Woi 02

Coillearnacha na hÉireann

Is eagraíocht chuimsitheach, bhallraíochta í Coillearnacha na hÉireann atá tiomanta do choillearnacha dúchasacha

Is eagraíocht chuimsitheach, bhallraíochta í Coillearnacha na hÉireann atá tiomanta do choillearnacha dúchasacha

Forléargas

Is iad príomhchuspóirí Choillearnacha na hÉireann:

  • feasacht a ghiniúint ar choillearnacha dúchasacha i measc lucht déanta beartas agus an phobail i gcoitinne
  • tionscadail agus straitéisí bainistíochta inbhuanaithe a fhorbairt a bheidh dírithe ar inmharthanacht todhchaíoch na gcoillearnacha dúchasacha a áirithiú
  • Is minic a thugtar aghaidh ar an dá chuspóir le chéile i bhformáid chomhpháirtíochta, go háirithe trí thionscadail shuaitheanta, cúrsaí oiliúna, foilseacháin theicniúla, forbairt beartais agus soláthar tacaíochta ag leibhéal áitiúil.

Cláir

Cén obair atá á maoiniú ag an gComhairle Oidhreachta i mbliana:

Tá an Chomhairle Oidhreachta ag déanamh páirtmhaoiniú ar ghníomhaíochtaí bolscaireachta maidir le cur i bhfeidhm agus glacadh le Scéim Seirbhíse Foraoiseachta um Choillearnacha Dúchasacha (NWS), ag díriú go háirithe ar ardluach bithéagsúlachta i ndobharcheantair íogaire; cúrsa oiliúna ar Choillearnacha Dúchasacha chun creidiúnú a thabhairt do chleachtóirí Coillearnacha Dúchasacha atá ag obair ar Scéim na Coillearnaí Dúchasaí; na Nótaí Faisnéise ar Choillearnacha Dúchasacha a nuashonrú agus a leathnú. Athbhreithniú ar chomhpháirt Coillearnaí Éiritheacha den NWS, ag plé le hIarnród Éireann maidir le oiliúint bainistíochta fásra cois ráillí.

Tuilleadh Eolais

R: info@woodlandsofireland.com
www.woodlandsofireland.ie
facebook.com/Woodlands-of-Ireland-318967288232830/


Léigh Tuilleadh

Iai 02

Institiúid Seandálaithe na hÉireann

Eagraíocht ionadaíoch uile-oileáin is ea Institiúid Seandálaithe na hÉireann (IAI) do sheandálaithe gairmiúla atá ag obair in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann araon.

Institiúid Seandálaithe na hÉireann
Nbdc Sliders 12

An tIonad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta

Is eagraíocht náisiúnta é an tIonad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta a bhailíonn agus a bhainistíonn sonraí ar bhithéagsúlacht na hÉireann chun ár n-acmhainn fiadhúlra a dhoiciméadú agus chun rianú a dhéanamh ar an athrú atá ag teacht uirthi.

An tIonad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta
Heritage Officers

Oifigigh Oidhreachta na nÚdarás Áitiúil

Tá ról lárnach ag Oifigigh Oidhreachta na nÚdarás Áitiúil maidir le feasacht oidhreachta a chur chun cinn, beartas a fhorbairt agus comhairle agus faisnéis a sholáthar ar shaincheisteanna oidhreachta áitiúla chomh maith le saincheisteanna oidhreachta náisiúnta.

Oifigigh Oidhreachta na nÚdarás Áitiúil