Galleyhead1 Featured

Iontaobhas Sainchomhartha na hÉireann

Is eagraíocht neamhbhrabúis í Sainchomhartha na hÉireann a aimsíonn airíonna suimiúla agus neamhghnácha a dteastaíonn caomhnú uathu, agus a thugann beatha nua dóibh.

Is eagraíocht neamhbhrabúis í Sainchomhartha na hÉireann a aimsíonn airíonna suimiúla agus neamhghnácha a dteastaíonn caomhnú uathu, agus a thugann beatha nua dóibh.

Ó 1992, tá Iontaobhas Sainchomhartha na hÉireann ag déanamh lóistín saoire féinfhreastail fíor-speisialta ar fhoirgnimh stairiúla. Tá raon áitribh acu ó thithe solais agus thithe scoile, go caisleáin agus lóistí geata.

Mar charthanacht oideachais, is é príomhaidhm na heagraíochta ná foirgnimh íocónacha a chaomhnú agus a chothú. Sin an fáth gur foirgnimh bheo iad áitribh Shainchomhartha na hÉireann, ní láithreáin músaeim iad. Bíonn meas i gcónaí ag Sainchomhartha na hÉireann ar stair agus ar shláine ailtireachta na struchtúr a chaomhnaíonn muid, ach cinntímid freisin go bhfuil na sólás comhaimseartha ar fad atá uait i dteach saoire acu.

Éascaíonn maoiniú ón gComhairle Oidhreachta d’Iontaobhas Sainchomhartha na hÉireann foirgnimh atá mar chuid d’oidhreacht thógtha na hÉireann a shábháil, a roinnt agus a chothú; agus trí sin a dhéanamh chun feasacht, léirthuiscint agus tuiscint ar luach na hoidhreachta tógtha a chruthú

Tuilleadh eolais

www.irishlandmark.com

www.facebook.com/theirishlandmarktrust

twitter.com/IrishLandmark

www.instagram.com/irishlandmarktrust

Léigh Tuilleadh

Mg 6826

Maoin Ceann Tuí

Cuireann an leathanach seo eolas ar fáil maidir leis na rudaí éagsúla atá ar siúl faoi láthair d’úinéirí agus ceannaitheoirí maoine ceann tuí.

Maoin Ceann Tuí
Wetlands Slide 5

Gnáthóga Puffin Rock

Tionscadal oideachais idir an Chomhairle Oidhreachta agus Cartoon Saloon é Puffin Rock Habitats le feasacht agus tuiscint níos mó ar dhúlra agus ar bhithéagsúlacht na hÉireann a chur chun cinn i measc teaghlach ina bhfuil leanaí óga, trí thaispeántas taistil, ceardlanna agus leabhar gníomhaíochta.

Gnáthóga Puffin Rock