Maoiniú €1.22m chun borradh a chur faoi gheilleagair áitiúla agus dul i ngleic le folúntas in 8 mbaile stairiúla

Nuacht

D’fhógair an Chomhairle Oidhreachta, in éineacht leis an Aire Stáit Malcolm Noonan TD inniu (22.03.24) go roinnfear maoiniú €1.22m ar ocht mbaile stairiúla faoi Thionscnamh na mBailte Stairiúla 2024.

Leis an maoiniú sin, cabhrófar le poist a chur ar fáil trí athghiniúint atá bunaithe ar an oidhreacht, cabhrófar le geilleagair áitiúla a atógáil agus rachfar i ngleic le folúntas, ag díriú go leanúnach ar oidhreacht.

Tionscnamh comhpháirteach idir an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an Chomhairle Oidhreachta é Tionscnamh na mBailte Stairiúla agus tá scéim na bliana seo ag teacht sna sála ar thionscadail ar éirigh thar cionn leo ó 2018 go 2023. Tá tograí á lorg ag Tionscnamh na mBailte Stairiúla lena spreagfar athúsáid shonrach a bhaint as foirgnimh stairiúla agus tá oibreacha a bhaineann le tionscadail na bliana seo le cur i gcrích roimh dheireadh na bliana.

Moltar maoiniú a dháileadh ar cheithre thionscadal chaomhnaithe sna bailte a leanas:

  • Béal an Átha, Co Mhaigh Eo
  • Mainistir na Corann, Co Chorcaí
  • Na Gleannta, Co Dhún na nGall
  • Biorra, Co Uíbh Fhailí

Sa bhreis air sin, tá beartaítear cabhrú le athghiniúint atá bunaithe ar an oidhreacht sna bailte a leanas:

  • An Pasáiste, Co Chorcaí
  • Baile Mhuineacháin, Co Mhuineacháin
  • Lios Dúin Bhearna, Co an Chláir
  • Béal na mBuillí, Co Ros Comáin

Tá tuilleadh mionsonraí faoi na tionscadail sin le fáil sna Nótaí d’Eagarthóirí thíos. *

Dúirt, an tAire Stáit le freagracht as Dúlra, Oidhreacht agus Athchóiriú Toghcháin, Malcolm Noonan TD:

“Tógann sé mo chroí gach bliain an chaoi a n-éiríonn leis an scéim Tionscnamh na mBailte Stairiúla na spásanna folmha i lár ár mbailte stairiúla a athnuachan, agus moil bhríomhara le bheith cruthaitheach agus le maireachtáil iontu a dhéanamh díobh, chomh maith le struchtúir stairiúla a chaomhnú do na glúnta atá le teacht. Is sampla eile iad na tacaíochtaí sin den dul chun cinn ollmhór atá déanta chun ár spriocanna faoi Oidhreacht Éireann 2030 a bhaint amach agus leanfaimid de dhéanamh deimhin de go mbeidh na hacmhainní ag na húdaráis áitiúla a theastaíonn uathu chun dul i ngleic le folúntas agus tréigean fad a chaomhnófar ár n-oidhreacht shaibhir ailtireachta.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta, Virginia Teehan:

“Ní hamháin go bhfuil ról lárnach ag an scéim seo in athchóiriú ár gcuid foirgneamh stairiúil, cuireann sí le rannpháirtíocht an phobail agus le fás eacnamaíoch freisin trí chuairteoirí a mhealladh agus trí ghnólachtaí a chothabháil. Trí úsáid úr a thabhairt do struchtúir stairiúla chun críoch cónaithe, ealaíonta agus cultúrtha, tá an t-am atá caite á chaomhnú againn agus todhchaí níos gile á cruthú againn do bhailte ar fud na tíre. Is chun leasa an chaomhnaithe agus an rathúnais araon í an scéim seo.”

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí:

Mionsonraí faoi thionscadail agus dámhachtainí 2024:

Béal an Átha: Cabhróidh an tionscadal seo le húinéirí chun struchtúir stairiúla i Limistéar Caomhantais Ailtireachta ar Pearse Street a dheisiú, chun dul i ngleic le folúntas ionas gur féidir cónaí san áit agus gur féidir leis an bpobal an áit a úsáid. Moltar deisiúchán riachtanach a dhéanamh, earraí báistí a shuiteáil, fuinneoga agus dorais a chaomhnú agus a athchóiriú, agus péinteáil a dhéanamh in 2024. Beidh an méid sin ag cur leis an obair chomhchosúil a rinneadh ar Pearse Street agus a maoiníodh trí Tionscnamh na mBailte Stairiúla in 2019-2020. €240,000

Mainistir na Corann: Baineann an tionscadal seo le Leabharlann Mhainistir na Corann a chaomhnú agus a chosaint agus tá sé d’aidhm aige cabhrú leis an bhfoirgneamh seo, ar sainchomhartha sa bhaile é, a chothabháil. Déanfar oibreacha ar an díon, ar na fuinneoga agus ar an taobh amuigh den iar-Theach Margaidh seo ón ochtú céad déag. €350,000

Na Gleannta: Leis an maoiniú seo, beifear in ann foirgnimh stairiúla sna Gleannta a chaomhnú agus úsáid a bhaint astu arís. Is é is aidhm leis na hoibreacha athghiniúint inbhuanaithe atá bunaithe ar an oidhreacht a chumasú agus turasóireacht chultúrtha a bhaineann le Brian Friel agus na Gleannta a chur chun cinn. Tá oibreacha caomhnaithe ar an iar-Theach Cúirte, Séipéal Chonaill, Músaem Chonaill agus teach Labhrais i gceist leis an tionscadal. €350,000

Biorra: Leis an maoiniú a shannfar don iar-Theach Cúirte in 2024, beifear in ann iarratas a dhéanamh ar an Údarás Áitiúil faoi Chuid 8 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 chun úsáid úr mar ionad ealaíon don phobal a bhaint as an bhfoirgneamh. Táthar ag súil go n-éascóidh sin iarratas a dhéanamh amach anseo ar phacáiste maoinithe níos mó faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe (RRDF) chun athchóiriú an fhoirgnimh shuntasaigh seo a thabhairt chun críche. €80,000

Ina theannta sin, bronnadh maoiniú ar na húdaráis áitiúla le haghaidh ceithre phlean maidir le hathghiniúint atá bunaithe ar an oidhreacht. Táthar ag súil go mbeidh pleananna den sórt sin mar bhonn eolais d’iarratasóirí ar mhaoiniú le haghaidh caomhnú amach anseo sna háiteanna a leanas:

An Pasáiste: Is é is aidhm don phlean seo feabhas a chur ar chuma An Phasáiste agus foirgnimh thréigthe a chur in úsáid arís sa bhaile seo i gCuan Chorcaí ina bhfuil oidhreacht shaibhir. €50,000

Baile Mhuineacháin: Cuirfear creat ar fáil leis an bplean seo d’inchónaitheacht inbhuanaithe, lena gcinnteofar go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as sócmhainní oidhreachta nádúrtha agus tógtha, agus beidh rannpháirtíocht ghníomhach an phobail i gceist le forbairt an phlean. €50,000

Lios Dúin Bhearna: Leis an tionscadal seo faoi Thionscnamh na mBailte Stairiúla, féachtar le hoidhreacht uathúil spá an bhaile a chaomhnú trí measúnuithe mionsonraithe ailtireachta agus caomhnaithe a dhéanamh ar na foirgnimh spá. Is é is aidhm don tionscadal ceann scríbe mealltach a fhorbairt i gcomhar leis an bpobal áitiúil. €50,000

Béal na mBuillí: Leis an maoiniú seo, beifear in ann plean athghiniúna atá bunaithe ar an oidhreacht a fhorbairt do Bhéal na mBuillí. Beidh sé faoi stiúir ailtirí agus molfar príomh-ghníomhartha chun na sócmhainní oidhreachta tógtha a athghiniúint agus chun naisc le Teach agus Eastát Bhéal na mBuillí a threisiú. €50,000

Tuilleadh eolas ar an Tionscnamh na mBailte Stairiúla