Cumarsáid Oifigeach Riaracháin

Tá an Chomhairle Oidhreachta ag lorg iarratais anois ó iarrthóirí atá cáilithe go cuí agus a bhfuil taithí ábhartha acu le haghaidh an phoist mar Oifigeach Riaracháin Cumarsáide.

Ag tuairisciú dó/di don Cheann Cumarsáide agus Gnóthaí Poiblí, beidh sealbhóir an phoist freagrach as raon leathan de phríomhthosaíochtaí cumarsáide na Comhairle Oidhreachta, agus feidhm shonrach aige/aici chun cumarsáid inmheánach na heagraíochta a threorú agus a chomhordú, pleananna cruthaithe inneachair agus margaíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme, chun imeachtaí agus gníomhaíochtaí na Comhairle Oidhreachta um chaidreamh leis an bpobal a bhainistiú, agus chun cur chuige na heagraíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme i leith meastóireacht a dhéanamh ar thionchar a gníomhaíochtaí.

Áit Oibre

Is í ceanncheathrú na Comhairle Oidhreachta ag Áras na hOidhreachta, Lána an Teampaill, Cill Chainnigh, a bheidh san áit oibre. Agus an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht oibre is saoil á haithint aici, tacaíonn an eagraíocht le raon roghanna solúbtha, lena n-áirítear obair chumaisc agus amanna tosaigh agus críochnaithe solúbtha.

Conas Iarratas a Dhéanamh

Chun iarratas a dhéanamh, seol litir chumhdaigh (nach mó ná dhá leathanach) chuig Kayleigh Greene ag Kayleigh@excelrecruitment.com agus teideal an róil luaite i líne an ábhair, agus tú ag leagan amach cén fáth a bhfuil spéis agat sa deis agus conas, dar leat, a chomhlíonann do chuid scileanna, eolais agus taithí ceanglais an róil. Ceangail curriculum vitae (CV) cuimsitheach freisin ina léirítear go soiléir na héachtaí agus an taithí ábhartha i do ghairm go dtí seo.

Ceisteanna/Tuilleadh Faisnéise

Má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait nó más mian leat plé rúnda a shocrú maidir leis an deis, seol ríomhphost chuig Kayleigh@excelrecruitment.com.

Dáta Deiridh

Tabhair faoi deara gurb é an 29 Aibreán 2026 an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais. Ní bhreithneofar aon iarratais a gheofar tar éis an dáta agus ama deiridh.