Léiriú ar ré nua i gcosaint an fhiadhúlra ar an leibhéal áitiúil is ea ceapachán na nOifigeach Bithéagsúlachta
Is iad Cill Chainnigh, Uíbh Fhailí, Cathair Chorcaí agus Cill Chainnigh na chéad áiteanna a cheap oifigigh bhithéagsúlachta faoin gclár nua
Le tacaíocht ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, d’fhógair an Chomhairle Oidhreachta agus an Cumann Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach (CCMA) inniu gur ceapadh na chéad oifigigh bhithéagsúlachta sa tír faoi thionscnamh nua a fógraíodh an bhliain seo caite. Tríd an gclár, ceapfar oifigeach bithéagsúlachta chuig gach údarás áitiúil sa tír faoi dheireadh na bliana 2024.
Is tráthúil atá na ceapacháin seo. Foilsíodh na moltaí ón Tionól Saoránach ar Chailleadh na Bithéagsúlachta níos luaithe an mhí seo, ina léirítear arís eile an gá práinneach atá ann leis an ngéarchéim bithéagsúlachta atá roimh ár n-éiceachóras a chomhrac. Tabharfaidh na hoifigigh bhithéagsúlachta nuacheaptha aghaidh go díreach ar chuid mhór de na moltaí, lena n-áirítear bainistíocht fálta sceach a fheabhsú, tailte portaigh a athbhunú, dul i ngleic le speicis choimhthíocha ionracha agus dul i dteagmháil le pobail áitiúla.
Chomh maith leis sin, soláthróidh na hoifigigh bhithéagsúlachta oiliúint agus comhairle do chomhghleacaithe údaráis áitiúil ar shaincheisteanna bithéagsúlachta agus ar na hoibleagáidí atá orthu acmhainní a chosaint, lena n-áirítear coillearnacha uirbeacha, páirceanna, réitigh dhúlrabhunaithe, agus bainistíocht tailte poiblí. Beidh siad freagrach as feasacht a mhúscailt ar na saincheisteanna a dhéanann difear don bhithéagsúlacht agus don athrú aeráide ar an leibhéal áitiúil agus cabhróidh siad le pleananna bithéagsúlachta cathrach agus pleananna bithéagsúlachta contae a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.
Tá forbhreathnú iomlán ar na freagrachtaí ar fáil anseo.
Táthar ar tí Oifigigh Bhithéagsúlachta a cheapadh i gCill Dara agus ar an Iarmhí, agus rachaidh siad i mbun a ról nua go luath. Tá Oifigigh Bhithéagsúlachta ag obair i bhFine Gall, i gCathair Bhaile Átha Cliath, i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin agus i gCathair na Gaillimhe cheana féin.
Dúirt Malcolm Noonan TD, an tAire Stáit um Oidhreacht agus Athchóiriú Toghcháin:
“Is iontach an rud é go bhfuil na chéad Oifigigh Bhithéagsúlachta ceaptha chuig a róil nua anois. Ceann amháin de na príomhghealltanais i gClár an Rialtais ba ea post mar Oifigeach Bithéagsúlachta a chruthú i ngach údarás áitiúil, agus ba mhaith liom baill foirne na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, na Comhairle Oidhreachta agus na n-údarás áitiúil a mholadh ar an obair ollmhór a chuir siad isteach chun an gealltanas sin a chomhlíonadh.
“Tá an lá inniu ina chloch mhíle thábhachtach inár n-aistear comhchoiteann i dtreo an dúlra a chosaint agus a athbhunú ar fud na tíre agus luach na bithéagsúlachta a chur chun cinn laistigh dár bpobail. Ag obair dóibh i gcomhar le hOifigigh Oidhreachta, imreoidh na hOifigigh Bhithéagsúlachta ról lárnach maidir leis an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht a chur chun feidhme, maidir le dul i dteagmháil le pobail agus maidir le tacú le húdaráis áitiúla gníomhaíocht dhearfach a dhéanamh ar son an dúlra agus an fhiadhúlra ar an leibhéal áitiúil.”
Thréaslaigh an Dr Martina Maloney, Cathaoirleach na Comhairle Oidhreachta, le Comhairle Contae Chill Chainnigh, le Comhairle Cathrach Chorcaí, le Comhairle Contae Uíbh Fhailí agus le Comhairle Contae Chill Mhantáin, agus í ag rá:
“Bunchloch ár n-oidhreachta nádúrtha agus fholláine ár bpláinéid is ea an bhithéagsúlacht. Cinnteoidh obair ríthábhachtach na nOifigeach Bithéagsúlachta seo cosaint agus caomhnú ár mbithéagsúlachta sárluachmhaire. Tá an Chomhairle Oidhreachta ag tnúth go mór le tacú agus le comhoibriú leo ina róil.”
Dúirt Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta:
“Tá ceapachán na nOifigeach Bithéagsúlachta Contae ina mhórchéim chun tosaigh maidir leis na hiarrachtaí atá ar bun againn bithéagsúlacht shaibhir na hÉireann a chosaint agus a chaomhnú. Táimid ag dúil le hobair i gcomhpháirt leis na hoifigigh nua chun comhghuaillíochtaí a chruthú agus chun pleananna éifeachtacha áitiúla bithéagsúlachta a chur le chéile. In éineacht leis na hoifigigh a ceapadh le déanaí, tosóidh seachtar Oifigeach Bithéagsúlachta ag obair in údaráis áitiúla go luath, agus sinn ar an mbóthar ceart chun 20 oifigeach a bheith againn faoi dheireadh na bliana.”
Chuir ionadaithe tofa áitiúla fáilte chroíúil roimh na ceapacháin, agus béim á leagan acu ar a thábhachtaí atá caomhnú na bithéagsúlachta agus rannpháirtíocht an phobail ar an leibhéal gnáthphobail.
Dúirt an Comh. Frank Moran, Cathaoirleach Chomhairle Contae Uíbh Fhailí:
“Tá lúcháir orainn fáilte a chur roimh Ricky Whelan, ár nOifigeach nua Bithéagsúlachta Contae, a bhfuil sártheist air maidir le hobair i gcomhar le pobail agus le plé le cumarsáid i réimse na hoidhreachta nádúrtha. Táimid ag tnúth leis an raon tionscadal réamhghníomhach comhpháirtíochta a fhorbróidh sé i réimse na bithéagsúlachta sa chontae.”
I gCill Chainnigh, dúirt an Cathaoirleach Pat Fitzpatrick:
“Agus Bernadette Moloney á ceapadh againn mar Oifigeach Bithéagsúlachta Contae, táimid ag tógáil céim ríthábhachtach i dtreo bithéagsúlacht Chill Chainnigh a chaomhnú agus a chur chun cinn. Táimid ag tnúth le comhoibriú le Bernadette chun pleananna éifeachtacha bithéagsúlachta a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun tairbhe dár bpobail agus don chomhshaol.”
Dúirt an Comh. Tommy Annesley, Cathaoirleach Chomhairle Contae Chill Mhantáin:
“Tá lúcháir orainn fáilte a chur roimh Laura Kehoe, an tOifigeach tiomnaithe Bithéagsúlachta do Chill Mhantáin, agus táim ag tnúth le hobair i gcomhar léi ar mhaithe le hoidhreacht shaibhir nádúrtha ár gcontae a chosaint. Tá an ceapachán seo mar fhianaise ar a thiomanta atáimid dár gcomhshaol a chosaint agus a fheabhsú.”
Ag fáiltiú dó roimh na ceapacháin faoin gclár náisiúnta, dúirt John Mulholland, Cathaoirleach an Choiste um Fhorbairt Tuaithe, Pobal, Cultúr agus Oidhreacht de chuid CCMA:
“Tá lúcháir ar an gCumann Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach tacú leis an gClár tábhachtach Oifigeach Bithéagsúlachta agus tá an-áthas air a fheiceáil go mbíonn ceapacháin á ndéanamh agus go mbíonn an clár á chur ar aghaidh. Mar gheall ar shaineolas na nOifigeach Bithéagsúlachta, treisítear go mór leis na hiarrachtaí atá ar bun againn ar an leibhéal údaráis áitiúil chun an bhithéagsúlacht a chosaint agus tuiscint don bhithéagsúlacht a spreagadh inár gcuid limistéar. Trí oifigigh bhithéagsúlachta a cheapadh, cabhrófar leis an earnáil rialtais áitiúil cur leis an uaillmhian atá againn tosca bithéagsúlachta a chomhtháthú isteach inár n-oibríochtaí uile agus treiseofar leis an gcumas atá againn aghaidh a thabhairt ar chailliúint na bithéagsúlachta agus gníomhú ar son na haeráide a chur chun cinn inár gcuid oibre agus inár bpobail.”
Chun tuilleadh mionsonraí a fháil faoi obair na nOifigeach Bithéagsúlachta Údaráis Áitiúil, féach https://www.heritagecouncil.ie/our-work-with-others/biodiversity-officer-programme
CRÍOCH
Nótaí d’eagarthóirí
Teagmhálaí do na meáin:
Déan teagmháil le Pearse Ó Caoimh, an Chomhairle Oidhreachta, chun agallamh a eagrú
T. 085-8590378 R. pocaoimh@heritagecouncil.ie
Mionsonraí Breise