Úsáid Talún agus Pleanáil

Gné bhunriachtanach d’obair na Comhairle Oidhreachta chun maoirseacht a dhéanamh ar an oidhreacht in Éirinn iad úsáid talún agus an t-idirghníomhú a dhéanann sé leis an oidhreacht.

Tá trí phríomhshaghas d’úsáid talún ann ar féidir leo tionchar suntasach a imirt ar oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha. Is iad seo:

  • Forbairt agus Bonneagar (Pleanáil)
  • Foraoiseacht
  • Talmhaíocht

Déantar rialáil ar gach ceann de na húsáidí talún seo i rialacháin agus i bpróisis éagsúla toilithe, agus bíonn forluí eatarthu ó am go ham, mar sin féin.

Forbairt agus Bonneagar (Pleanáil)

Déantar rialáil den chuid is mó ar bhonneagar agus forbairt sa chóras pleanála. Déantar sainmhíniú sna Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2021-2025 ar cad atá i gceist le ‘forbairt’ agus d’fhéadfadh idir forbairtí tithíochta agus bonneagar fuinnimh, agus oibreacha ar struchtúr faoi chosaint a bheith i gceist leis. Anuas air sin, meastar gur forbairt iad athruithe úsáide mar gheall go mbíonn oibreacha talún i gceist le cuid díobh, cosúil le draenáil ar bhogaigh níos mó ná 0.5 heicteár, nó tionscadail mhóra athchóirithe dúlra.

Ina theannta sin, beidh úsáid mhuirí níos feiceálaí amach anseo, agus tagann sé sin faoi chuimsiú an chórais pleanála go mór mór, cé go dtreoraítear é faoin reachtaíocht phleanála muirí chomhthreomhar.

Comhlacht forordaithe faoi na rialacháin um pleanáil agus forbairt í an Chomhairle Oidhreachta. 

Foraoiseacht

Déantar idirghníomhú láidir leis an oidhreacht i bhforaoiseacht tráchtála, bíodh plandú crann buaircíneach nó leathanduilleach i gceist, go háirithe maidir le héiceolaíocht uisce, seandálaíocht, gnáthóga ainmnithe, agus an tírdhreach. Cé go bhfuil roinnt forluí ann leis an gcóras pleanála, rialaítear tionchair na foraoiseachta ar an oidhreacht go príomha tríd an Acht Foraoiseachta, 2014. Déantar iarratas ar cheadúnas foraoiseachta leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus is féidir féachaint ar an Amharcóir Ceadúnas Foraoiseachta.

Anuas air sin, teastaíonn ceadúnais áirithe chun crainn a leagan i gciall níos ginearálta, agus tagann siad faoi chuimsiú an Achta Foraoiseachta freisin.

Ní liostaítear an Chomhairle Oidhreachta mar ‘comhlacht comhairliúcháin’ faoin Acht Foraoiseachta.

Talmhaíocht

Is í talmhaíocht an úsáid is mó a bhaintear as talamh in Éirinn agus is féidir í a roinnt i dtailte féaraigh agus tailte bairr. I dteannta a chéile, meastar go mbaintear úsáid talmhaíochta as thart ar dhá thrian de bhrat talún na hÉireann [Foinse: An tAthbhreithniú ar Úsáid Náisiúnta]. Tá iliomad rialachán ann a bhaineann le húsáid talún talmhaíochta, agus tá forluí ann freisin leis an gcóras pleanála. Is iad na Rialacháin um Measúnacht Tionchair Timpeallachta (Talmhaíocht) an córas toilithe oidhreachta is ábhartha ina rialaítear saghsanna áirithe d’fhorbairt talmhaíochta. Bainistíonn an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara an próiseas toilithe seo.

Reachtaíocht Ghinearálta agus an Oidhreacht

Tá rialacháin uileghabhálacha éagsúla eile ann a imríonn tionchar ar an oidhreacht agus a chuirtear i bhfeidhm go forleathan i measc na n-úsáidí talún uile. Dhá cheann díobh siúd is feiceálaí iad:

  • An tAcht um Fhiadhúlra, 1967 (arna leasú)
  • Acht na hOidhreachta Stairiúla agus Seandálaíochta agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2023 (arna thosú)