Tagann an ealaín agus an oidhreacht le chéile chun an chéad ghlúin eile de dhíograiseoirí fiadhúlra a spreagadh

Nuacht

Tá Leabhar Gníomhaíochta Fiadhúlra Puffin Rock á sheoladh inniu, díreach in am don samhradh.

Is foilseachán é atá dírithe ar an mbithéagsúlacht agus atá deartha chun cabhrú le leanaí gabháil don dúlra. D’ullmhaigh an Chomhairle Oidhreachta agus Cartoon Saloon an leabhar i gcomhpháirt le chéile, agus é bunaithe ar shaothar ealaíne agus teachtaireacht an scannáin ‘Puffin Rock agus Cairde Nua’.

an leabhar gníomhaíochta ar fáil anseo lena íoslódáil ag múinteoirí, tuismitheoirí agus leanaí, agus tugann sé bealach iontach chun foghlaim faoi dhraíocht ghnáthóga fiáine na hÉireann sa bhaile nó ar scoil. Trí líonraí oifigeach oidhreachta agus oifigeach bithéagsúlachta na Comhairle Oidhreachta, tá cruachóipeanna de na leabhair ghníomhaíochta ar fáil saor in aisce i leabharlanna contae ar fud na tíre freisin.

Is iad na carachtair in Puffin Rock, sraith a bhfuil an-ghean uirthi de chuid Cartoon Saloon, a threoraíonn léitheoirí óga ar fud an leabhair gníomhaíochta ar fad, áit a dtugtar cuireadh dóibh foghlaim faoi na caidrimh chasta atá ann laistigh de na gnáthóga agus eatarthu araon agus faoi cén fáth a bhfuil na timpeallachtaí sin chomh speisialta do na nithe a chónaíonn iontu.

Ag labhairt di ag seoladh an leabhair ag Scoil Náisiúnta Aodháin i gCill Mhanach, Co. Chill Chainnigh, inniu, dúirt Juanita Browne, údar an leabhair:

“Ba mhór an pléisiúr dom obair i gcomhar leis an gComhairle Oidhreachta agus le Cartoon Saloon ar an tionscadal seo, a bhfuil mar aidhm leis cabhrú le gach duine - idir thosaitheoirí agus shaineolaithe - gabháil don dúlra. Tá an-luí ag leanaí leis an gcomhshaol, agus is fúinne féin atá sé leas a bhaint as a gcuid spéise ar bhealaí inrochtana siamsúla. Tá leabhair cosúil leis an gceann seo tábhachtach toisc gur féidir leo gníomhú mar thairseach do leanaí atá ar lorg bealaí inar féidir leo rannchuidiú lenár ngnáthóga agus nach dteastaíonn uathu ach pas beag treorach.”

Dúirt Enora Le Luherne, maisitheoir le Cartoon Saloon:

“Trí ligean do na carachtair in Puffin Rock léitheoirí óga a threorú, tá súil againn go gcuirfidh an leabhar seo ar a gcumas blaiseadh a fháil d’áilleacht agus iontas an fhiadhúlra agus ár ngnáthóg leochaileach. Ní hé amháin go mbeidh an meascán de ghníomhaíochtaí agus de shaothar ealaíne siamsúil, ach tabharfaidh siad ceachtanna tábhachtacha faoin gcaomhantas agus faoin dúlra freisin.

Dúirt Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta:

“Cé go bhfuilimid i mbun catha faoi láthair chun treochtaí an chaillteanais bithéagsúlachta agus gnáthóige a aisiompú, is iad ár ndaoine óga na fíorcheannairí sa réimse seo, agus is iadsan a stiúrfaidh na hathruithe a dhéanfar amach anseo. Tá sé de fhreagracht orainn anois na huirlisí a theastaíonn uathu a thabhairt dóibh agus an méid sin a dhéanamh ar

bhealach inrochtana soirbhíoch. Tabharfaidh Leabhar Gníomhaíochta Fiadhúlra Puffin Rock agus an taispeántas gaolmhar spreagadh agus siamsaíocht araon dár laochra óga.”

Tá Leabhar Gníomhaíochta Fiadhúlra Puffin Rock mar chuid de mhórthionscadal Ghnáthóga Puffin Rock – ar taispeántas idirghníomhach bithéagsúlachta é atá ar camchuairt ar fud na tíre faoi láthair, agus a osclófar ag Leabharlann Mayfair i gCill Chainnigh an 11 Bealtaine.

Is í Tasneem Khan, bitheolaí muirí, a cheap na ceardlanna chun a bheith ag gabháil leis an taispeántas agus chun tacú leis na hionaid chamchuairte an taispeántas a ghníomhachtú mar uirlis foghlama dá bpobal. Beidh na ceardlanna nuálacha praiticiúla sin ar fáil anois do bhunscoileanna ar fud na tíre, tríd an Scéim Oidhreachta sna Scoileanna de chuid na Comhairle Oidhreachta.

CRÍOCH

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR

Maidir leis an gComhairle Oidhreachta

Is é atá sa Chomhairle Oidhreachta ná comhlacht poiblí a bhfuil sé mar mhisean aige tuiscint leathan a fhorbairt ar an rannchuidiú ríthábhachtach a dhéanann ár n-oidhreacht lenár bhfolláine shóisialta, comhshaoil agus gheilleagrach. Tá freagracht ar leith ar an gComhairle Oidhreachta spéis inár n-oidhreacht náisiúnta, oideachas agus eolas ar ár n-oidhreacht náisiúnta agus bród as ár n-oidhreacht náisiúnta a chur chun cinn. Cuireann an Chomhairle Oidhreachta comhairle beartais ar an rialtas maidir leis an oidhreacht freisin, lena n-áirítear saincheisteanna a imríonn tionchar ar an oidhreacht thógtha, nádúrtha agus chultúrtha.

Maidir le Cartoon Saloon

Stiúideo beochana a bhfuil cáil dhomhanda air is ea Cartoon Saloon. Bhunaigh Paul Young, Tomm Moore, agus Nora Twomey sa bhliain 1999 é. Ainmníodh é le haghaidh cúig cinn de dhámhachtainí Academy Award® agus le haghaidh dhá cheann de dhámhachtainí Golden Globe®, agus bhuaigh sé cuid mhór dámhachtainí freisin, lenar áiríodh dámhachtainí BAFTA® agus Emmy®. Agus é lonnaithe i gCill Chainnigh, léiríonn an stiúideo gearrscannáin, príomhscannáin agus sraitheanna teilifíse atá cróga agus álainn. Is é Cartoon Saloon bunaitheoir agus óstach ‘Cill Chainnigh Bheoite’, ar féile bhliantúil scéalaíochta físe é a chuimsíonn taispeántais, cainteanna agus léirithe ina gceiliúrtar cruthaitheacht agus ceird na beochana.

https://www.cartoonsaloon.ie/

Maidir le Juanita Browne - Údar Leabhar Gníomhaíochta Puffin Rock
Tá Juanita Browne, ar céimí Zó-eolaíochta í ag a bhfuil MA sa Staidéar ar na Meáin, ag obair i réimse na cumarsáide le 25 bliana anuas, agus í ag cur irisleabhar in eagar, ag scríobh leabhar agus alt, agus ag léiriú cláir faisnéise ar stair an dúlra don raidió agus don teilifís. Oibríonn Juanita mar shaor-Shainchomhairleoir Cumarsáide ar thionscadail éagsúla bhithéagsúlachta, lena n-áirítear suíomhanna Gréasáin a bhainistiú, tuarascálacha a chur in eagar, agus físeáin ar líne a léiriú.