atá le teacht.
Cuimsíonn ár n-oidhreacht:
Foinsí inláimhsithe – ár láithreacha staire, foirgnimh, séadchomharthaí, réada i músaeim, déantáin agus cartlanna.
Foinsí nádúrtha – ár n-uiscebhealaí, tírdhreacha, coillearnacha, portaigh, tailte arda, fiadhúlra dúchasach, feithidí, plandaí, crainn, éin agus ainmhithe.
Foinsí doláimhsithe – ár nósanna, spóirt, ceol, rince, béaloideas, ceardaíocht, scileanna, agus traidisiúin.
Soláthraíonn ár n-oidhreacht inláimhsithe, doláimhsithe agus nádúrtha agus na miotais, na finscéalta, na traidisiúin agus na cuimhní cinn go léir a bhaineann leo teanga agus léargas coiteann dúinn a chuireann ar ár gcumas cumarsáid a dhéanamh ar leibhéal domhain lena chéile agus sinn féin a chur in iúl ar bhealach uathúil don saol mór.
Tá an Oidhreacht tábhachtach mar.....
Is cuid dár bhféiniúlacht í an oidhreacht agus is cuid de mhúnlú na féiniúlachta sin í. Taispeánann léiriú ár bhféiniúlacht seo do dhaoine eile an luach atá againn; leagann sé béim ar ár luachanna agus ár dtosaíochtaí.
Tugann ár n-oidhreacht spléachadh dúinn ar an am a caitheadh agus cé mar a tháinig éabhlóid ar an tsochaí. Cabhraíonn sé linn ár stair agus ár dtraidisiúin a scrúdú agus cuireann sé ar ár gcumas feasacht a fhorbairt fúinn féin. Cabhraíonn sé linn a thuiscint agus a mhíniú cén fáth go bhfuilimid mar atáimid.
Cuid lárnach dár gcultúr an oidhreacht agus tá ról tábhachtach aici maidir leis an bpolaitíocht, an tsochaí, an gnó agus fealsúnacht an duine. Múnlaíonn sí agus spreagann sí díospóireacht agus beartais phoiblí go díreach agus go hindíreach.
Tá sé tábhachtach (ár) oidhreacht a chaomhnú mar...
Is féidir go mbeadh i bhfad níos mó i gceist le tionscadal áitiúil oidhreachta ná díreach déantáin a chaomhnú agus a chosaint.
Cuid thábhachtach d’obair na Comhairle Oidhreachta ná pobail áitiúla a spreagadh chun freagracht a ghlacadh as a n-oidhreacht féin agus páirt a ghlacadh sa phróiseas a bhaineann le forbairt agus caomhnú na hoidhreachta sin.
Is féidir go mbeadh mar thoradh ar thionscadail oidhreachta áitiúla go n-athbheofaí ceantair atá ligthe i ndearmad agus go mbeadh deis ag daoine áitiúla eolas agus tuiscint a fháil ar a n-oidhreacht an athuair.
Cabhraíonn tionscadail mar seo le bród agus muintearas níos mó a ghiniúint sa cheantar áitiúil trí rannpháirtíocht mhéadaithe...agus taitneamh a bhaint as!
Tá sé fíorthábhachtach ná go gcuirtear bonn faoi fhorbairt eacnamaíochta áitiúil agus faoi inniúlacht sa turasóireacht, sa talmhaíocht, sa tsiamsaíocht, san oideachas agus sa ghnó go ginearálta nuair a chothaítear an oidhreacht agus nuair a chuirtear léi.
Turasóireacht
Tá cáil ar oidhreacht na hÉireann ar fud an domhain mhóir, croílár thionscal na turasóireachta Éireannach í ag mealladh cuairteoirí anall as tíortha eile agus infheistíocht a thabhairt isteach i gceantair áitiúla.
Tá borradh i gcónaí faoin turasóireacht chultúrtha agus faoi laethanta saoire gníomhaíochta a bhíonn ag daoine faoin tuath agus ar thírdhreach nádúrtha na tíre agus is iad seo na réimsí is mó rath in earnáil na turasóireachta.
Talmhaíocht
Tá cáilíocht ár n-oidhreacht nádúrtha ag croílár ár dtáirgí ardchaighdeáin talmhaíochta. Braithimid ar éiceachórais shláintiúla le haghaidh beathú, bia maith, aer glan agus uisce úr.
Tá an oidhreacht leochaileach, cuireann sí go mór le tábhacht thaithí agus le taitneamh an duine. Saibhríonn sí ár mbeatha agus cabhraíonn sí linn tuiscint a fháil orainn féin agus mar sin féin is gá í a chosaint agus a fhorbairt i gcónaí.
Tá sé ríthábhachtach go dtuigfeadh an rialtas tábhacht ár n-oidhreachta agus go mbeadh an méid sin le feiceáil sna struchtúir leasaithe chuí agus i maoiniú méadaithe.
Cinnteoidh sé sin go gcuirfear na gnéithe is fearr dár n-oidhreacht ar aghaidh chuig ár bpáistí agus ar aghaidh chuig a bpáistí arís