Nbdc Sliders 12

An tIonad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta

Is eagraíocht náisiúnta é an tIonad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta a bhailíonn agus a bhainistíonn sonraí ar bhithéagsúlacht na hÉireann chun ár n-acmhainn fiadhúlra a dhoiciméadú agus chun rianú a dhéanamh ar an athrú atá ag teacht uirthi.

Is eagraíocht náisiúnta é an tIonad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta a bhailíonn agus a bhainistíonn sonraí ar bhithéagsúlacht na hÉireann chun ár n-acmhainn fiadhúlra a dhoiciméadú agus chun rianú a dhéanamh ar an athrú atá ag teacht uirthi.

Bunaíodh an NBDC ag an gComhairle Oidhreachta in 2007 agus maoinítear clár oibre lárnach na heagraíochta gach bliain é. I measc na dtionscadal a rinne an NBDC le déanaí tá:

Léarscáileanna Bithéagsúlachta – an chéad bunachar sonraí agus léarscáilithe bithéagsúlachta in Éirinn - maps.biodiversityireland.ie

BioBlitz bliantúil na hÉireann, rás in aghaidh am chun a fheiceáil cé acu ceantar ar féidir leis na speicis is mó a thaifeadadh thar thréimhse 24 uair -bioblitz.ie

Rianú speiceas ionrach agus tacaíocht beartais - www.biodiversityireland.ie

An Clár Monatóireachta Bithéagsúlachta uile-Éireann - www.biodiversityireland.ie

Feidhmiú Táscairí Náisiúnta Bithéagsúlachta - táscairí.biodiversityireland.ie

Seirbhísí bainistíochta sonraí comhroinnte a sholáthar d’eagraíochtaí comhpháirtíochta ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach araon. Chomh maith leis an obair chroíláir, cuirtear maoiniú ar fáil (i gcomhpháirt leis An Bord Bia) chun maoirsiú agus cúnamh a thabhairt maidir le cur i bhfeidhm Phlean um Pailneoirí Uile-Éireann www.pollinators.ie Tá an plean formhuinithe ag 61 eagraíocht rialtais agus neamhrialtasacha in Éirinn. Foilsíonn NBDC freisin Bithéagsúlacht Éireann, nuachtlitir dhébhliantúil.

Tuilleadh eolais

Dr. Liam Lysaght, Centre Director llysaght@biodiversityireland.ie

Website www.biodiversityireland.ie

Facebook www.facebook.com/Biodiversity-Ireland

Twitter @BioDataCentre

Léigh Tuilleadh

Burren Life

High Nature Value Services (HNVS)

Tá an HNVS freagrach as Clár na Boirne a riar, scéim agra-chomhshaoil a chuireann caomhnú oidhreachta, timpeallachta agus pobail an réigiúin chun cinn.

High Nature Value Services (HNVS)
Wetlands Slide 5

Gnáthóga Puffin Rock

Tionscadal oideachais idir an Chomhairle Oidhreachta agus Cartoon Saloon é Puffin Rock Habitats le feasacht agus tuiscint níos mó ar dhúlra agus ar bhithéagsúlacht na hÉireann a chur chun cinn i measc teaghlach ina bhfuil leanaí óga, trí thaispeántas taistil, ceardlanna agus leabhar gníomhaíochta.

Gnáthóga Puffin Rock
Community Charter Image 002

Cairt Phobail Bhoirne

Leagann Cairt Phobail Bhoirne fís amach don Bhoirinn ina bhfuil ardchaighdeán beatha ag cách.

Cairt Phobail Bhoirne