
An Aeráid agus an Oidhreacht
Tá tionchair shuntasacha á n-imirt cheana féin ag athrú aeráide ar oidhreacht na hÉireann, agus tá sé ag bagairt ar thimpeallachtaí nádúrtha agus tógtha, anuas ar oidhreacht chultúir inláimhsithe agus dholáimhsithe.
2005 – ar aghaidh
Bunaithe ag an gComhairle Oidhreachta i 2005, is é ról an IWTN ná cabhrú le Bailte Múrtha na hÉireann a fheabhsú mar áiteanna cónaithe, mar áiteanna oibre agus mar áiteanna le teacht ar chuairt chucu.
Bunaithe ag an gComhairle Oidhreachta i 2005, is é ról an IWTN ná cabhrú le Bailte Múrtha na hÉireann a fheabhsú mar áiteanna cónaithe, mar áiteanna oibre agus mar áiteanna le teacht ar chuairt chucu.
Díríonn an IWTN ar iarrachtaí straitéiseacha na n-údarás áitiúil agus pobail a bhíonn baint acu le bailte múrtha stairiúla in Éirinn, a bhainistiú, a chaomhnú agus a fheabhsú Tá 29 ballbhailte suite ar fud na hÉireann sa líonra faoi láthair (ó Thuaidh agus Theas).
Is iad na ballbhailte atá againn ná Baile Átha an Rí, Baile Átha Luain, Baile Átha Í, Droichead na Bandan, Cill na Mallach, Cairlinn, Caisleán an Fhorgais, Carraig na Siúire, an Caiseal, Díseart Diarmada, Cluain Meala, Cathair Chorcaí, Doire, Droichead Átha, Cathair Bhaile Átha Cliath, Fiodh Ard, Cathair na Gaillimhe, Ceanannas, Baile Chill Dara, Cill Chainnigh, Cill Mocheallóg, Cathair Luimnigh, Baile Locha Riach, Ros Mhic Thriúin, Rinn Dúin, Baile Átha Troim, Cathair Phort Láirge, Baile Loch Garman agus Eochaill.
Is é an cur chuige atá againn ná dul i m bun oibre le pobail áitiúla agus iad a chumhachtú trí mhaoiniú, trí oiliúint agus trí threoir. Seo iad na ceithre phríomhbhealach ann a chabhraímid lenár mballbhailte.
Díríonn clár oideachais an IWTN ar chaomhnú, pleanáil/eacnamaíocht lár an bhaile, turasóireacht oidhreachta agus forbairt grúpaí pobail. Tá sé mar aidhm aige cabhrú le daoine cinntí níos fearr a dhéanamh faoina mbaile.
Thar na blianta trí go leor de na cur i láthair ag ár n-imeachtaí oideachais a thaifeadadh, tá an bailiúchán físeáin is mó ar domhan cruthaithe againn atá tiomanta d'athnuachan uirbeach na mbailte. Tá beagnach 100 cur i láthair ar fáil le féachaint orthu.
Tá leathanach gréasáin cruthaithe againn freisin atá tiomanta do chuidiú le daoine a mbaile nó a sráidbhaile a athnuachan. Eagraithe de réir topaicí ábhartha mar mhiondíol, turasóireacht agus caomhnú, soláthraíonn an leathanach naisc chuig foilseacháin ábhartha, láithreoireachtaí, deiseanna oideachais agus foinsí maoinithe.
Plean Gníomhaíochta Líonra Bhailte Múrtha na hÉireann 2024-2028
Trí oibriú i gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus pobail éagsúla inár 29 ballbhailte tá go leor bainte amach againn:
Is í féile mheánaoiseach Bhaile Locha Riach an imeacht saor in aisce is mó in Éirinn le téama meánaoiseach. Bunaithe in 2014, meallann sé thart ar 15,000 duine isteach sa bhaile. In Eochaill, Co. Chorcaí, meallann ócáid chomhchosúil suas le 8,000 duine gach bliain. In 2008, measadh i dtuarascáil KPMG gurbh é an tairbhe eacnamaíoch don bhaile ón lá amháin seo ná €480,000. Braitheann féilte Eochaill agus Bhaile Locha Riach ar chomhoibriú dlúth idir an pobal agus an t-údarás áitiúil le go n-éireoidh leo. Is é an IWTN príomh-mhaoinitheoir an dá imeacht. Chuireamar oiliúint ar fáil do na heagraithe freisin.
Thar ceithre Déardaoin i mí Lúnasa 2014, thug músaem aníos an oidhreacht go díreach do na daoine trína lonnú féin san áit is airde líon na ndaoine, díreach in aice le margadh seachtainiúil na bhfeirmeoirí. Trí sheandálaíocht a chomhcheangal le healaín, amharclann poiblí agus bia, d’oibrigh sé chun daoine a ghríosú faoi ábharthacht an ama a chuaigh thart. Iarracht a bhí Músaem Pop-up Chill Chainnigh féachaint an n-oibreodh tarraingt oidhreachta séasúrach a bhí íseal ar chaiteachas caipitil ach ard ar idirghníomhaíocht. D’éirigh sé I gceithre lá d'fhreastail 3,080 ann. Bhí an IWTN ina chomh-eagraí agus ina phríomh-mhaoinitheoir.
Chun níos mó a fhoghlaim faoi Mhúsaem Pop-up Chill Chainnigh cliceáil anseo agus téigh go dtí 6 nóiméad 10 soicind.
Baile Meánaoiseach Tréigthe Rinn Dúin
Is é Rinn Dúin i gCo. Ros Comáin an baile meánaoiseach tréigthe is fearr in Éirinn nó sa RA. Suite ar leithinis a ghobann isteach go Loch Rí tá bailiúchán mórthaibhseach d'iarsmaí meánaoiseacha sa láithreán. D'éirigh leis an bpobal áitiúil a bhí ag obair i gcomhpháirtíocht leis an IWTN agus gníomhaireachtaí eile mórán den mhéid a tháinig slán a shábháil. Chun cabhrú le loingseoireacht agus tuiscint a fháil, forbraíodh siúlóid agus suiteáladh comharthaí ateangaireachta. Ó líon an-íseal tarraingíonn an láithreán c.8,000 cuairteoir in aghaidh na bliana anois. Is é an IWTN príomh-mhaoinitheoir na n-oibreacha caomhantais. Rinneamar maoiniú agus dearadh ar léirmhíniú an tsuímh freisin.
Chun tuilleadh a fhoghlaim faoi thionscadal Rinn Dúin cliceáil anseo.
Is é an túr an chuid is suntasaí atá fós ann de bhalla cathrach meánaoiseach Chill Chainnigh. Go dtí le déanaí, bhí glaonna ann go ndéanfaí é a bhaint de bharr imní sláinte agus sábháilteachta. Mar sin féin, trí oibriú leis an údarás áitiúil ní hamháin gur shábháileamar é, d’éirigh linn páirc phóca a chruthú leis an túr ina chroílár. Anois oscailte agus taitneamh as ag muintir na háite agus turasóirí, tá an túr úsáid freisin mar ionad d'Fhéile Ealaíon Chill Chainnigh. Ba iad an IWTN an príomh-mhaoinitheoir ar chaomhnú an túr. Thacaíomar freisin le léirmhíniú an tsuímh.
Chun tuilleadh a fhoghlaim faoi thionscadal Túr an Talbóidigh cliceáil anseo.
Is tionscnamh ilghnéitheach é an Tionscadal Kick-Start chun bailte stairiúla a athnuachan. Tar éis próiseas iomaíoch, roghnaíodh Ceanannas i gCo. na Mí mar an treoir phíolótach. Don chéad uair, rinneadh caomhnú ar shócmhainní oidhreachta baile a chomhcheangal le feabhsú scileanna a mhiondíoltóirí agus plean athghiniúna faoi stiúir an phobail a chuimsigh an fearann poiblí, na healaíona, oidhreacht, pleanáil agus páirceáil, turasóireacht agus miondíol. Tá go leor obair chaomhnaithe aghaidheanna i lár an bhaile críochnaithe cheana féin Tá an plean athghiniúna déanta agus tá oiliúint ar siúl. Cheana féin, cheadaigh an scéim don phobal cistí breise a ghiaráil agus iad ag iarraidh Ceanannas a athnuachan.
Chun tuilleadh a fhoghlaim faoi thionscadal Cheananais Kick-Start cliceáil anseo.
Tá an IWTN ag cabhrú le Músaem Cathartha na Gaillimhe agus le Comhairle Cathrach na Gaillimhe ina gcuid iarrachtaí sciathán meánaoiseach nua a thógáil don mhúsaem a cheadóidh rochtain freisin ar bharr an Phóirse Spáinneach. Tá maoiniú curtha ar fáil againn do phlean caomhnaithe balla na cathrach, do phleananna coincheapa na sciathán nua agus do mheasúnú tionchair eacnamaíoch.
Thar roinnt blianta anuas, thacaigh an IWTN le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus le Baile Átha Cliath chun ardán idirghníomhach ar líne a chruthú ina mbeadh rochtain saor in aisce ar thaighde stairiúil ar chathair mhúrtha Bhaile Átha Cliath. Tá nasc díreach ag an suíomh láidir le curaclam bunscoile agus meánscoile. Ar fáil thar ghléasanna deisce agus soghluaiste, in 2016, bhí an crios foghlama ar an acmhainn gréasáin saor in aisce Uimh.1 is mó a dtugtar cuairt air in Éirinn i measc múinteoirí/daltaí bunscoile agus Uimh.2 i gcoibhéis meánscoile.
Chun cuairt a thabhairt ar an suíomh cliceáil anseo
Ar feadh cúig lá i mí na Samhna 2018, fuair 300 toscaire freagraí páirteacha ar a laghad ar na ceisteanna: conas a théann an tseandálaíocht i bhfeidhm go dearfach ar ár sochaí agus ár ngeilleagar? Agus ar an dara dul síos, conas a d'fhéadfaí é seo a dhoimhniú go hinbhuanaithe? Chuir cainteoirí as Éirinn, an RA, an tSualainn agus SAM araon eolas ar fáil do lucht éisteachta éagsúil agus spreag iad a d’fhreastail ar na 24 imeacht ar leith a bhí mar chuid de Dig. Seachas an phríomh-chomhdháil dhá lá, bhí turais, ceardlanna, taispeántais taifeadta digiteacha, díospóireachtaí painéil agus fiú léamh filíochta i dtúr meánaoiseach.
Ba chomhoibriú é Dig idir an Chomhairle Oidhreachta, An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, An Roinn Pobail TÉ, Fáilte Éireann, Institiúid Seandálaithe na hÉireann, Bonneagar Iompair Éireann, agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Ba é Líonra Bhailte Múrtha na hÉireann a rinne bainistiú ar an dtionscadal agus le tacaíocht a fháil ó Éire Ildánach
Cliceáil anseo le haghaidh ár leathanach gréasáin Do Bhaile nó do Shráidbhaile Stairiúl a athnuachan.
Nuachtlitir Líonra Bhailte Múrtha na hÉireann
Issue 1 December 2020
Issue 2 March 2021
Struchtúr Bainistíochta agus Foirne
Ní ón mbarr anuas é an Líonra Bhailte Múrtha na hÉireann. Maríonn sé chun cuidiú lena mbaill. Tá imeachtaí an líónra faoi smacht coiste stiútha. Tagann ionadaí an coiste ón Roinn Turasóireachta, Cúltúr, Ealaín, Gaeltachta, Spóirt agus Meán; An Roinn Pobail ó Tuaisceart Éireann; an Comhairle Oidhreachta agus roinnt baillte atá mar baill den líónta. Tá maoirseacht agus rialachas cuirthe ar fáil ag an Comhairle Oidhreachta. Is é an Comhairle Oidhreachta atá ag reáchtáil cursaí airgeadas chomh maith. Cuireann an bainisteoir lán aimsire cinntí an coiste i bhfeidhm. Is í Róisín Burke an Bainisteoir Tionscadail faoi láithir
Tuile eolais agus sonraí teagmhála
Teigh chuig suíomh gréasáin an LBMnahÉ chun tuile eolais a fháil faoi na mbailte atá mar baill.
Lean muid ar Facebook agus Twitter chun conneáil lenár himeachtaí
Tá an Líonra Bhailte Múrtha na hÉireann comhordaithe ag Eimear O Connell Ríomhphoist:iwtn@heritagecouncil.ie
Tá tionchair shuntasacha á n-imirt cheana féin ag athrú aeráide ar oidhreacht na hÉireann, agus tá sé ag bagairt ar thimpeallachtaí nádúrtha agus tógtha, anuas ar oidhreacht chultúir inláimhsithe agus dholáimhsithe.
Tacú le tionscadail chomhoibríocha a dhéanann measúnú ar fheidhmeanna, ar phointí díola uathúla, ar cháilíocht spásanna poiblí agus ar shainchomharthaí tíre cathartha i mbailte stairiúla d’fhonn pleananna físiúla a cheapadh agus a fhorbairt dá bhforbairt amach anseo.
A Heritage Council Conference