Riarthóir Tionscadail na nGradam Gailearaithe, Leabharlann, Cartlann agus Músaem (GLAM) – Oifigeach Feidhmiúcháin (Conradh Téarma Shocraithe Dhá Bhliain)

Ag obair dó/di i ndlúthchomhar leis an bhfoireann oidhreachta cultúrtha atá ann cheana laistigh de rannóg Taighde, Foghlama agus Oidhreachta Cultúrtha na Comhairle Oidhreachta, tuairisceoidh an Riarthóir Tionscadail GLAM go díreach don Bhainisteoir um Chlár Gradam GLAM. Éilítear sa ról cumas láidir riaracháin, sárscileanna cumarsáide, agus cumas chun roinnt tascanna a bhainistiú ag an aon am amháin, go háirithe maidir le comhordú imeachtaí, le feidhmeanna rúnaíochta, le riarachán deontas, agus le tacaíocht cumarsáide.

Áit Oibre

Is í ceanncheathrú na Comhairle Oidhreachta ag Áras na hOidhreachta, Lána an Teampaill, Cill Chainnigh, a bheidh san áit oibre. Agus an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht oibre is saoil á haithint aici, tacaíonn an eagraíocht le raon roghanna solúbtha, lena n-áirítear obair chumaisc agus amanna tosaigh agus críochnaithe solúbtha.

Conas Iarratas a Dhéanamh

Chun iarratas a dhéanamh, seol litir chumhdaigh (nach mó ná dhá leathanach) chuig Kayleigh Greene ag kayleigh@excelrecruitment.com, agus teideal an róil luaite i líne an ábhair, agus tú ag leagan amach cén fáth a bhfuil spéis agat sa deis agus conas, dar leat, a chomhlíonann do chuid scileanna, eolais agus taithí ceanglais an róil. Ceangail curriculum vitae (CV) cuimsitheach freisin ina léirítear go soiléir na héachtaí agus an taithí ábhartha i do ghairm go dtí seo.

Ceisteanna/Tuilleadh Faisnéise

Má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait nó más mian leat plé rúnda a shocrú maidir leis an deis, seol ríomhphost chuig kayleigh@excelrecruitment.com

Dáta Deiridh

Tabhair faoi deara gurb é an 29 Bealtaine 2026 an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais. Ní bhreithneofar aon iarratais a gheofar tar éis an dáta agus ama deiridh.