Cistiú ar fáil Anois do Thionscadail Oidhreachta

Nuacht

Tá Scéim Deontais Oidhreachta Pobail na Comhairle Oidhreachta ar oscailt d’iarratais anois

Tá an Chomhairle Oidhreachta ag glacadh le hiarratais ar a Scéim Deontais Oidhreachta Pobail 2024 ó ghrúpaí deonacha nó pobail agus ó eagraíochtaí neamhrialtasacha neamhbhrabúis i ngach cuid den tír anois.

Tá raon leathan cineálacha tionscadal incháilithe do chistiú faoin scéim, lena n-áirítear iad seo a leanas:

  • Oibreacha caomhantais ar bhailiúcháin, rudaí nó áiteanna, lena n-áirítear tionscadail oidhreachta nádúrtha, e.g., rialú speiceas ionrach nó oibreacha athchóirithe gnáthóg, oibreacha caomhantais ar fhoirgnimh, lena n-áirítear eaglaisí, agus oibreacha cobhsúcháin ar dhéanmhais atá in anchaoi;
  • Suirbhéanna, tuarascálacha, pleananna, agus iniúchtaí chun bonn eolais a chur faoi bhainistiú foirgneamh agus séadchomharthaí, gnáthóg, bailiúchán nó rudaí amach anseo.
  • Tionscadail inrochtaineachta lena ndéantar gníomhaíochtaí oidhreachta níos inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas, e.g., rampaí foirgnimh, doirse uathoibríocha, ráillí láimhe, léirmhíniú tadhaill
  • Tionscadail lena gcabhraítear le daoine gabháil dá n-oidhreacht, e.g., léarscáileanna idirghníomhacha, físeáin, taispeántais fhíorúla, podchraoltaí, suíomhanna Gréasáin
  • Saintrealamh a cheannach, e.g., boscaí cartlainne le haghaidh doiciméid leochaileacha, trealamh faireacháin le haghaidh bogthaise nó solais, trealamh léirmhínithe/ilmheán, sain-bhogearraí
  • Tionscadail lena dtugtar aghaidh ar oidhreacht grúpaí mionlaigh, e.g., tionscadal stair bhéil lena ndoiciméadaítear oidhreacht an Lucht Siúil
  • Oiliúint i scileanna agus ceirdeanna traidisiúnta, e.g., ceardlanna ar scileanna amhail díonadóireacht, tuíodóireacht, tógáil ballaí cloiche singile, etc.
  • Tionscadail eolaíochta saoránach ar chaomhnú an chomhshaoil

Is é €500 an deontas íosta a fhéadfar a iarraidh tríd an scéim. Is é €25,000 an deontas uasta.

Is é an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais ná 5pm Dé Luain an 25 Márta 2024. Ní mór iarratais a dhéanamh trí chóras bainistíochta deontas ar líne na Comhairle Oidhreachta. Ní mór aon tionscadail chistithe a chur i gcrích faoin 15 Samhain 2024. 

Óstálfaidh an Chomhairle Oidhreachta seimineár Gréasáin ar Zoom ag 12 meán lae an 4 Márta, ar lena linn a sholáthrófar faisnéis faoin scéim agus a sholáthrófar comhairle ghinearálta maidir le conas iarratas a dhéanamh. Beidh seisiún ceisteanna agus freagraí ann ag deireadh an tseimineáir. Taifeadfar an t-imeacht sin, agus beifear in ann amharc air ar ár suíomh Gréasáin ina dhiaidh. Tá mionsonraí clárúcháin ar fáil anseo.

Teagmhálaithe Preasa

Déan teagmháil le Pearse Ó Caoimh chun agallamh a eagrú.

T. 085-8590378 R. pocaoimh@heritagecouncil.ie

document.querySelectorAll('a[href$=".pdf"]').forEach(link => { link.addEventListener('click', event => { let fileName = link.getAttribute('href'); fathom.trackEvent(`PDF Download: ${fileName}`); }); });