Faigh Comhairle

Má tá smaoineamh agat le haghaidh tionscadail oidhreachta ach níl tú cinnte cá dtosófá nó conas, molaimid duit féachaint ar chuid de na hacmhainní seo a leanas:

Téigh i dteagmháil le d'Oifigeach Oidhreachta Áitiúil

Beidh d'Oifigeach Oidhreachta Áitiúilsásta an comhairle tosaigh a thabhairt duit ar do thionscadal. Tá neart taithí acu is d’fhéadfaidís cabhrú leat acmhainní áitiúla agus náisiúnta a aithint. Tá Oifigigh Oidhreachta lonnaithe sna hoifigí de chuid na húdaráis áitiúla.

Téigh timpeall an tsuímh gréasáin seo

Le haghaidh acmhainní agus inspioráid, molaimid cuairt a thabhairt ar suíomh gréasáin an na Comhairle Oidhreachta, mar a bhfuil tuairiscí, foilseacháin agus cáipéisí a chlúdaíonn gach gné den oidhreacht. Tugann an suíomh eolas chomh maith arthionscnaimh, cláir agus seirbhísí – atá fós ag dul ar aghaidh agus atá críochnaithe – chomh maith le nascanna chuig eagraíochtaí oidhreachta eile go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

Labhair le daoine a fuair deontas cheana

Cuir ceist ar dhaoine a thug faoi thionscnaimh chistithe cheana roinnt comhairle a thabhairt duit,féach ar na daoine a fuair deontas cheana anseo.

Féach ar Thionscadail Chistithe roimhe seo

Ar an suíomh freisin tá tionscadailatá cistithe againn cheana trínár scéimeanna deontais éagsúla. Tabharfaidh na tionscadail seo deis duit an obair atá curtha i gcrích le roinnt blianta anuas a mholadh, tógáil air agus imscrúdú a dhéanamh air.

Léigh na treoirlínte le haghaidh iarratas

Tugann natreoirlínte agus critéir ar iarratais ar dheontaiscreat ar conas do thionscadal a chur i láthair agus tugann siad eolas ar cad atá ag teastáil, fiú mura bhfuil tú ag cur isteach air i mbliana. Déantar uasdátú ar na treoirlínte seo gach bliain mar sin bí chun cinn ar aon uasdátú trí shíniú suas don nuachtlitir nó trí féachaint ar deontais go minic.

Bí i dteagmháil

Sínigh suas don nuachtlitir míosúil le bheith ar an eolas faoi nuacht agus imeachtaí oidhreachta chomh maith le fógraí tábhachtacha i dtaobh ár scéimeanna deontais. Molaimid dár léitheoirí chomh maithaon, eolas nuacht nó imeacht oidhreachta gur mhaith leo a roinnta chur isteach.

Seol ríomhphost chugainn

Táimid sásta déileáil le d’fhiosrúchán agus tuilleadh a fhoghlaim faoi na tionscadail atá idir láimhe agat. Faoi láthair táimid ag cruthú cuid ar an suíomh le ceisteanna a chuirtear go minic le cur leis an stóras eolais ar féidir linn a roinnt. Is féidir ríomhphost a sheoladh chugainn ag mail@heritagecouncil.ie