Heritage Horizons: Pathways to the Future
A Heritage Council Conference
2006-ar aghaidh
Scéim bhliantúil deontas ar mhaithe le caomhnú agus deisiú foirgneamh traidisiúnta feirme agus déanmhas gaolmhar.
Maoinítear an scéim seo faoi shocruithe idirthréimhseacha chlár forbartha tuaithe 2014-20 - an ciste eorpach talmhaíochta um fhorbairt tuaithe san eoraip (n+3)

Scéim bhliantúil deontas ar mhaithe le caomhnú agus deisiú foirgneamh traidisiúnta feirme agus déanmhas gaolmhar.
Maoinítear an scéim seo faoi shocruithe idirthréimhseacha chlár forbartha tuaithe 2014-20 - an ciste eorpach talmhaíochta um fhorbairt tuaithe san eoraip (n+3)

Déanann an Chomhairle Oidhreachta, i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara bainistiú ar scéim deontais na foirgneamh traidisiúnta feirme. Is é príomhchuspóir na scéime seo a chinntiú go bhfuil foirgnimh thraidisiúnta feirme agus struchtúir ghaolmhara eile a chuireann le carachtar an tírdhreacha agus a bhfuil luach suntasach oidhreachta acu, a chaomhnú le haghaidh úsáid ghníomhach talmhaíochta.
Caomhnaítear struchtúir chosúla eile, clós dhoirneogach, cairn aolaigh, geataí iarann buailte, áirsí clós fierme, ullórd daingean agus ballaí pairce ina measc.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ón 30 Eanáir 2025 trí chóras bainistíochta deontas ar líne na Comhairle Oidhreachta.
Ní ghlacfaimid ach le foirmeacha a chuirtear isteach ar líne. Ní chuirimid foirmeacha páipéir ar fáil ná ní ghlacfaimid leo.
Chun d'iarratas a bhreithniú, ní mór dúinn d'iarratas ar líne a fháil mar aon leis na doiciméid tacaíochta riachtanacha faoin 10 Márta 2025 ag 5pm. Ní féidir iarratais nó doiciméid thacaíochta riachtanacha a chur isteach tar éis an ama seo.
Tá an Scéim ar oscailt d'fheirmeoirí AMHÁIN a bhfuil glacadh leis agus a bhfuil ag glacadh páirt i ceann de na scéim Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara seo a leanas:
Agus
Atá ina úinéir an fhoirgnimh/ struchtúir ghaolaigh eile a bhfuil maoiniú á lorg ina leith nó atá ag gníomhú le cead an úinéara (agus sa chás sin ní mór don úinéir toiliú a thabhairt).
Tacaíonn an deontas le
Ní gá duit iarratas a dhéanamh ar fhoirgneamh. Spreagaimid go mór iarratais in 2025 ar struchtúir thraidisiúnta feirmeoireachta a dheisiú, seachas foirgnimh eile. Chun tacú leis an iarracht seo, beartaítear go ndáiltear €500,000 go sonrach i mbliana leis na struchtúir eile seo a bhaineann le feirmeacha a dheisiú.
D’athraigh suimeanna deontais sa raon idir €4,000 agus €30,000 i 2025. Déanann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara gach íocaíocht deontais ar an scéim seo tar éis deimhnithe ón gComhairle Oidhreachta. Beidh uasmhéid €30,000 ar aon deontais amháin agus beidh suas go 75% de costais an obair ar fáil. Tabhair d’aire go mbeidh roinnt deontais do mhéid níos lú ná 75% de costais an obair.
Is feidir an treoirdhoiciméad iarratais is deanaí a leamh thíos.
Ní mór duit iarratas a dhéanamh ar líne ar an scéim deontais seo. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ón 30 Eanáir 2025 trí chóras bainistíochta deontas ar líne na Comhairle Oidhreachta. Is é an dáta deiridh chun iarratais líonta ar líne a fháil 5pm Dé Luain, an 10 Márta 2025.
Ní ghlacfaimid ach le foirmeacha a chuirtear isteach ar líne. Ní chuirimid foirmeacha páipéir ar fáil ná ní ghlacfaimid leo. Chun d'iarratas a bhreithniú, ní mór dúinn d'iarratas ar líne a fháil mar aon leis na doiciméid tacaíochta riachtanacha faoin 10 Márta 2025 ag 5pm.
Ní féidir iarratais nó doiciméid thacaíochta riachtanacha a chur isteach tar éis an ama seo. Is ar an iarratasóir atá an fhreagracht iomlán as an bhfaisnéis atá san iarratas agus sna doiciméid thacaíochta a cuireadh isteach agus as iarratais a fháil faoin dáta deiridh.
Thíos tá nóta comhairle ar cheann de na ceisteanna is coitianta ar an bhfoirm iarratais.
Choimisiúnaigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara athbhreithniú den scéim i 2022 . Is feidir an tuairisc a leamh anseo:
Athbhreithniú den Scéim
A Heritage Council Conference
Clár Tras-disciplíneach Seiceála Sláinte Lár an Bhaile a ritheadh i gcomhar le bailte rannpháirteacha ar fud na tíre.
Féachann an Chomhairle Oidhreachta le haitheantas a thabhairt dóibh siúd a oibríonn ag leibhéal an phobail chun naisc nua leis an oidhreacht nádúrtha, cultúrtha nó tógtha a chothú, a chur chun cinn agus a spreagadh.