Hedgerow Website 7

Seachtain Náisiúnta na bhFálta Sceach 2025

Comhpháirtíocht idir Teagasc agus an Chomhairle Oidhreachta í Seachtain Náisiúnta na bhFálta Sceach. Tá de chuspóir ag an tseachtain feasacht a mhúscailt ar thábhacht fálta don talmhaíocht, don bhithéagsúlacht agus don aeráid.

Comhpháirtíocht idir Teagasc agus an Chomhairle Oidhreachta í Seachtain Náisiúnta na bhFálta Sceach. Tá de chuspóir ag an tseachtain feasacht a mhúscailt ar thábhacht fálta don talmhaíocht, don bhithéagsúlacht agus don aeráid.

Beidh an tseachtain ar siúl ó Dé hAoine, an 29 Lúnasa go dtí Dé Domhnaigh, an 7 Meán Fómhair 2025.

Is féidir freastal ar imeachtaí saor in aisce agus tá fáilte roimh gach duine. Tá na himeachtaí a bheidh ar siúl don tseachtain eagraithe ag Teagasc, Oifigigh Oidhreachta agus Bhithéagsúlachta in Údaráis Áitiúla agus eagraíochtaí eile.

Tá gach imeacht oiriúnach d’fheirmeoirí, conraitheoirí agus daoine eile.

Clár Imeachtaí


Dé hAoine, an 29 Lúnasa

Seimineár Gréasáin Fógartha na gClár (The Signpost Series) | 9:30am – 10.30am | ar líne

Seolfar Seachtain Náisiúnta na bhFálta Sceach i rith an tseimineáir gréasáin. Pléifear ann straitéis bearrtha fál d’fheirmeoirí agus beidh na haoichainteoirí an Dr Catherine Keena, Teagasc agus Meadhbh Bolger, an Chomhairle Oidhreachta, i láthair.

Cláraigh do Sheimineár Gréasáin Fógartha na gClár i rith Sheachtain na bhFálta Sceach

Déardaoin, an 4 Meán Fómhair

Bearradh Fál do Chonraitheoirí | 11am – 2pm | Contae Chill Chainnigh

Bí linn in Teagasc, Coláiste Talmhaíochta Chill an Dátúnaigh, Baile an Phoill, Contae Chill Chainnigh, E32 YW08 fad a chuirfimid taispeántas ar siúl ar fhálta sceach a chur agus ar bhainistiú dea-chleachtais a dhéanamh ar fhálta sceach bearrtha agus crannteorann.

Dé hAoine, an 5 Meán Fómhair

Seimineár Gréasáin Fógartha na gClár (The Signpost Series) | 9:30am – 10.30am | ar líne

Seimineár gréasáin do chonraitheoirí bearrtha fál. Beidh Francis Quigley, Speisialtóir Innealra, Teagasc, páirteach sa seimineár gréasáin chun plé a dhéanamh ar bhearradh fál níos fearr.

Cláraigh do Sheimineár Gréasáin Fógartha na gClár i rith Sheachtain na bhFálta Sceach

Dé Domhnaigh, an 7 Meán Fómhair

Imeacht i bpearsan, Contae Loch Garman

Eagróidh an tOifigeach Bithéagsúlachta Údaráis Áitiúil Claire Goodwin imeacht fálta sceach i gContae Loch Garman. Cuirfear níos mó sonraí ar fáil go luath.

Léigh Tuilleadh

K

Traveller Heritage Strategy 2026-2030

This Traveller Heritage Strategy sets out the Heritage Council's commitment to recognising, preserving and celebrating the cultural heritage of the Traveller community in Ireland.

Traveller Heritage Strategy 2026-2030
Community Charter Image 002

Cairt Phobail Bhoirne

Leagann Cairt Phobail Bhoirne fís amach don Bhoirinn ina bhfuil ardchaighdeán beatha ag cách.

Cairt Phobail Bhoirne
Biodiversity officers

An Clár Oifigigh Bhithéagsúlachta Údaráis Áitiúil

Oibríonn Oifigigh Bhithéagsúlachta Údaráis Áitiúil ar leibhéal cathrach agus contae agus bailíonn siad sonraí faoi bhithéagsúlacht agus tugann siad faoi thionscadail chaomhnaithe, forbraíonn siad beartas, soláthraíonn siad comhairle agus eolas agus músclaíonn siad feasacht.

An Clár Oifigigh Bhithéagsúlachta Údaráis Áitiúil