Bainisteoir um Chlár Gradam GLAM

Ag obair dó/di i ndlúthchomhar leis an bhfoireann oidhreachta cultúrtha atá ann cheana laistigh de rannóg Taighde, Foghlama agus Oidhreachta Cultúrtha na Comhairle Oidhreachta, tuairisceoidh an Bainisteoir um Chlár Gradam GLAM go díreach don Cheann Taighde, Foghlama agus Oidhreachta Cultúrtha.

Beidh ról lárnach ag an mBainisteoir um Chlár Gradam GLAM sa chlár a thógáil ón tús go dtí an cur i gcrích, lena n-áirítear struchtúir rialachais, caidrimh le geallsealbhóirí, sásraí deontas, cláir malartaithe gairmithe, imeachtaí, agus comhordú timthriallta gradam. Beidh bainistíocht imeachtaí agus caidreamh poiblí ina bhfreagrachtaí lárnacha, toisc go bhfuil caidreamh leis an bpobal agus infheictheacht na hearnála ina gcodanna lárnacha de rath an chláir.

Áit Oibre

Is í ceanncheathrú na Comhairle Oidhreachta ag Áras na hOidhreachta, Lána an Teampaill, Cill Chainnigh, a bheidh san áit oibre. Agus an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht oibre is saoil á haithint aici, tacaíonn an eagraíocht le raon roghanna solúbtha, lena n-áirítear obair chumaisc agus amanna tosaigh agus críochnaithe solúbtha.

Conas Iarratas a Dhéanamh

Chun iarratas a dhéanamh, seol litir chumhdaigh (nach mó ná dhá leathanach) chuig Kayleigh Greene ag Kayleigh@excelrecruitment.com agus teideal an róil luaite i líne an ábhair, agus tú ag leagan amach cén fáth a bhfuil spéis agat sa deis agus conas, dar leat, a chomhlíonann do chuid scileanna, eolais agus taithí ceanglais an róil. Ceangail curriculum vitae (CV) cuimsitheach freisin ina léirítear go soiléir na héachtaí agus an taithí ábhartha i do ghairm go dtí seo.

Ceisteanna/Tuilleadh Faisnéise

Má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait nó más mian leat plé rúnda a shocrú maidir leis an deis, seol ríomhphost chuig Kayleigh@excelrecruitment.com.

Dáta Deiridh

Tabhair faoi deara gurb é an 29 Aibreán 2026 an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais. Ní bhreithneofar aon iarratais a gheofar tar éis an dáta agus ama deiridh.