Oifigeach Ailtireachta
Tacóidh an tOifigeach Ailtireachta leis an gComhairle na haidhmeanna agus na cuspóirí atá sa Phlean Straitéiseach uaithi a chomhlíonadh.
Téarma Socraithe Aon Bhliana.
Príomhdhualgais agus Príomhfhreagrachtaí
Áirítear iad seo a leanas le príomhdhualgais an róil, ach gan a bheith teoranta dóibh;
Tacú le cuspóirí a bhaineann leis an oidhreacht thógtha a bhaint amach, ar cuspóirí iad atá leagtha amach sa doiciméad dar teideal Ár nÁit sa Stair, an Plean Straitéiseach ón gComhairle Oidhreachta don tréimhse 2023-2028
- Formhaoirseacht a dhéanamh ar staidéar indéantachta a bhaineann le hionad sármhaitheasa a bhunú le haghaidh scileanna tógála oidhreachta, agus oiliúint scileanna traidisiúnta a chur chun cinn i gcomhar le príomh-chomhpháirtithe oiliúna
- Beartas éifeachtúlachta fuinnimh agus cláir oiliúna agus scileanna a fhorbairt d’fhoirgnimh stairiúla
- Beartas a fhorbairt maidir le Limistéir Chaomhantais Ailtireachta
- Beartas a chur chun cinn maidir le foirgnimh stairiúla a athúsáid
- Measúnuithe a dhéanamh ar dheontais agus iad a cheadú ar fud raon scéimeanna difriúla
- Comhairle agus ionchur a thabhairt maidir leis na gnéithe oidhreachta d’aighneachtaí pleanála agus beartais pleanála
- Comhairle a thabhairt maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus cothabháil cheanncheathrú na Comhairle Oidhreachta i gCill Chainnigh
- Ionadaíocht a dhéanamh don Chomhairle ag raon grúpaí oibre
- Aon dualgais eile a shannfar.
Áit Oibre
Is í ceanncheathrú na Comhairle Oidhreachta ag Áras na hOidhreachta, Lána an Teampaill, Cill Chainnigh, a bheidh san áit oibre. Agus an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht oibre is saoil á haithint aici, tacaíonn an eagraíocht le raon roghanna solúbtha, lena n-áirítear obair chumaisc agus amanna tosaigh agus críochnaithe solúbtha.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Chun iarratas a dhéanamh, seol litir chumhdaigh (nach mó ná dhá leathanach) chuig Martina Malone ag mmalone@heritagecouncil.ie agus teideal an róil luaite i líne an ábhair, agus tú ag leagan amach cén fáth a bhfuil spéis agat sa deis agus conas, dar leat, a chomhlíonann do chuid scileanna, eolais agus taithí ceanglais an róil. Ceangail curriculum vitae (CV) cuimsitheach freisin ina léirítear go soiléir na héachtaí agus an taithí ábhartha i do ghairm go dtí seo.
Ceisteanna/Tuilleadh Faisnéise
Má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait nó más mian leat plé rúnda a shocrú maidir leis an deis, seol ríomhphost chuig mmalone@heritagecouncil.ie.
Dáta Deiridh
Tabhair faoi deara gurb é an 29 Aibreán 2026 an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais. Ní bhreithneofar aon iarratais a gheofar tar éis an dáta agus ama deiridh.