Cúitíonn an Chomhairle Oidhreachta sármhaitheas ar lá ceiliúrtha do mhúsaeim Éireannacha
Ceiliúradh 13 mhúsaem ag searmanas i gCaisleán Chill Chainnigh inniu tar éis dóibh creidiúnú oifigiúil a bhaint amach faoin gClár um Chaighdeáin Mhúsaeim in Éirinn, rud a reáchtálann an Chomhairle Oidhreachta é.
Bunaíodh an Clár um Chaighdeáin Mhúsaeim in Éirinn chun caighdeáin ghairmiúla i músaeim a chur chun cinn. Gradam mór is ea roghnú faoin gClár, agus breathnaítear air mar fhianaise gur bhain músaeim chreidiúnaithe sármhaitheas amach ar fud réimsí éagsúla.
Rinne trí láithreán i Mucros i gCill Airne creidiúnú iomlán a chothabháil den tríú huair. Fágann sé sin go bhfuil siad ar na rannpháirtithe is rathúla sa Chlár um Chaighdeáin Mhúsaeim in Éirinn go dtí seo maidir le seasamh le caighdeáin go comhsheasmhach thar thréimhse 17 mbliana. Idir an dá linn, d’fháiltigh an searmanas roimh Shiúracha na Toirbhearta ó Phlás Nano de Nógla i gCathair Chorcaí, rud atá tagtha chun bheith ar an gcéad institiúid reiligiúnach agus músaem riamh ar tugadh aitheantas di faoin gclár.
Áirítear le buaiteoirí gradaim eile Músaem Mhichíl Mhic Dhaibhéid i Maigh Eo, mar aon le músaeim a reáchtálann údaráis áitiúla, eagraíochtaí náisiúnta agus grúpaí beaga oibrithe deonacha iad.
*(Tá liosta iomlán de mhúsaeim chreidiúnaithe ar fáil thíos)
Ar na tosca a chuirtear san áireamh le linn an phróisis measúnaithe tá an dóigh a dtugann músaeim aire dá mbailiúcháin agus dá gcuairteoirí, caighdeáin rialachais agus bhainistíochta, agus a gcláir oideachais agus taispeántais. Ó thionscnamh an chláir sa bhliain 2006 i leith, bíonn an earnáil músaem Éireannach ag leanúint de ghlacadh leis an gclár, agus an rannpháirtíocht ag méadú ó 12 láithreán músaeim sa bhliain sin go 73 láithreán músaeim sa bhliain 2023.
Is iad Teach Mhucrois, Leabharlann Taighde Theach Mhucrois agus Feirmeacha Traidisiúnta Mhucrois a chomhdhéanann na trí láithreán a fuair ‘cothabháil an chreidiúnúcháin iomláin’ inniu den tríú huair. Trí aire a thabhairt dá gcuid bailiúchán agus foirgneamh agus trí iad a chaomhnú, tugann na trí láithreán sin, i dteannta a chéile, léargas fíorbharántúil fíorluachmhar ar na traidisiúin agus an saol in Éirinn agus i gCiarraí ó thaobh roinnt gnéithe de.
Dúirt Patricia O’Hare, Oifigeach Taighde agus Oideachais i dTeach Mhucrois, agus Comhalta Comhairle leis an gComhairle Oidhreachta:
“Tá stair fhada bhródúil ag ár láithreáin maidir le hobair i gcomhar leis an gClár um Chaighdeáin Mhúsaeim in Éirinn agus bhí siad i measc na gcéad mhúsaem a ghlac páirt sa chlár ón uair a tionscnaíodh é i leith. Is ábhar mór sásaimh é, dá bhrí sin, a fheiceáil cé chomh mór agus atá an clár ag fás ón uair sin i leith agus conas atá ár láithreáin féin i Mucros ag forbairt ag an am céanna. Maidir leis na tairbhí a bhaineann le creidiúnú iomlán a bhaint amach agus a chothabháil trí pháirt a ghlacadh sa chlár, tá difear ollmhór á dhéanamh acu ar cháilíocht na mbailiúchán agus na bhfoirgneamh a chothaímid agus ar an eispéireas foriomlán cuairteoirí ar fud ár dtrí láithreán.”
Ag labhairt di faoin searmanas inniu, dúirt Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta:
“Ós é an t-aon chlár creidiúnúcháin do mhúsaeim de chuid na hÉireann é, tá an Clár um Chaighdeáin Mhúsaeim in Éirinn tar éis teacht chun bheith ina chuid dhílis den earnáil. Léiriú eile ar a thábhachtaí atá sé is ea éagsúlacht na músaem a ndéantar ionadaíocht dóibh ag an searmanas inniu, mar aon leis an méadú sa líon rannpháirtithe ó bhliain go bliain. Tá áthas orm a rá gur ghabh an Chomhairle Oidhreachta uirthi féin sa straitéis cúig bliana nua uaithi tuilleadh feabhsuithe a chur ar an gClár um Chaighdeáin Mhúsaeim in Éirinn trí chistiú méadaithe a sholáthar agus trí dheiseanna nua oiliúna agus forbartha a thabhairt do na hoibrithe deonacha agus na gairmithe a reáchtálann ár músaeim.”
Ag bronnadh na ngradam di inniu, dúirt Sheila Pratschke, Comhalta Comhairle don Chomhairle Oidhreachta:
“Is mór an onóir dom bheith i gCaisleán Chill Chainnigh, láithreán creidiúnaithe eile de chuid an Chláir um Chaighdeáin Mhúsaeim in Éirinn, inniu agus bheith in ann comhghairdeas a dhéanamh i bpearsa le gach duine de bhuaiteoirí gradaim na bliana seo. Is eol dom cé chomh dícheallach agus a d’oibrigh na músaeim sin le haghaidh a gcreidiúnú a ghnóthú agus tá an t-aitheantas sin tuillte go mór acu.”
Nótaí d’eagarthóirí
Teagmhálaithe preasa
Déan teagmháil le Pearse Ó Caoimh chun agallamh a eagrú.
T. 085-8590378 R. pocaoimh@heritagecouncil.ie
*Is iad seo na músaeim atá ag fáil creidiúnúcháin inniu:
Creidiúnú iomlán
Músaem Contae Cheatharlach
Músaem Poiblí Chorcaí
Cothabháil an chreidiúnúcháin
Leabharlann Chester Beatty
Músaem Contae Dhún na nGall
Músaem Dhroichead Átha, Cnocán an Mhuilinn
Músaem Mhichíl Mhic Dhaibhéid
Teach Mhucrois
Leabharlann Taighde Theach Mhucrois
Feirmeacha Traidisiúnta Mhucrois
The Glucksman, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
Músaem Staire Folaithe Thiobraid Árann
Creidiúnú Eatramhach
Caisleán Ghleann Bheatha, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra
Plás Nano de Nógla
Cúlra
Forbraíodh an Clár um Chaighdeáin Mhúsaeim in Éirinn de chuid na Comhairle Oidhreachta i gcomhairle iomlán leis an earnáil, agus ar aon dul leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta. Leis an gclár, cruthaítear creat gairmiúil a bhfuil mar fheidhm leis tacú le rialachas, bainistíocht agus cúram na mbailiúchán, le riarachán agus le soláthar seirbhísí laistigh den earnáil. Is é an toradh a bheidh ar an gclár ná go neartófar an méid a rannchuidíonn músaeim, gailearaithe agus gníomhaireachtaí bailithe le caomhnú, cosaint agus cur chun cinn ár n-oidhreachta náisiúnta, agus leis an tuiscint uirthi, agus comhlánaíonn sé forálacha reachtúla a bhforghníomhaíonn Ard-Mhúsaem na hÉireann iad.
Tógann sé thart ar chúig bliana chun an próiseas creidiúnúcháin a chur i gcrích. Is gnách go gcuireann Rannpháirtithe iarratais ar Chreidiúnú Eatramhach (25 chaighdeán) isteach i dtreo dheireadh Bhliain 3 den chlár agus is gnách go gcuireann siad iarratais ar Chreidiúnú Iomlán (9 gCaighdeán Iomlána agus 25 Chaighdeán Eatramhacha) isteach i dtreo dheireadh Bhliain 5. Bíonn roinnt Rannpháirtithe réidh le hiarratas a chur isteach ar na caighdeáin uile tar éis trí bliana agus féadfar cead a thabhairt dóibh gan bacadh le céim an Iarratais Eatramhaigh agus dul ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile.
Trí bliana tar éis deimhniú Creidiúnúcháin Iomláin a fháil, tá ar Rannpháirtithe iarratas a chur isteach chun Cothabháil an Chreidiúnúcháin Iomláin a dheimhniú.
Tá ar Rannpháirtithe ansin iarratas nua ar Chothabháil an Chreidiúnúcháin Iomláin a chur isteach laistigh de chúig bliana ó dheimhniú a fháil chun Cothabháil an Chreidiúnúcháin a dheimhniú.
Léigh tuilleadh faoin gClár um Chaighdeáin Mhúsaeim in Éirinn