Irish Museums Association

Cumann Músaem na hÉireann (IMA)

Comhlacht gairmiúil uile-Éireann is ea Cumann Músaem na hÉireann (CMÉ) atá tiomanta do chur chun cinn agus d’fhorbairt músaem.

Comhlacht gairmiúil uile-Éireann is ea Cumann Músaem na hÉireann (CMÉ) atá tiomanta do chur chun cinn agus d’fhorbairt músaem.

Forléargas

Comhlacht gairmiúil uile-Éireann is ea Cumann Músaem na hÉireann (CMÉ) atá tiomanta do chur chun cinn agus d’fhorbairt músaem, gairm an mhúsaeim, agus caighdeáin barr fheabhais i gcleachtas músaeim, le go mbeidh gach duine, gach cuairteoir agus gach cleachtóir ábalta an tairbhe chultúrtha, shóisialta agus oideachais is mó agus is féidir a fháil. Cuireann sé cleachtas gairmiúil chun cinn maidir le bainistíocht ar bhailiúcháin músaem, cúram ar bhailiúcháin agus seirbhísí do chuairteoirí agus soláthraíonn sé ardán díospóireachta maidir le smaoinimh músaem trí imeachtaí amhail comhdhálacha, fóraim, léachtaí agus seimineáir.

Cláir

Cén obair atá á maoiniú ag an gComhairle Oidhreachta i mbliana:

Cabhraíonn maoiniú ón gComhairle Oidhreachta le CMÉ féilire bhliantúil imeachtaí a chur i láthair ina gcuirtear deiseanna forbartha gairmiúla agus líonraithe ar fáil don earnáil trí dhá chomhdháil bhliantúil, dhá fhóram bliantúla ar Bhailiúcháin, Oideachas agus For-rochtain agus léacht bhliantúil iomráiteach; abhcóideacht agus cúnamh a sholáthar trí thacaíocht agus cúnamh ar fáil chomh maith trí chothabháil oifige le baill foirne lánaimseartha agus faisnéis trí bhealaí amhail an suíomh gréasáin www.irishmuseums.org, r-litir mhíosúil agus an foilseachán bliantúil, Museum Ireland.

Tuilleadh Eolais

Gina O’Kelly, Director
www.irishmuseums.org

facebook.com/IrishMuseumsAssociation
twitter.com/IrishMuseums

Léigh Tuilleadh

Galleyhead1 Featured

Iontaobhas Sainchomhartha na hÉireann

Is eagraíocht neamhbhrabúis í Sainchomhartha na hÉireann a aimsíonn airíonna suimiúla agus neamhghnácha a dteastaíonn caomhnú uathu, agus a thugann beatha nua dóibh.

Iontaobhas Sainchomhartha na hÉireann
Fulbright heritage council

Gradam Gairmithe Fulbright-na Comhairle Oidhreachta

Comhoibriú atá i gceist leis seo idir an Chomhairle Oidhreachta agus Coimisiún Fulbright a chuireann deis a chistítear go hiomlán ar fáil do Scoláirí agus Gairmithe Éireannacha a oibríonn san earnáil oidhreachta cultúrtha chun léachtóireacht nó taighde a dhéanamh ag institiúidí nó ag eagraíochtaí ardoideachais sna Stáit Aontaithe

Gradam Gairmithe Fulbright-na Comhairle Oidhreachta
Mg 6826

Maoin Ceann Tuí

Cuireann an leathanach seo eolas ar fáil maidir leis na rudaí éagsúla atá ar siúl faoi láthair d’úinéirí agus ceannaitheoirí maoine ceann tuí.

Maoin Ceann Tuí