Eolas ar nósanna imeachta le leanúint má táthar ag déanamh achomhairc in aghaidh cinnidh de chuid na Comhairle Oidhreachta ar Scéim Deontais.
Achainí a dhéanamh
Más rud é, tar éis duit an cheist a phlé le ball foirne de chuid na Comhairle Oidhreachta, gur mian leat fós achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh maoinithe, ní mór duit scríobh chuig Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na Comhairle Oidhreachta laistigh de ocht seachtaine oibre ó dháta na litreach fógra. Ní mór den litir achomhairc a lua:
- An chúis gur chreideann tú nár ghlacfaí le d’iarratas i gceart nó nár measúnaíodh é mar is cuí;
- cúiseanna faoi leith agus fianaise atá agat mar thacaíocht don achomharc.
Seol do litir achainí chuig:
An Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, An Chomhairle Oidhreachta, Áras na hOidhreachta, Lána an Teampaill, Cill Chainnigh.
Bailíocht Achomhairc
Nuair a fhaightear an litir, scrúdófar d’iarratas achomhairc le cinntiú nach sáraíonn sé scóip an phróisis achomhairc agus go bhfuil na cúiseanna don achomhairc léirithe go soiléir. Gheobhaidh tú admháil i scríbhinn ón bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin, nó ó dhuine atá tarmligthe chun ionadaíocht a dhéanamh ar an bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin nuair a bheidh sé as láthair, chun toradh an tseiceáil bhailíochta a chur faoi do bhráid laistigh de thrí lá oibre. Diúltófar achomhairc neamhbhailí ag an gcéim seo den phróiseas.
Próiseas Athbhreithnithe Achomhairc
Laistigh de fiche lá oibre ó iarratas bailí achomhairc a fháil, déanfaidh an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin agus Cathaoirleach na Comhairle Oidhreachta athbhreithniú ar an achomharc. Beidh a gcinneadh faoi cheangal agus ní cheadófar tuilleadh achomhairc. Cuirfear a gconclúidí agus a moltaí faoi bhráid an iarratasóra laistigh de sheacht lá i ndiaidh dóibh an cinneadh a dhéanamh. Sa chás go bhfuil moill ar an bhfreagra, cuirfear an t-iarratasóir ar an eolas i scríbhinn ar an síneadh amscála.
Nóta: Ní hionann cinneadh i bhfabhar an iarratasóra agus bronnadh maoinithe nó breis maoinithe nó cur leis an gcinneadh bunaidh a ndearnadh achomharc ina leith. Beidh deis maoiniú breise a fháil i ndiaidh achomhairc ag brath ar staid airgeadais na Comhairle Oidhreachta féin.
Is mór don gComhairle Oidhreachta córais agus nósanna imeachta oscailte, somhínithe agus inrochtana i ngach gné dá cuid oibre.
Cuirimid fáilte roimh mholtaí ar conas a seirbhísí a fheabhsú ag mail@heritagecouncil.ie