Líonraí Oidhreachta Oileáin Chomhroinnte
Tá an Chomhairle Oidhreachta ag bunú líonra gairmiúil nua uile-oileáin don oidhreacht údaráis áitiúil.
Tá an Chomhairle Oidhreachta ag bunú líonra gairmiúil nua uile-oileáin don oidhreacht údaráis áitiúil, agus í ag cur leis an tsamhail láithreach Oifigeach Oidhreachta agus ag leathnú na samhla sin ina caidreamh struchtúrtha marthanach le comhairlí ceantair i dTuaisceart Éireann den chéad uair riamh. Is é/í an Bainisteoir Cláir a threoróidh an obair sin.
Tá cleachtas oidhreachta, obair áitbhunaithe pobail agus comhpháirtíocht chasta trasdlínse i gceist leis an ról. Teastaíonn ón ról duine a thuigeann conas a oibríonn údaráis áitiúla ó thuaidh agus ó dheas, atá in ann caidrimh a thógáil le comhpháirtithe a oibríonn i dtimpeallachtaí difriúla rialachais agus cistiúcháin, agus a shealbhaíonn an taithí bainistíochta cláir is gá chun tionscnamh substaintiúil a threorú ón tráth a dhearfar é chuig an tráth a sholáthrófar é.
Tá an clár Líonraí Oidhreachta Áitiúla Oileáin Chomhroinnte á chistiú trí thionscnamh Oileáin Chomhroinnte Rialtas na hÉireann agus beidh sé ar siúl ón mbliain 2026 go dtí an bhliain 2030, agus buiséad iomlán €3 mhilliún aige. Is ar an mBainisteoir Cláir a bheidh an phríomhfhreagracht as gnéithe uile-oileáin agus trasteorann: caidreamh a dhéanamh le comhairlí ceantair i dTuaisceart Éireann, Fóram Oifigeach Oidhreachta Oileáin Chomhroinnte a bhunú agus a riar, sásra cistiúcháin chomhoibríoch a bhainistiú, agus cur chuige nua uile-oileáin a mhúnlú i leith oiliúna agus i leith forbairt ghairmiúil.
Oibreoidh an ról go dlúth leis an Oifigeach Idirchaidrimh Údaráis Áitiúil, a threoraíonn clár Ceangal na Comhairle Oidhreachta in Éirinn, agus gheobhaidh sé tacaíocht ó Oifigeach Feidhmiúcháin tiomnaithe a thugann tacaíocht oibríochtúil agus lóistíochúil ar fud an dá shnáithe den chlár.
Áit Oibre
Is í ceanncheathrú na Comhairle Oidhreachta ag Áras na hOidhreachta, Lána an Teampaill, Cill Chainnigh, a bheidh san áit oibre. Agus an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht oibre is saoil á haithint aici, tacaíonn an eagraíocht le raon roghanna solúbtha, lena n-áirítear obair chumaisc agus amanna tosaigh agus críochnaithe solúbtha.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Chun iarratas a dhéanamh, seol litir chumhdaigh (nach mó ná dhá leathanach) chuig Kayleigh Greene ag Kayleigh@excelrecruitment.com agus teideal an róil luaite i líne an ábhair, agus tú ag leagan amach cén fáth a bhfuil spéis agat sa deis agus conas, dar leat, a chomhlíonann do chuid scileanna, eolais agus taithí ceanglais an róil. Ceangail curriculum vitae (CV) cuimsitheach freisin ina léirítear go soiléir na héachtaí agus an taithí ábhartha i do ghairm go dtí seo.
Ceisteanna/Tuilleadh Faisnéise
Má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait nó más mian leat plé rúnda a shocrú maidir leis an deis, seol ríomhphost chuig Kayleigh@excelrecruitment.com.
Dáta Deiridh
Tabhair faoi deara gurb é an 29 Aibreán 2026 an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais. Ní bhreithneofar aon iarratais a gheofar tar éis an dáta agus ama deiridh.