An Scéim Deontais Oidhreachta Pobail 2027

Tá áthas ar an gComhairle Oidhreachta a fhógairt go n-osclófar Léirithe Spéise (EOIanna) don Scéim Deontais Oidhreachta Pobail 2027 an 18 Meán Fómhair 2026.

Tá áthas ar an gComhairle Oidhreachta a fhógairt go n-osclófar Léirithe Spéise (EOIanna) don Scéim Deontais Oidhreachta Pobail 2027 an 18 Meán Fómhair 2026.

Tugtar cuireadh do ghrúpaí pobail agus deonacha agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha tosú ag ullmhú a n-iarratas don deis nua mhaoinithe seo, a thacaíonn le tionscadail a chosnaíonn, a chaomhnaíonn, a cheiliúrann, a thuigeann agus a roinneann oidhreacht na hÉireann

Próiseas Iarratais Dhá Chéim Nua

Tabharfar próiseas iarratais dhá chéim nua isteach sa scéim don bhliain 2027:

Céim 1: Léiriú Spéise (EOI) Cuireann iarratasóirí cuntas gearr isteach ar a smaoineamh tionscadail, ar an oidhreacht atá i gceist, ar an ngá atá leis an tionscadal, ar na tairbhí pobail a bhaineann leis agus ar an gcaoi a bhfuil sé ag teacht le ceann de théamaí na scéime. Ní gá buiséid mhionsonraithe, luachana ná doiciméid tacaíochta a chur ar fáil ag an gcéim seo.

Céim 2: Iarratas Iomlán Tabharfar cuireadh d’iarratasóirí a n-éiríonn leo ag Céim 1 chun iarratas iomlán a sheoladh ar aghaidh ina bhfuil eolas mionsonraithe tionscadail agus cáipéisíocht tacaíochta.
Cén fáth a ndearnadh an t-athrú?

Tá an próiseas nua dhá chéim ceaptha an próiseas iarratais a dhéanamh níos éasca ar ghrúpaí agus eagraíochtaí neamhbhrabúsacha. Ag céim an Léirithe Spéise, is féidir le hiarratasóirí cuntas ar a smaoineamh tionscadail a chur isteach gan gá buiséid mhionsonraithe, luachana ná doiciméid tacaíochta a ullmhú ag an tús. Cabhraíonn sé seo le grúpaí smaointe tionscadail a fhiosrú agus aiseolas a fháil sula gcaitheann siad am ar iarratas iomlán a ullmhú.

Cáipéisí Treorach na Scéime

Chun tacú le hiarratasóirí tríd an bpróiseas nua dhá chéim, tá sraith doiciméad treorach forbartha againn, treoir mhionsonraithe san áireamh maidir leis na téamaí agus doiciméad tiomnaithe Treorach don Fhoirm Léirithe Spéise ina bhfuil ceisteanna an iarratais ar líne, freagraí samplacha agus leideanna praiticiúla chun Léiriú Spéise láidir a ullmhú.

• An Scéim Deontais Oidhreachta Pobail 2027 – Treoir Ghinearálta

• Treoir maidir le hIarratas ar Léiriú Spéise

• Treoir maidir leis an Téama Oidhreacht i mBaol

• Treoir maidir leis an Téama Athchóiriú Bithéagsúlachta agus Dúlra

• Treoir maidir leis an Téama Scileanna Traidisiúnta agus Caomhnú

• Treoir maidir leis an Téama Oidhreacht, Rochtain agus Scéalaíocht Dhigiteach

• Treoir maidir leis an Téama Éagsúlacht, Cothroime agus Ionchuimsiú

• Treoir maidir le Gníomhú ar son na hAeráide agus Teacht Aniar Aeráide

• Seicliosta chun do thionscadal digitithe a phleanáil

• Ceisteanna Coitianta

Maoiniú atá ar Fáil
• Deontas íosta: €800
• Deontas uasta: €25,000
• Ceaptar gur idir €10,000 agus €25,000 a bheidh formhór na ndeontas

Téamaí na Scéime
Caithfidh iarratasóirí príomhthéama amháin a roghnú:
• Oidhreacht i mBaol
• Athchóiriú Bithéagsúlachta agus Dúlra
• Scileanna Traidisiúnta agus Caomhnú
• Oidhreacht, Rochtain agus Scéalaíocht Dhigiteach
• Éagsúlacht, Cothroime agus Ionchuimsiú
Príomhdhátaí
• Osclófar Léiriú Spéise: 18 Meán Fómhair 2026
• Spriocdháta do Léiriú Spéise: 16 Deireadh Fómhair 2026 ag 5.00pm
• Torthaí Chéim 1: Go luath i Samhain 2026
• Spriocdháta d’Iarratais Iomlána (iarratasóirí a cuireadh ar an ngearrliosta amháin): 15 Eanáir 2027 ag 5pm.

Déan Iarratas ar Líne

Caithfear iarratais a sheoladh trí Chóras Deontas ar Líne na Comhairle Oidhreachta. Ní féidir glacadh le hiarratais ar ríomhphost ná sa phost.
Cinntigh go seoltar do Léiriú Spéise roimh an spriocdháta, mar gheall nach féidir glacadh le hiarratais dhéanacha.
Chun teacht ar shonraí iomlána, critéir cháilitheachta agus treoir, léigh treoirlínte na scéime agus na nótaí treorach maidir leis na téamaí sula ndéanann tú iarratas.

Chun teacht ar eolas breise, déan teagmháil le grants@heritagecouncil.ie.
Acmhainní áisiúla do thionscadail oidhreachta.

Tá an liosta acmhainní seo curtha le chéile againn agus tá súil againn go mbeidh siad áisiúil duit agus do thionscadal oidhreachta á phleanáil agus á fhorbairt agat. Cuirtear smaointe ar fáil iontu chun tionscadal a chur chun cinn, do rochtain agus d’ionchuimsiú, chomh maith le comhairle agus treoir mhaith faoi oidhreacht etc.

Seimineáir Ghréasáin Eolais