Tionscadal Athghiniúna Oidhreachta Challainn 2020
Obair leasúcháin ar ráille agus ar ghnéithe cloiche de theorainn ráillí Eaglais Naomh Muire ar Shráid na Faiche agus ar Shráid an Mhuilinn, agus, ar dhroichead coisithe Abhainn an Rí i gCallainn, Co. Chill Chainnigh.
Cuirfidh an obair go mór le suíomh Shéipéal Mhuire, agus rachaidh sé chun leasa don réimse poiblí ar Shráid na Faiche agus lár an bhaile. Tá meath suntasach tagtha ar na ráillí agus na heilimintí cloiche seo le blianta beaga anuas, agus caomhnóidh na hoibreacha seo iad don todhchaí. Tugadh faoi na hoibreacha de réir dea-chleachtais chaomhnaithe, agus taispeánann sé na scileanna agus ceardaíocht atá ag teastáil Tá saor cloiche speisialaithe agus oibrí iarainn, agus seandálaí fostaithe ag na hoibreacha seo, a thugann tacaíocht a bhfuil géarghá leis dár bpobal ceardaíochta le linn aimsir na Coivéide.
Íomhá 1 - Na Piaraí Phríomhgheata Naomh Mhuire a chur ar ais
Íomhá 2 - Plionta cloiche a chur ar ais ar theorainn Naomh Mhuire