Fáiltíonn an Chomhairle Oidhreachta roimh an bhfógairt ón rialtas páirc náisiúnta nua a chruthú i gCiarraí

Nuacht

Tá an Chomhairle Oidhreachta ag aithint inniu a shuntasaí maidir le hoidhreacht na tíre a bheidh an fhógairt ón rialtas páirc náisiúnta nua a chruthú i gCiarraí.

Beidh níos mó ná 70,000 acra i bPáirc Náisiúnta na Mara, Ciarraí, agus beidh sí ar an bpáirc náisiúnta is mó in Éirinn, ina mbeidh meascán d’fhoraoiseacht, de thalamh íseal agus d’fhéarach sléibhe. Is éard a bheidh sa pháirc freisin ná Sceilg Mhichíl, ar maoin Oidhreachta Domhanda UNESCO í, an Chonair, agus roinnt de na láithreáin is luachmhaire ó thaobh na héiceolaíochta de san Eoraip.

Ag fáiltiú di roimh an bhfógairt, dúirt Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta:

“Ba mhaith liom an tAire Darragh O’Brien agus an tAire Malcolm Noonan a mholadh, agus tréaslú le mo chomhghleacaithe sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, inniu toisc gur forbairt an-suntasach d’oidhreacht na tíre é seo. Tríd an bpáirc a bhunú, cosnófar agus caomhnófar ár n-oidhreacht leochaileach nádúrtha agus thógtha do gach duine ar fud an réigiúin seo, ina bhfuil oileáin íocónacha, sceireacha muirí, agus láithreáin chósta agus mhuirí ar chósta Chontae Chiarraí agus amach as.

“Tá an Chomhairle Oidhreachta ina príomhghníomhaí maidir lenár n-oidhreacht nádúrtha a chosaint agus a chaomhnú ó bunaíodh í agus, i gcomhar le húdaráis áitiúla, tá sí ag obair faoi láthair chun tacú le hoifigeach tiomnaithe bithéagsúlachta a cheapadh i ngach comhairle contae sa tír.”