Hedgehog Lower Res

Oidhreacht ag Súgradh

Comórtas do dhíograiseoirí brící LEGO® idir 4-12 bliain d’aois bunaithe ar oidhreacht thógtha, nádúrtha agus chultúrtha na hÉireann.

Comórtas do dhíograiseoirí brící LEGO® idir 4-12 bliain d’aois bunaithe ar oidhreacht thógtha, nádúrtha agus chultúrtha na hÉireann.

D’iarr an Chomhairle Oidhreachta ar pháistí ar fud na tíre a bheith cruthaitheach agus gné d’oidhreacht thógtha, nádúrtha nó chultúrtha na hÉireann a thaispeáint ag baint úsáide as brící LEGO®.

Dúnfar an comórtas d’iontrálacha ar 30 Samhain 2023.

Catagóirí Iontrála 

Oidhreacht Thógtha: foirgnimh, séadchomhartha, struchtúir, srl.
Oidhreacht Nádurtha:
fiaddhúlra, tírdhreach, flora, fána, uiscebhealach, srl.
Oidhreacht Chultúrtha:
nósanna, cleachtais, damhsa, ceird, spóirt, earraí músaem, srl.

Catagóirí grúpa ; 4-7 bliana d’aois agus 8-12 bliana d’aois

Rialacha an Chomórtais

1. Is é téama an chomórtais ná oidhreacht áitiúil agus ní mór go mbeadh múnlaithe bunaithe ar ghné éigin den téama seo. Ba chóir go mbeadh gach múnla ceangailte le halt tuairisciúil ina bhfuil an t-ábhar roghnaithe, an fáth gur roghnaíodh é agus an chiall speisialta a bhaineann leis.

2. Ba chóir go mbeadh múnlaí de LEGO® leagtha in aghaidh chúlra bán a léiríonn an oiread sonraí agus is féidir. Cinntigh, le do thoil, nach mbeidh aon duine le feiceáil sa ghrianghraif. Glacfar le haon ghrianghraif in aghaidh gach múnla agus cuirfear ar taispeáint iad i ngailearaí poiblí ar leith ar shuíomh gréasáin na Comhairle Oidhreachta.

3. Ní mór go mbeadh an obair cruthaitheach agus bunúil ó gach iarratasóir. (níl cead aon séata nó leathshéata).

4. Ní mór múnlaí a thógáil ó bhrící atá 100% déanta as LEGO®. Níl cead aon ábhar eile cosúil le páipéar, cairtchlár, sreang, etc. a úsáid. Ba chóir go mbeadh gach bríce mar bhunchineál agus ní gearrtha, gliúáilte, péinteáilte nó mionathruithe ar aon bhealach.

5. Beidh moltóireacht bunaithe ar thrí chritéir: Léiriú ar théama, fiúntas an ealaíontóra agus scil tógála.

Beidh na hiontrálacha rathúla ar taispeáint ar ár meáin shóisialta agus beidh an rogha ag na buaiteoirí a bheith mar chuid de thaispeántas speisialta ag Músaem Medieval Mile de chuid Chill Chainnigh in 2024.

An Chaoi le hIontráil

1. Glac grianghraif de do mhúnla.
2. Comhlánaigh an fhoirm thíos, agus ceangail d’íomhá nuair a iarrtar é.
3. Cuir d’iontráil faoi bhráid faoin 30ú Samhain 2023.

Create your own user feedback survey

_____________________________________________________________________________________________________________________

Na Duaiseanna

Catagóirí grúpa 3; 4-7 bliana d’aois (oidhreacht thógtha, nádúrtha & chultúrtha), 3 dhuais in aghaidh na catagóire: an 1 duais - seit Clasaiceach LEGO, an leabhar How to build LEGO dinosaurs agus Cárta Oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí; Don bheirt a thagann sa dara agus sa tríú háit: an leabhar How to build LEGO dinosaurs agus Cárta Oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí.

Catagóirí 8-12 bliana d’aois 3 chatagóir, 3 dhuais in aghaidh na catagóire: an 1 duais - seit Clasaiceach LEGO, an leabhar How to build LEGO dinosaurs agus Cárta Oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí. Don bheirt a thagann sa dara agus sa tríú háit: an leabhar How to build LEGO dinosaurs agus Cárta Oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí.

Beagán inspioráid beag ar an mbealach

Arís i mbliana bhí an t-ealaíontóir bríce LEGO® againn, Jessica Farrell ar bord chun roinnt inspioráid agus treoir agus roinnt samhlacha samplacha nua le treoracha céim ar chéim chun triail a bhaint astu a sholáthar.

Ár mBuatóirí

2022

2021

2020

Cuardaigh tuilleadh cláir

Clonmel 05

Líonra Bhailte Múrtha na hÉireann

Bunaithe ag an gComhairle Oidhreachta i 2005, is é ról an IWTN ná cabhrú le Bailte Múrtha na hÉireann a fheabhsú mar áiteanna cónaithe, mar áiteanna oibre agus mar áiteanna le teacht ar chuairt chucu.

Líonra Bhailte Múrtha na hÉireann
Landscape

Bealach Bhéarra Bhréifne

An chonair shiúil is faide in Éirinn, rud a thugann deis do shiúlóirí taitneamh a bhaint as réimse mór na dtírdhreach álainn ó Leithinis Bhéarra i gContae Chorcaí go dtí an Bhlaic i gContae an Chabháin.

Bealach Bhéarra Bhréifne