Oidhreacht Aeráide – Ardoifigeach Feidhmiúcháin (téarma socraithe trí bliana)

Tá an Chomhairle Oidhreachta ag lorg iarratais ó iarrthóirí atá cáilithe go cuí agus a bhfuil taithí ábhartha acu le haghaidh an phoist mar Oifigeach Oidhreachta Aeráide.

Ag tuairisciú dó/di don Cheann um an Athrú Aeráide, stiúrfaidh an sealbhóir phoist comhordú agus cur i gcrích laethúil chlár oibre na Comhairle Oidhreachta maidir le hinbhuanaitheacht agus le hoidhreacht aeráide. Áirítear leis sin comhlíonadh na heagraíochta maidir leis an Sainordú Earnála Poiblí um Ghníomhú ar son na hAeráide a chomhordú, obair na Foirne Glaise inmheánaí a threorú, soláthar tionscnamh oidhreachta aeráide a bhainistiú, agus obair ar fud na rannán éagsúil chun a chinntiú go gcuirfear cúinsí aeráide agus inbhuanaitheachta san áireamh go comhsheasmhach ar fud na gclár, na ndeontas agus na gcomhpháirtíochtaí.

Áit Oibre

Is í ceanncheathrú na Comhairle Oidhreachta ag Áras na hOidhreachta, Lána an Teampaill, Cill Chainnigh, a bheidh san áit oibre. Teampaill, Cill Chainnigh, a bheidh san áit oibre. Agus an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht oibre is saoil á haithint aici, tacaíonn an eagraíocht le raon roghanna solúbtha, lena n-áirítear obair chumaisc agus amanna tosaigh agus críochnaithe solúbtha.

Conas Iarratas a Dhéanamh

Chun iarratas a dhéanamh, seol litir chumhdaigh (nach mó ná dhá leathanach) chuig Martina Malone ag mmalone@heritagecouncil.ie, agus teideal an róil luaite i líne an ábhair, agus tú ag leagan amach cén fáth a bhfuil spéis agat sa deis agus conas, dar leat, a chomhlíonann do chuid scileanna, eolais agus taithí ceanglais an róil. Ceangail curriculum vitae (CV) cuimsitheach freisin ina léirítear go soiléir na héachtaí agus an taithí ábhartha i do ghairm go dtí seo.

Ceisteanna/Tuilleadh Faisnéise

Má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait nó más mian leat plé rúnda a shocrú maidir leis an deis, seol ríomhphost chuig mmalone@heritagecouncil.ie

Dáta Deiridh

Tabhair faoi deara gurb é an 29 Bealtaine 2026 an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais. Ní bhreithneofar aon iarratais a gheofar tar éis an dáta agus ama deiridh.