Fálta Sceach na hÉireann a Cheiliúradh: Fógraíodh Seachtain na bhFálta Sceach 2025

Nuacht

Tá Seachtain Náisiúnta na bhFálta Sceach 2025 á seoladh ag Teagasc agus an Chomhairle Oidhreachta inniu, Dé hAoine, an 22 Lúnasa - ar tionscnamh é le feasacht a mhúscailt ar luach fálta sceach inár dtírdhreacha – ina gcuirfear sraith imeachtaí saor in aisce ar siúl ina leagfar béim ar na tairbhí a sholáthraíonn fálta sceach dár dtírdhreach tuaithe.

Beidh imeachtaí ar bun ó Dé hAoine, an 29 Lúnasa go Dé Domhnaigh, an 7 Meán Fómhair, agus ina measc beidh taispeántais maidir le conas fálta sceach a chur agus a bhainistiú, conas a dtairbhí a uasmhéadú don bhithéagsúlacht, agus conas aire shéasúrach a thabhairt dóibh. 

Seolfar an ceiliúradh le seimineár gréasáin Dé hAoine, an 29 Lúnasa mar chuid de shraith fógartha na gclár Teagasc, ina dtabharfaidh cainteoirí ó Teagasc agus ón gComhairle Oidhreachta eolas ar straitéis bearrtha fál uilefheirme d’fheirmeoirí. Beidh roinnt imeachtaí faoi stiúir Oifigigh Bhithéagsúlachta Údaráis Áitiúil agus ina measc beidh siúlóidí fál sceach agus sealgaireachta sa Mhí, Cill Chainnigh, Uíbh Fhailí agus Laois, anuas ar thaispeántas cuir fálta sceach in Uíbh Fhailí. 

Tugtar le chéile i Seachtain Náisiúnta na bhFálta Sceach feirmeoirí, éiceolaithe agus an pobal chun plé a dhéanamh ar fhálta sceach ó pheirspictíochtaí éagsúla. Beidh imeacht faoi leith ann i mbliana freisin Déardaoin, an 4 Meán Fómhair i gColáiste Chill an Dátúnaigh, Contae Chill Chainnigh do chonraitheoirí, áit a labhróidh saineolaithe tionscail faoi innealra bearrtha fál agus gnéithe sábháilteachta atá le cur san áireamh. 

Tá liosta iomlán imeachtaí ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Oidhreachta.

Ag labhairt di roimh Sheachtain Náisiúnta na bhFálta Sceach, dúirt an Speisialtóir Bainistithe Tuaithe le Teagasc, an Dr Catherine Keena:

“Mar gheall go n-osclófar an séasúr bearrtha fál i Meán Fómhair, is é an t-am is fearr fálta a cheiliúradh mar ‘aghaidh siopa’ feirmeacha. Ba cheart go mbeadh bród ar fheirmeoirí as an ngréasán an-luachmhar seo don dúlra de réir mar a thiomáinimid timpeall na tuaithe. Tá fálta den iliomad cruthanna agus méideanna ann, ach cuirtear in dhá chatagóir iad ar mhaithe le bainistiú – fálta barrbhainte agus crannteorann, agus tá an dá cheann luachmhar i dtaobh spásanna éagsúla gnáthóige a chur ar fáil dár mbithéagsúlacht dhúchasach. Pléifear taispeántas bainistithe dea-chleachtais don dá shaghas fáil seo ag an imeacht ag Coláiste Chill an Dátúnaigh Déardaoin, an 4 Meán Fómhair.”

Dúirt an Ceann Athraithe Aeráide leis an gComhairle Oidhreachta, Catherine Casey:

“Tá gliondar croí orainn dul i gcomhar arís eile le Teagasc le béim a leagan ar luach fálta. Conairí dúlra iad tríd an tuath agus is féidir leis an mbealach a dhéanaimid bainistiú orthu a luach comhshaoil a mhéadú go mór. Cuirtear deis iontach ar fáil sa tseachtain do chomhráite ar bhainistiú fáil le feirmeoirí, úinéirí talún, conraitheoirí talmhaíochta agus leis an bpobal i gcoitinne. Is álainn a thabhairt faoi deara gach bliain conas a fhoghlaimíonn na grúpaí seo óna chéile trí imeachtaí foirmiúla agus comhrá neamhfhoirmiúil.”