Déan Teagmháil Linn
Bunaíodh an Chomhairle Oidhreachta mar chomhlacht reachtúil faoin Acht Oidhreachta, 1995.
Soláthraíonn an tAcht Oidhreachta sainmhíniú cuimsitheach ar ‘oidhreacht’ a chuimsíonn séadchomharthaí, réada seandálaíochta, réada oidhreachta mar shaothair ealaíne agus tionsclaíochta, doiciméid agus taifid ghinealais, oidhreacht ailtireachta, flóra, fána, gnáthóga fiadhúlra, tírdhreacha, muirdhreacha, raiceanna, geolaíocht, gairdíní oidhreachta, páirceanna agus uiscebhealaí intíre.
Is í fís na Comhairle Oidhreachta ná go mbaintear taitneamh as an oidhreacht seo, go mbaintear í a bhainistiú agus a chosnaítear í mar gheall ar an gcúnamh ríthábhachtach a dhéanann sí dár leas sóisialta agus eacnamaíoch araon. Oibrímid i gcomhar le pobail áitiúla, údaráis áitiúla, grúpaí deonacha, ranna rialtais, gníomhaireachtaí agus institiúidí cultúrtha éagsúla chun an fhís seo a sheachadadh trí thacú poist gaol-oidhreachta, oideachas agus turasóireacht inár bpobail áitiúla.
Is ionann ár n-oidhreacht agus an méid atá fágtha le huacht againn, luach agus taitneamh a bhaint as san am i láthair , agus an méid a thograímid a chaomhnú agus a chur ar aghaidh do na glúine atá le teacht.
Bunaithe faoin Acht Oidhreachta 1995, is comhlacht poiblí í an Chomhairle Oidhreachta a bhfuil sé mar mhisean aici tuiscint leathan a fhorbairt ar an gcion ríthábhachtach a chuireann ár n-oidhreacht lenár leas sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíoch.
Is grúpa beag, solúbtha agus ard-spreagtha iad foireann na Comhairle Oidhreachta.
Buail lenár mbord
Tá an Chomhairle Oidhreachta lonnaithe in Iar-Phálás an Easpaig, Cill Chainnigh.
Féach ar agus íoslódáil ár ndoiciméid chorparáideacha anseo.