Beochaintí Leabhar Cheanannais le Teanga Chomharthaíochta na hÉireann
Cruthaíodh dhá bheochaintí ilúsáideoirí sothuigthe do pháistí chun rochtain agus rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí oidhreachta ag an Leabhar Cheannais agus an Sean Leabharlanna fheabhsú i measc páistí óga, go háirithe páistí faoi mhíchumas.
Scéim: Scéim Deontais Pobal Oidhreachta 2020
Uimhir: CH09806
Teideal an Tionscadail: Beochaintí Leabhar Cheanannais le Teanga Chomharthaíochta na hÉireann
Méid bronnta: €10,000
Cuireann na beochaintí rochtain níos fearr ar fáil do pháistí óga tríd an Leabhar Cheanannais agus Leabharlann Taighde na Lámhscríbhinní agus na gCartlann a léiriú i slí simplí agus spraíúil, le Teanga Chomharthaíochta le haghaidh páistí bodhra agus tráchtaireacht fuaime le haghaidh páistí dalla.
Dearadh dhá cheann de na beochaintí do lucht éisteachta bodhar agus fuair siad tacaíocht ó chomhoibriú leis an Ionad do Staidéar na mBodhar i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Bhí sprioc roinnte againn ábhar ar ard-chaighdeán a chruthú do pháistí bodhra ag úsáid Teanga Chomharthaíochta na hÉireann agus an toradh atá againn sa deireadh ná dhá beochaintí a bhaineann leas as teanga comharthaíochta chun beocht a thabhairt do scéal le haghaidh lucht éisteachta bodhar.
Féach ar shuíomh gréasáin Choláiste na Tríonóide le haghaidh tuilleadh eolais.