Scéim Deontais Oidhreachta Pobail 2025
Maoiniú ar fáil anois do thionscadail oidhreachta.
Tá an Chomhairle Oidhreachta ag glacadh le hiarratais anois ó ghrúpaí deonacha agus ó ghrúpaí pobail agus ó eagraíochtaí seachbhrabúsacha néamhrialtasacha timpeall na tíre dá Scéim Deontais Oidhreachta Pobail 2025.
Tá réimse leathan tionscadal incháilithe do mhaoiniú faoin scéim, lena n-áirítear:
- Oibreacha caomhnaithe ar bhailiúcháin, ar rudaí nó ar áiteanna, lena n-áirítear tionscadail oidhreachta nádúrtha e.g. speicis ionracha a rialú nó oibreacha athchóirithe ar ghnáthóga; oibreacha caomhnaithe ar fhoirgnimh, lena n-áirítear séipéil; oibreacha daingnithe ar fhothraigh;
- Suirbhéanna, tuarascálacha, pleananna agus iniúchtaí lena gcuirfear bonn eolais faoi bhainistiú foirgneamh agus séadchomharthaí, gnáthóg, bailiúchán nó rudaí eile amach anseo.
- Athruithe ar fhoirgnimh agus ar ionaid atá suntasach ó thaobh ailtireachta agus oidhreachta de, chun inrochtaineacht a fheabhsú do dhaoine faoi mhíchumas e.g. rampaí, doirse uathoibríocha, lámhráillí a thógáil nó seirbhísí ateangaireachta tadhaill a chur ar fáil.
- Tionscadail a chuidíonn le daoine a bheith níos rannpháirtí ina n-oidhreacht e.g. léarscáileanna idirghníomhacha, físeáin, taispeántais fhíorúla, podchraoltaí, suíomhanna gréasáin
- Saintrealamh nó sainrudaí a cheannach a thacaíonn le caomhnú nó a fheabhsaíonn rochtain ar oidhreacht e.g. boscaí cartlainne do cháipéisí leochaileacha, trealamh monatóireachta le haghaidh bogthaise nó solais, trealamh léirmhínithe/ilmheán, bogearraí speisialaithe
- Tionscadail a bhaineann le hoidhreacht ghrúpaí mionlaigh e.g. tionscadal staire ó bhéal ina dtugtar léargas ar oidhreacht an Lucht Siúil
- Ceardlanna agus imeachtaí traenála ina ndírítear ar fhorbairt scileanna e.g. traenáil ar thopaicí amhail scileanna tógála traidisiúnta, taifeadadh reilige, taifeadadh staire ó bhéal agus caomhnú na bithéagsúlachta, amhail plandú a thacaíonn le pailneoirí agus gnáthóga na speiceas i mbaol a rialú.
Is é €500 an t-íosmhéid deontais ar féidir cur isteach air tríd an scéim. Is é €25,000 an t-uasmhéid.
Léiríonn raon leathan na n-iarratasóirí a d’éirigh leo maoiniú a fháil in 2024 an dea-thionchar a bhí ag an scéim ar réimse na hoidhreachta. Féadtar teacht ar liosta iomlán na dtionscadal ar cuireadh maoiniú ar fáil dóibh anuraidh ag an nasc seo.
Tá achoimre iomlán ar na critéir cháilitheachta agus sonraí ábhartha eile ar fáil ag an nasc seo.
Is é Dé hAoine an 14 Márta 2025 ag 11.30i.n. an spriocdháta d’iarratais. Ní mór iarratais a dhéanamh trí córas deontas ar líne na Comhairle Oidhreachta. Ní mór go mbeadh tionscadail a mbeidh maoiniú curtha ar fáil dóibh curtha i gcrích faoin 14 Samhain 2025.
Reáchtálfaidh an Chomhairle Oidhreachta seimineár gréasáin eolais faoin scéim ar Zoom ar uair an mheán lae an 7 Feabhra ina gcuirfear eolas ginearálta faoi iarratais ar fáil chomh maith le seisiún ‘ceist & freagra’. Déanfar an t-imeacht a thaifeadadh agus beifear in ann breathnú air ina dhiaidh sin ar ár suíomh gréasáin. Cláirigh anseo.