Foilsíonn an Chomhairle Oidhreachta leabhrán ina gceiliúrtar obair na nOifigeach Oidhreachta le 25 bliana anuas
Tá foilseachán speisialta ina bhfuil scéalta ó oifigigh oidhreachta i ngach contae á sheoladh inniu chun an obair a rinneadh sna 25 bliana ó bunaíodh Líonra na nOifigeach Oidhreachta a cheiliúradh.
Mionsonraítear sa leabhrán dar teideal ‘An Doras a Oscailt d’Oidhreacht na hÉireann’ príomhthionscadal oidhreachta amháin a seoladh i ngach údarás áitiúil sna trí bliana seo a chuaigh thart agus léirítear ann an rannchuidiú comhchoiteann ollmhór a rinne an Líonra lenár n-oidhreacht a chaomhnú le ceathrú céid anuas.
Mar chuid de chomhpháirtíocht idir an Chomhairle Oidhreachta agus údaráis áitiúla, ceapadh na chéad oifigigh oidhreachta sa bhliain 1999 i gCiarraí, i Sligeach agus i nGaillimh, agus é mar aidhm acu feasacht a mhúscailt ar shaincheisteanna oidhreachta laistigh den údarás áitiúil agus i measc pobail áitiúla. Tá an ról lárnach a imríonn líonra na n-oifigeach oidhreachta maidir le hoidhreacht na hÉireann a chosaint agus a chur chun cinn á aithint ó shin i leith agus, den chéad uair riamh sa bhliain 2021, bhí duine éigin ceaptha chuig an ról i ngach údarás áitiúil sa tír.
Ní hé amháin go dtarraingítear aird iontu ar an obair thábhachtach a dhéanann oifigigh oidhreachta, ach tugtar sna scéalta san fhoilseachán léargas soiléir freisin ar an méid a chaillfí murach na hoifigigh sin. D’fhéadfadh go dtiocfadh drochbhail ar Chlog Uí Mhongáin i gcroílár chathair Chorcaí. D’fhéadfadh go bhfágfaí na foirgnimh is stairiúla i mBéal Átha Seanaidh nó i Lios Tuathail tréigthe agus go dtitfeadh siad as a chéile. D’fhéadfadh go dtiocfadh díghrádú buan ar an trá nádúrtha agus na gnáthóga duimhche feadh chósta Chill Mhantáin agus go gcúlófaí saoirseacht an bhallaraigh cloiche singile ar Inis Oírr.
Is féidir an foilseachán iomlán a léamh ar shuíomh Gréasáin na Comhairle Oidhreachta anseo:
Tá tuilleadh faisnéise faoi Líonra na nOifigeach Oidhreachta ar fáil anseo:
Ag labhairt di ag seoladh an leabhráin, dúirt Amanda Pedlow, Cathaoirleach an Líonra agus Oifigeach Oidhreachta do Chomhairle Contae Uíbh Fhailí:
“Is mórúdar sásaimh é gur doiciméadaithe san fhoilseachán seo atá an tionchar a bhí ag Líonra na nOifigeach Oidhreachta ar mhúnlú a dhéanamh ar ár gcur chuige i leith an oidhreacht a chaomhnú agus a chosaint. Cé go n-oibrímid mar dhaoine aonair ar leibhéal an údaráis áitiúil, léirítear go soiléir ar na leathanaigh seo gur lenár n-obair chomhpháirteach a luíonn fíorneart an Líonra. Ní thugtar sna scéalta seo ach léargas beag ar thionscadail a chríochnaigh oifigigh oidhreachta reatha le déanaí. Mar sin, nuair a smaoinímid faoi na céadta tionscadal roimhe a críochnaíodh ón mbliain 1999 i leith, tuigimid an tionchar ollmhór atá ag Clár na nOifigeach Oidhreachta in Údaráis Áitiúla ó bunaíodh é.”
Dúirt Martina Moloney, Cathaoirleach na Comhairle Oidhreachta:
“Ba mhór agam obair go fairsing lenár nOifigigh Oidhreachta le blianta fada anuas, agus cuireann éagsúlacht a gcuid oibre iontas an domhain orm i gcónaí, ar éagsúlacht í atá léirithe go soiléir san fhoilseachán álainn seo. Ní hé amháin go dtugann siad comhairle, treoir agus faisnéis ar gach gné den oidhreacht, ach áirithíonn siad cistiú, tugann siad faoi thaighde, bailíonn siad sonraí, agus forbraíonn agus stiúrann siad raon éagsúil tionscadal atá spéisiúil agus a bhfuil ardtionchar acu freisin. Agus feasacht á múscailt acu ar bhonn áitiúil, tugann Oifigigh Oidhreachta spreagadh do phobail meas a thabhairt, agus úinéireacht a ghlacadh, ar oidhreacht thábhachtach áitiúil de gach cineál. Is é an toradh deiridh a bhíonn ar a gcuid oibre ná go n-osclaíonn sí an doras dár n-oidhreacht do dhaoine ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin ionas gur féidir le gach duine taitneamh a bhaint aisti agus tuiscint a ghnóthú di.
D’fhreastail John Mulholland, Cathaoirleach an Choiste um Fhorbairt Tuaithe, Pobal, Cultúr agus Oidhreacht de chuid CCMA, ar an seoladh freisin. Dúirt sé:
“Is é an rud is suntasaí dom maidir le Líonra na nOifigeach Oidhreachta ón tús ná an raon agus an líon daoine aonair, grúpaí agus maoinitheoirí a bhfuil baint acu leis na tionscadail a sheolann an Líonra. Bíonn sé an-deacair páirtithe leasmhara atá chomh héagsúil sin le chéile a choinneáil ar aon fhocal agus a chumasú a gcuid oibre a dhéanamh go héifeachtach an tráth céanna. Léirítear anseo an obair chiúin shíoraí a dhéanann Oifigigh Oidhreachta, a bhfuilimid go mór faoi chomaoin acu. Thar ceann CCMA, molaim iad as a gcuid díograise.”