Déanann leanaí oidhreacht ilghnéitheach na hÉireann a athchruthú le LEGO®
Buaiteoirí fógartha i gcomórtas a mheall níos mó ná 150 iontráil ó dhaoine óga ar fud an oileáin
Tá Aillte an Mhothair, bosca pianó, Páirc de híde agus Phil Lynott i measc na n-iontrálacha buacacha agus dara háit i gcomórtas a d'eagraigh an Chomhairle Oidhreachta, a chuir de chúram ar pháistí an sampla is fearr leo d'oidhreacht na hÉireann a athchruthú le LEGO® agus míniú a thabhairt ar a mbaineann siadsan as an ábhar a roghnaigh siad.
D'fhreastail Ealíontóir de chuid Lego®Brick agus breitheamh an chomórtais, Jessica Farrell, ar bhabhta ceannais an chomórtais, a bhí ar siúl i Músaem Mhíle na Meánaoise i gCill Chainnigh an oíche roimh Lá Domhanda LEGO (Dé Sathairn 27 Eanáir).
Tháinig níos mó ná 150 iontráil isteach don chomórtas ó gach cearn den oileán, agus iontrálaithe ag féachaint ar gach gné d'oidhreacht thógtha, nádúrtha agus chultúrtha shaibhir agus ilghnéitheach na hÉireann chun inspioráid a fháil. Bhí an comórtas oscailte do pháistí idir ceithre bliana agus dhá bhliain déag d'aois, le dhá chatagóir aoise: 4-go-7 mbliana d'aois, agus 8-go-12 bhliain d'aois. Iarradh ar leanaí a samhail a thógáil, a gcatagóir a roghnú, cur síos gairid a scríobh ar an méid a léiríonn a samhail agus a rá cén fáth a bhfuil sé tábhachtach dóibh, agus ansin grianghraf den tsamhail a ghlacadh agus é a chur isteach trí shuíomh gréasáin na Comhairle Oidhreachta.
Thug buaiteoirí an dá chatagóir abhaile leo leabhar 'Conas dineasáir LEGO a thógáil' agus Cárta Oidhreachta OOP, agus bronnfar tacar clasaiceach LEGO ar bhuaiteoirí sna catagóirí 4-7 mbliana d'aois, agus gheobhaidh buaiteoirí na gcatagóirí níos sine tacar cruthaitheora LEGO®.
Is iad seo a leanas liosta iomlán na mbuaiteoirí:
Aois 4-go-7 mbliana:
- Oidhreacht thógtha – James Sturgeon "Sí an Bhrú"
- Oidhreacht chultúrtha - Harrison McKeoin "Phil Lynnot"
- Oidhreacht nádúrtha - Cian Crowley "Irish Lynx" (Lincse Éireannach)
Aois 8-go-12 bhliain:
- Oidhreacht thógtha - Toby agus Aoibhín Egan "Teachín Ceann Tuí"
- Oidhreacht chultúrtha - Tadhg Sinnott "Mise agus Pangur Bán"
- Oidhreacht nádúrtha - Aedan Murray "Turnstone" (Piardálaí Trá)
Tá na hiontrálacha buacacha ar taispeáint anois ag taispeántas speisialta i Músaem Mhíle na Meánaoise i gCill Chainnigh. Beidh an taispeántas ar siúl go dtí an 8 Feabhra.