Clár Líonraí Oidhreachta an Oileáin Chomhroinnte
Is clár cúig bliana é Clár Líonraí Oidhreachta an Oileáin Chomhroinnte, faoi stiúir na Comhairle Oidhreachta agus á mhaoiniú trí Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte.
Leagtar amach i Straitéis Oidhreachta na dTaistealaithe seo tiomantas na Comhairle Oidhreachta d’aithint, caomhnú agus ceiliúradh oidhreachta cultúrtha phobal na dTaistealaithe in Éirinn.
Leagtar amach i Straitéis Oidhreachta na dTaistealaithe seo tiomantas na Comhairle Oidhreachta d’aithint, caomhnú agus ceiliúradh oidhreachta cultúrtha phobal na dTaistealaithe in Éirinn.
Ba mhórthréimhse shuntasach i sochaí na hÉireann é aitheantas foirmiúil Stát na hÉireann ar eitneacht na dTaistealaithe in 2017, rud a dhaingnigh oidhreacht chultúrtha agus féiniúlacht uathúil Thaistealaithe na hÉireann.
Leagtar amach i Straitéis Oidhreachta na dTaistealaithe seo tiomantas na Comhairle Oidhreachta d’aithint, caomhnú agus ceiliúradh oidhreachta cultúrtha phobal na dTaistealaithe in Éirinn.
Tá oidhreacht na dTaistealaithe thar a bheith luachmhar. Tá luach domhain intreach aige i measc Thaistealaithe na hÉireann agus is cuid dhílis d’fhéiniúlacht náisiúnta na hÉireann é. Cuimsítear in oidhreacht na dTaistealaithe go leor léirithe éagsúla agus uathúla a cuireadh ar aghaidh trí na glúnta. Táthar ag tacú agus ag gníomhú leis na blianta fada leis na Taistealaithe ar mhaithe le haitheantas cultúrtha agus comhionannas, lena n-aithnítear féiniúlacht eitneach ar leith an phobail agus an ról riachtanach a imríonn an oidhreacht i gcothú bróid, muintearais agus measa.
Tá an Chomhairle Oidhreachta, faoi stiúir Ghrúpa Oibre Straitéis Oidhreachta na dTaistealaithe, tar éis an straitéis seo a fhorbairt chun freagairt don easpa infheistíochta spriocdhírithe i gcultúr agus oidhreacht na dTaistealaithe. Tá sé mar aidhm aige oidhreacht na dTaistealaithe a chosaint agus a chur chun cinn trí chur chuige cuimsitheach, ionchuimsitheach agus íogair ó thaobh cultúir de, a chuireann guthanna agus taithí na dTaistealaithe i gcroílár an phróisis.
Tá an straitéis seo bunaithe ar mhodheolaíocht chomhdheartha ina léirítear meas ar an éagsúlacht laistigh de phobal na dTaistealaithe agus a fhéachann le spásanna sábháilte measúla a chruthú le haghaidh plé agus rannpháirtíochta. Forbraíodh an straitéis seo trí ionchur ó Ghrúpa Oibre Straitéis Oidhreachta na dTaistealaithe faoi stiúir Taistealaithe, a raibh ionadaithe ann ó na ceithre phríomhchomhlacht náisiúnta ionadaíocha (Gluaiseacht Taistealaithe na hÉireann, Ionad Taistealaithe agus Romach Pavee Point, an Fóram Náisiúnta do Thaistealaithe Mná, Minceirs Whidden), chomh maith le sé eagraíocht Taistealaithe eile agus ionadaithe. Rinneadh ionadaíocht freisin ar an ngrúpa oibre seo don Chomhairle Oidhreachta agus an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, a dhéanann maoirseacht ar chur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta um Ionchuimsiú an Lucht Siúil agus na Romach II 2024-2028 (NTRIS II). Chuir an grúpa oibre comhairliúchán náisiúnta ar siúl chun bonn eolais a chur faoin straitéis seo.
Athdhearbhaíonn an Chomhairle Oidhreachta a tiomantas tríd an straitéis seo do bheith ag obair i gcomhpháirt le pobal na dTaistealaithe agus le heagraíochtaí Taistealaithe chun a chinntiú ní hamháin go n-aithnítear agus go gcaomhnaítear oidhreacht na dTaistealaithe, ach go gceiliúrtar í freisin mar chuid bhunúsach agus bheo de thírdhreach cultúrtha comhroinnte na hÉireann.
Fís
Éire ina léirítear meas agus luach iomlán ar phobal na dTaistealaithe agus ina dtacaítear go hiomlán leo mar chuid lárnach de chreatlach chultúrtha ilghnéitheach an náisiúin, agus ina gcinntítear caomhnú, leanúnachas agus ceiliúradh oidhreacht na dTaistealaithe agus chearta cultúrtha na dTaistealaithe.
Gealltanais Straitéiseacha
Buíochas
Tá an Chomhairle Oidhreachta an-bhuíoch de bhaill an ghrúpa oibre, faoi cheannaireacht Thionólaí an Ghrúpa Oibre, Owen Patrick Ward, as a gcuid ama, saineolais agus ionchuir.
Gné thábhachtach chun comhdhearadh na straitéise seo a chinntiú ba ea comhairliúchán náisiúnta a rinneadh in 2024/25. Tá sé an-tábhachtach go bhfuil an straitéis seo faoi stiúir an phobail, agus dá bhrí sin aithnímid go buíoch flaithiúlacht agus macántacht na mball den phobal Taistealaithe a ghlac páirt sa phróiseas comhairliúcháin.
Gabhaimid buíochas freisin le Exchange House Ireland, Gluaiseacht Taistealaithe na hÉireann, Mincéirs Whiden, an Fóram Náisiúnta do Thaistealaithe Mná, Ionad Taistealaithe agus Romach Pavee Point agus Ionad Forbartha Taistealaithe agus Idirchultúrtha an Iarthair a ghníomhaigh mar chomheagraithe agus mar óstaigh ar na himeachtaí comhairliúcháin.
Léigh an straitéis thíos.
Is clár cúig bliana é Clár Líonraí Oidhreachta an Oileáin Chomhroinnte, faoi stiúir na Comhairle Oidhreachta agus á mhaoiniú trí Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte.
The Heritage Council has established a Working Group to guide the development of a Framework for Museums and Galleries in Ireland.
Is carthanas tírdhreacha é Iontaobhas Burrenbeo atá tiomanta do gach duine againn a nascadh lenár n-áiteanna agus ár ról ag tabhairt aire dóibh.