Fulbright heritage council

Gradam Gairmithe Fulbright-na Comhairle Oidhreachta

Comhoibriú atá i gceist leis seo idir an Chomhairle Oidhreachta agus Coimisiún Fulbright a chuireann deis a chistítear go hiomlán ar fáil do Scoláirí agus Gairmithe Éireannacha a oibríonn san earnáil oidhreachta cultúrtha chun léachtóireacht nó taighde a dhéanamh ag institiúidí nó ag eagraíochtaí ardoideachais sna Stáit Aontaithe

Comhoibriú atá i gceist leis seo idir an Chomhairle Oidhreachta agus Coimisiún Fulbright a chuireann deis a chistítear go hiomlán ar fáil do Scoláirí agus Gairmithe Éireannacha a oibríonn san earnáil oidhreachta cultúrtha chun léachtóireacht nó taighde a dhéanamh ag institiúidí nó ag eagraíochtaí ardoideachais sna Stáit Aontaithe

Comhoibriú atá i gceist leis seo idir an Chomhairle Oidhreachta agus Coimisiún Fulbright a chuireann deis a chistítear go hiomlán ar fáil do Scoláirí agus Gairmithe Éireannacha a oibríonn san earnáil oidhreachta cultúrtha chun léachtóireacht nó taighde a dhéanamh ag institiúidí nó ag eagraíochtaí ardoideachais sna Stáit Aontaithe.

Cuireann Gradam Gairmithe Fulbright-na Comhairle Oidhreachta deis uathúil a chisítear go hiomlán ar fáil do scoláirí agus do ghairmithe Éireannach a bhfuil ar a laghad taithí iarcháilíochta cúig bliana acu nó a bhfuil PhD/Dochtúireacht Ghairmiúil bainte amach acu in oidhreacht chultúrtha, chun staidéar nó taighde a dhéanamh nó teagasc i measc na saineolaithe is fearr ag institiúidí sna Stáit Aontaithe.

Tá an gradam mór le rá seo ceaptha tacú le daoine aonair a oibríonn i bpríomhlimistéir cosúil le:

  • Cleachtas Músaeim
  • Cleachtas Cartlainne
  • Caomhnú Digiteach
  • Caomhnú Scileanna Traidisiúnta
  • Caomhnú Ábhar
  • Saol na Tuaithe agus Stair Bhéil

Is féidir le hiarrthóirí a rogha institiúid óstaigh sna Stáit Aontaithe a roghnú agus caithfidh gur féidir leo ar a laghad ceithre mhí agus cúig mhí, ar a fhaide, a chaitheamh sna Stáit Aontaithe. Tabharfar tús áite dóibh siúd nach bhfuil taithí fhairsing acu cheana féin sna Stáit Aontaithe.

Tairbhí an Ghradaim

Is é misean an ghradaim comhpháirtíochtaí idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe a threisiú agus leagtar béim i gClár Fulbright ar rannpháirtíocht chultúrtha, ar chomhoibriú, agus ar cheangail fhadtéarmacha.

Gheobhaidh iarrthóirí a roghnaítear an méid seo a leanas:

  • Stipinn airgeadaíochta
  • Costais taistil
  • Árachas timpistí agus éigeandála
  • Tacaíocht víosa
  • Rannpháirtíocht i gcláir chultúrtha agus ghairmiúla
  • Teacht ar líonra gairmiúil fairsing idirnáisiúnta

Cuireann an gradam seo deis ar fáil uair amháin sa saol do ghairmithe chun barr feabhais a chur ar a saineolas agus iad ag cur le heolas domhanda a mhalartú ag an am céanna.

Conas Iarratas a Dhéanamh

Tá iarratais ar oscailt anois.

Is féidir le hiarrthóirí ar spéis leo teacht ar an gcur síos iomlán ar choinníollacha an Ghradaim agus ar chritéir cháilitheachta agus ar an iarratas ar líne ag an nasc thíos. Is é an spriocdháta d’iarratais an 31 Deireadh Fómhair 2024 ag 4 PM.

Déan Iarratas Anois

Léigh Tuilleadh

Burren Life

High Nature Value Services (HNVS)

Tá an HNVS freagrach as Clár na Boirne a riar, scéim agra-chomhshaoil a chuireann caomhnú oidhreachta, timpeallachta agus pobail an réigiúin chun cinn.

High Nature Value Services (HNVS)
Hedgerow Week 2025 813 x 430 px

Seachtain Náisiúnta na bhFálta Sceach 2025

Comhpháirtíocht idir Teagasc agus an Chomhairle Oidhreachta í Seachtain Náisiúnta na bhFálta Sceach. Tá de chuspóir ag an tseachtain feasacht a mhúscailt ar thábhacht fálta don talmhaíocht, don bhithéagsúlacht agus don aeráid.

Seachtain Náisiúnta na bhFálta Sceach 2025
Burrenbeo Image 002

Iontaobhas Burrenbeo

Is carthanas tírdhreacha é Iontaobhas Burrenbeo atá tiomanta do gach duine againn a nascadh lenár n-áiteanna agus ár ról ag tabhairt aire dóibh.

Iontaobhas Burrenbeo