Bainisteoir Deontas Údaráis Áitiúil agus Earnála
Tacóidh an Bainisteoir Deontas Údaráis Áitiúil agus Earnála le cláir deontas a sholáthar agus a riar lena gcistítear údaráis áitiúla, tionscnaimh earnála oidhreachta agus eagraíochtaí is comhpháirtithe straitéiseacha. Leis na cláir sin, tacaítear le bainistíocht oidhreachta, le tionscnaimh chaomhantais, le gníomhú ar son na bithéagsúlachta agus le comhpháirtíochtaí straitéiseacha ar fud na tíre.
Is ról nua laistigh den fheidhm deontas é seo, agus tacóidh sé le forbairt agus comhordú leantach na gclár a sheolann an Chomhairle Oidhreachta i gcomhar le húdaráis áitiúla agus le heagraíochtaí earnála.
Díreoidh an ról ar bhainistíocht oibríochtúil scéimeanna deontas, ar thacú leis an bpróiseas measúnaithe, ar fhaireachán a dhéanamh ar thionscadail chistithe, agus ar chomhpháirtíochtaí a neartú le húdaráis áitiúla, le tionscnaimh earnála oidhreachta agus le heagraíochtaí is comhpháirtithe straitéiseacha.
Áit Oibre
Is í ceanncheathrú na Comhairle Oidhreachta ag Áras na hOidhreachta, Lána an Teampaill, Cill Chainnigh, a bheidh san áit oibre. Agus an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht oibre is saoil á haithint aici, tacaíonn an eagraíocht le raon roghanna solúbtha, lena n-áirítear obair chumaisc agus amanna tosaigh agus críochnaithe solúbtha.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Chun iarratas a dhéanamh, seol litir chumhdaigh (nach mó ná dhá leathanach) chuig Kayleigh Greene ag Kayleigh@excelrecruitment.com agus teideal an róil luaite i líne an ábhair, agus tú ag leagan amach cén fáth a bhfuil spéis agat sa deis agus conas, dar leat, a chomhlíonann do chuid scileanna, eolais agus taithí ceanglais an róil.
Ceangail curriculum vitae (CV) cuimsitheach freisin ina léirítear go soiléir na héachtaí agus an taithí ábhartha i do ghairm go dtí seo.
Ceisteanna/Tuilleadh Faisnéise
Má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait nó más mian leat plé rúnda a shocrú maidir leis an deis, seol ríomhphost chuig Kayleigh@excelrecruitment.com.
Dáta Deiridh
Tabhair faoi deara gurb é an 29 Aibreán 2026 an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais. Ní bhreithneofar aon iarratais a gheofar tar éis an dáta agus ama deiridh.