Digitiú ar Leabhar Miontuairiscí Bodhra de chuid An Catholic Institute for the Deaf (CID), cáipéisí eile a bhaineann leo agus 272 claonchló plátghloine.

Feature /

Digitiú ar Leabhar Miontuairiscí Bodhra de chuid An Catholic Institute for the Deaf (CID), cáipéisí eile a bhaineann leo agus 272 claonchló plátghloine.

Scéim: Scéim Deontais Pobal Oidhreachta 2020
Tag. Uimhir: CH08707
Teideal an Tionscadail: Digitiú ar Leabhar Miontuairiscí Bodhra de chuid An Catholic Institute for the Deaf (CID), cáipéisí eile a bhaineann leo agus 272 claonchló plátghloine.
Méid bronnta: €7,740

Is cuid ríthábhachtach é an Digitiú ar Leabhar Miontuairiscí Bodhra de chuid An Catholic Institute for the Deaf (CID) de stair oideachais na mbodhar in Éirinn idir na 1840idí agus 1950idí. Is foinse príomha iad na cóipeanna crua lámhscríofa seo de cruinnithe an choiste CID le linn an tréimhse a léiríonn bunús, forbairt agus méadú na háiseanna oideachais riachtanacha ag scoil Naomh Seosamh do Bhuachaillí Bodhra, faoi choimirce na mBráithre Críostaí, agus Scoil Naomh Mhuire do Chailíní Bodhra, faoi choimirce an Oird Doiminiceach.

Is seoid é an t-eolas atá sa leabhar seo ar thaithí saoil na bpáistí bodhra seo a bhí ag dul ar scoil (bunscoil agus meánscoil). Sna leabhair agus sna cáipéisí eile a bhaineann leo, tá ainmneacha, seoltaí baile, aoiseanna, gníomhaireacht urraíochta (atreorú, gníomhaireacht pharóiste srl.) agus dátaí iontrála na ndaltaí go léir a bhí ag freastal ar na scoileanna thuas fud fad na hÉireann. Léiríonn siad an t-oideachas, an fhorbairt, an teagasc reiligiúnach, an ghairmoiliúint agus, i gcásanna áirithe, socrúchán na ndaoine a fhágann an scoil i bprintíseachtaí. Déanann na leabhair tagairt do straitéisí múinteoireachta inmheánacha agus áiseanna fóillíochta lasmuigh den scoil,lena n-áirítear spóirt, chomh maith le soláthar otharlainne/bá tinnis sainithe. Clúdaíonn na miontuairiscí freisin an díospóireacht leanúnach ar fhiúntas leanaí bodhra a mhúineadh trí mhodhanna labhartha nó teanga comharthaíochta, díospóireacht atá fós ábhartha i straitéisí an lae inniu maidir le leanaí bodhra a theagasc.

Is fíor-theist é cur i láthair agus cur i gcrích bhreithnithe na gcoistí ar iarrachtaí dílse na n-urraitheoirí carthanacha, na cléirigh éagsúla, na hoird reiligiúnacha, na múinteoirí tiomnaithe agus na tuismitheoirí tacúla, a rinne iarrachtaí gaisciúla chun réimse oideachais na leanaí bodhra a fheabhsú. Toisc go bhfuil na Leabhair Mhiontuairiscí seo i gcartlann dhigiteach, is féidir anois taighde, imscrúdú agus meastóireacht a dhéanamh ar an saol tábhachtach ceilte seo, rud atá ag teastáil go géar. Tá sé thar am an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoi stair iontach an ghrúpa mionlaigh seo atá tar éis cur go mór le sochaí na hÉireann thar na blianta.

Le blianta beaga anuas, tá mic léinn ón Ionad um Staidéar na mBodhar i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, i mbun taithí oibre agus taighde in Ionad Oidhreachta na mBodhar (DHC). Táthar ag súil go gcabhróidh an digitiú nua seo forbairt a dhéanamh ar an togra. Táthar ag súil freisin le tuilleadh taighde a mhealladh ó ghairmithe, oideachasóirí, teangeolaithe agus daoine eile, daoine bodhra agus daoine a bhfuil éisteacht acu, chun an t-eolas atá stóráilte a úsáid chun oideachas na mbodhar in Éirinn a fheabhsú go leanúnach. Léireoidh an DHC an Digitiú seo dá bhaill, d’eagraíochtaí bodhair eile agus don phobal i gcoitinne, trí mhodhanna ilmheánacha, agus freisin trí shuíomh Gréasáin an DHC agus Facebook. Nuair a maolófar srianta Covid-19 ag tús 2021, le cúnamh De seolfaidh an DHC an tionscnamh críochnaithe le grúpa a fuair cuireadh a dhéanann ionadaíocht ar oideachasóirí, ar ghairmithe, ar chomhlachtaí poiblí agus ar ghníomhaireachtaí tacaíochta an Rialtais, chun tábhacht an Tionscadail tairseach seo a fhógairt.

Tá na Leabhair Miontuairiscí sábháilte anois i mboscaí saor ó aigéad agus bhfíochán cuí ar mhaithe le caomhnú fadtéarmach. Is éacht mór é freisin an Digitiú ar 272 claonchló plátghloine. Is earraí rúnda iad seo ach anois tá siad sábhailte freisin chun féachaint orthu agus le haghaidh taighde. Is fianaise chuí iad ar thiomantas na múinteoirí sna scoileanna do na bodhair i dtreo dheireadh na 1800í agus na 1900í luatha. De bharr na gclaonchlónna plátghloine, osclaíodh domhan nua do dhaltaí bodhra agus cuireadh feabhas lena gcuid oideachais trí spéis agus plé a spreagadh ar réimse leathan de radhairc agus íomhánna daite teilgthe.

Ceann de na claonchló plátghloine.