Iarratais á lorg do Scéim Uchtaigh Séadchomhartha

Spreagtar grúpaí pobail ar fud na hÉireann iarratas a dhéanamh ar an scéim Uchtaigh Séadchomhartha de chuid na Comhairle Oidhreachta.

Is éard atá i gceist leis an scéim seo ná cur ar chumas pobal áitiúil a bheith páirteach i gcúram agus i gcaomhnú séadchomhartha áitiúil a bhfuil meas mór air. Tríd an scéim Uchtaigh Séadchomhartha cuirtear saineolas, meantóireacht agus tacaíocht ar fáil do phobail chun cabhrú leo aire a thabhairt dá n-oidhreacht áitiúil. Agus í ag obair i gcomhpháirtíocht le pobail agus comhlachtaí stáit, cuidíonn an scéim lena cinntiú go mairfidh na séadchomharthaí a nglactar leo buan.

Ó cuireadh tús leis an scéim den chéad uair in 2016, tá 25 grúpa ar fud na hÉireann tar éis ‘uchtú le’ séadchomharthaí ina gceantar, ó shuíomh réamhstairiúil nach bhfuil mórán ar eolas faoi go foirgnimh thionsclaíocha ón 19ú haois, go séipéil ó na meánaoiseanna chomh maith le caisleán Gaelach.

Tá éagsúlacht dochreidte ag baint le suímh oidhreachta ar fud na hÉireann, lena n-áirítear tuamaí ársa, ciorcail chloiche, mainistreacha luatha, caisleáin, séipéil agus reiligí, eastáit talún, mianaigh, áitheanna, muilte, tithe traidisiúnta agus bláir chatha. Glactar le míniú an-leathan ar cad is oidhreacht ann sa Scéim Uchtaigh Séadchomhartha agus tá sé oscailte d’iarratais ó ghrúpaí pobail díograiseacha ar fud na hÉireann iarratas a dhéanamh ar an scéim chun glacadh le láithreán atá tábhachtach dóibh. Tá sé mar aidhm ag an scéim go mbeidh an séadchomhartha roghnaithe ina lárphointe do ghníomhaíochtaí a bhaineann le hoidhreacht, oideachas agus caitheamh aimsire agus go spreagfaidh sé tuiscint níos fearr agus meas níos mó ar an oidhreacht áitiúil.

Ag labhairt di ag tacú leis an scéim dúirt Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta, ag cruinniú na Comhairle:

“Is bealach iontach í an Scéim Uchtaigh Séadchomhartha lena chinntiú go bhfanann ár séadchomharthaí ina gcuid lárnach de phobal. Tá saineolas agus acmhainní a bhfuil géarghá leo ag teastáil chun iad a chothabháil agus aire a thabhairt dóibh agus is é sin go díreach a sholáthraítear faoin scéim. Is féidir linn a fheiceáil cheana féin an tionchar dearfach a bhí ag an scéim ar na ceantair inar uchtú le séadchomhartha, agus is mór an sásamh dúinn an mórtas ceantair agus meas méadaithe na saoránach a tháinig as iarrachtaí ár ngrúpaí pobail tiomnaithe.”

Tá an Scéim Uchtaigh Séadchomhartha á bainistiú ag Abarta Heritage thar ceann na Comhairle Oidhreachta. Is é an 13 Samhain 2023 an dáta deiridh le haghaidh iarratas. Tá tuilleadh eolais faoin scéim agus faoin bpróiseas iarratais le fáil anseo