Riarthóir Oideachais- Oifigeach Feidhmiúcháin
Ag obair dó/di i ndlúthchomhar le comhghleacaithe sa rannóg Taighde, Foghlama agus Oidhreachta Cultúrtha, imreoidh an Riarthóir Oideachais (Oifigeach Feidhmiúcháin) príomhról i dtacú le riarachán, rialachas agus cur i gcrích éifeachtach an chláir sheanbhunaithe um Oidhreacht i Scoileanna ag an leibhéal bunscoile agus leis an gclár a thabhairt isteach ag an leibhéal iar-bhunscoile. Tuairisceoidh an Riarthóir Oideachais go díreach don Bhainisteoir Cláir um Oidhreacht i Scoileanna chun tacú leis an gclár um Oidhreacht i Scoileanna (bunscoil agus iar-bhunscoil) agus le haon dualgais eile a d’fhéadfadh teacht chun cinn in obair níos leithne na Comhairle Oidhreachta ó thaobh an oideachais, na scileanna agus na hoiliúna de.
Áit Oibre
Is í ceanncheathrú na Comhairle Oidhreachta ag Áras na hOidhreachta, Lána an Teampaill, Cill Chainnigh, a bheidh san áit oibre. Agus an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht oibre is saoil á haithint aici, tacaíonn an eagraíocht le raon roghanna solúbtha, lena n-áirítear obair chumaisc agus amanna tosaigh agus críochnaithe solúbtha.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Chun iarratas a dhéanamh, seol litir chumhdaigh (nach mó ná dhá leathanach) chuig Kayleigh Greene ag Kayleigh@excelrecruitment.com agus teideal an róil luaite i líne an ábhair, agus tú ag leagan amach cén fáth a bhfuil spéis agat sa deis agus conas, dar leat, a chomhlíonann do chuid scileanna, eolais agus taithí ceanglais an róil. Ceangail curriculum vitae (CV) cuimsitheach freisin ina léirítear go soiléir na héachtaí agus an taithí ábhartha i do ghairm go dtí seo.
Ceisteanna/Tuilleadh Faisnéise
Má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait nó más mian leat plé rúnda a shocrú maidir leis an deis, seol ríomhphost chuig Kayleigh@excelrecruitment.com
Dáta Deiridh
Tabhair faoi deara gurb é an 29 Aibreán 2026 an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais. Ní bhreithneofar aon iarratais a gheofar tar éis an dáta agus ama deiridh.