Eagraíocht ionadaíoch uile-oileáin is ea Institiúid Seandálaithe na hÉireann (IAI) do sheandálaithe gairmiúla atá ag obair in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann araon.
Eagraíocht ionadaíoch uile-oileáin is ea Institiúid Seandálaithe na hÉireann (IAI) do sheandálaithe gairmiúla atá ag obair in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann araon.
Forléargas
Is é aidhm an IAI, trí ionadaíocht ár gcomhaltaí, gairm na seandálaíochta in Éirinn a chur chun cinn agus a neartú. Is é a fhís go bhfuil gairm seandálaíochta bheoga agus inbhuanaithe in Éirinn a chuirfidh go gníomhach lenár n-acmhainn seandálaíochta a chosaint, a chuirfidh, dá réir sin, le folláine shóisialta agus eacnamaíoch an phobail ina iomláine. Dearann agus forbraíonn an IAI cúrsaí oiliúna um fhorbairt ghairmiúil leanúnach do ghairmithe san earnáil oidhreachta agus don phobal i gcoitinne.
Cláir
Cén obair atá á maoiniú ag an gComhairle Oidhreachta i mbliana:
Cuidíonn maoiniú a fuarthas ón gComhairle Oidhreachta leis an institiúid i bhforbairt a cláir um Oiliúint ar Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach a dhíríonn ar gach gairmí san earnáil oidhreachta ar oileán na hÉireann Cuirtear an oiliúint ar fáil i bhfoirm ceardlann, réamhchúrsaí agus seimineáir dea-chleachtais ghairmiúil.
Oibríonn Oifigigh Bhithéagsúlachta Údaráis Áitiúil ar leibhéal cathrach agus contae agus bailíonn siad sonraí faoi bhithéagsúlacht agus tugann siad faoi thionscadail chaomhnaithe, forbraíonn siad beartas, soláthraíonn siad comhairle agus eolas agus músclaíonn siad feasacht.
Comhlacht deonach is ea Fóram Ardtailte na hÉireann (IUF) a bunaíodh i 1995,a chuidíonn le pobail ardtalún dul i ngleic leis an gcuid mhór dúshlán eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a tharlaíonn i gceantair ardtalún na hÉireann.
Oidhreacht agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe
Tagann obair na Comhairle Oidhreachta le réimse fairsing de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe, ina n-aithnítear go bhfuil dlúthcheangal idir caomhnú na hoidhreachta agus an inbhuanaitheacht.