View Of Day Place Looking Northwards Following Conservation Work

Tionscnamh na mBailte Stairiúla

2012- ar aghaidh

Tionscnamh chun athghiniúint oidhreacht-threoraithe a chur chun cinn agus chun cáilíocht ár mbailte agus sráidbhailte stairiúla a fheabhsú do chónaitheoirí agus turasóirí.

Tionscnamh chun athghiniúint oidhreacht-threoraithe a chur chun cinn agus chun cáilíocht ár mbailte agus sráidbhailte stairiúla a fheabhsú do chónaitheoirí agus turasóirí.

Réamhrá

Is áiteanna stairiúla le hionnanas faoi leith acu iad an-chuid de lár ár gcathracha, mbailte agus sráidbhailte Is próiseas casta é iad seo a chothú, a bhfuil i gceist go minic caomhnú agus athúsáid fhoirgneamh reatha, cúram spásanna poiblí agus áiseanna pobail a chur ar fáil. Déanann caomhnú agus léirmhíniú na hoidhreachta seo ár mbailte suimiúil, uathúil agus tarraingteach do chónaitheoirí agus do chuairteoirí.

Mar thacú leis an bpolasaí Lár Bailte chun Tosaigh atá leagtha amach sa Chlár don Rialtas: Is gnóthas comhpháirteach é Tionscnamh na mBailte Stairiúla (TBS) (2020) ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an Chomhairle Oidhreachta a bhfuil mar aidhm aige athghiniúint bhailte stairiúla na hÉireann a chur chun cinn bunaithe ar an oidhreacht.

Gealltar i straitéis an rialtais a foilsíodh le déanaí, Tithíocht do Chách (2021) go ndéanfar ‘an tionscnamh [Bailte Stairiúla] a choigeartú chun úinéirí príobháideacha agus/nó áititheoirí a spreagadh achar urláir folamh i bhfoirgnimh stairiúla a úsáid arís agus díreofar go háirithe ar thionscadail a thugann aghaidh ar thréigean agus ar fholúntais, faoi réir ag dul tríd an bpróiseas pleanála de réir mar is gá.'

Leagtar amach san Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021 treochlár le haghaidh aistriú na hÉireann chuig geilleagar atá athléimneach ó thaobh na haeráide de, atá saibhir i mbithéagsúlacht agus atá neodrach ó thaobh aeráide de tráth nach déanaí ná deireadh na bliana 2050. Ciallaíonn an t-athrú seo chuig todhchaí atá neodrach ó thaobh na haeráide de go bhfuil níos mó tábhachta ag baint le caomhnú agus le hathchóiriú an stoic foirgneamh stairiúil atá ann cheana. Cuimsíonn foirgnimh atá ann cheana fuinneamh corpraithe a chailltear má scartar iad; agus ríomhtar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le scartáil agus athsholáthar foirgnimh a dtógfaidh sé na blianta téarnamh.

Tá buntáistí breise ag baint le húsáid inbhuanaithe fhoirgnimh stairiúla ár mbailte maidir le cur le cáilíocht na beatha do chách trí chomaitéireacht laghdaithe a thairiscint mar go mbíonn na foirgnimh seo níos gaire don taitneamhachtaí agus seirbhísí de ghnáth. Ar bhealach níos dírí tá tionchair an athraithe aeráide ar ár n-oidhreacht thógtha níos soiléire agus ba cheart iad a chur san áireamh in aon tograí faoin TBS. D’fhéadfadh na tionchair seo a bheith láithreach agus carnach araon – ionas gur dócha go dtiocfaidh méadú ar an damáiste ó imeachtaí tubaisteacha ar nós tuilte agus stoirmeacha ag an am céanna le tosú mall na n-athruithe ar phróisis mheathlaithe. Tá an oidhreacht thógtha i mbaol mí-oiriúnú freisin, is é sin, cailliúint nó damáiste gan chuimhneamh do struchtúir agus láithreáin le linn oibreacha oiriúnaithe. Mar gheall ar aimsir mhéadaithe agus imeachtaí aeráide géara, is dócha go n-éireoidh an timthriall deisiúcháin ar oidhreacht thógtha ár mbailte níos giorra. Beidh cothabháil agus deisiú méadaithe ríthábhachtach chun athléimneacht a thógáil inár bhfoirgnimh agus ár mbailte stairiúla le cur ar a gcumas éifeachtaí timpeallachta atá ag athrú a sheasamh.

Tá an TBS i bhfeidhm ó 2018 agus go dtí seo tá tacaíocht tugtha aige do thionscadail athnuachana oidhreachta i dtrí bhaile is fiche: Eochail, Co.Chorcaí, Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo, Ceanannas, Co. na Mí, Carraig na Siúire, Co. Thiobrad Árann, Portlaoise, Co. Laois agus Cill Mocheallóg, Co. Luimnigh; Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo, An Uaimh, Co. na Mí, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, Mainistir na Buaille, Co. Ros Comáin, An tAonach, Co. Thiobrad Árann; Cill Rois, Co. an Chláir, Callainn, Co Chill Chainnigh; Sligigh, Co Shligigh; Trá Lí, Co Chiarraí; Ráth Mealtain, Co Dhún na nGall; Cluain Eois, Co Mhuineacháin; Ros Comáin, Co Ros Comáin; Trá Mhór, Co Phort Láirge; Lios Tuathail, Co Chiarraí; Inis Córthaidh, Co Loch Garman,Béal Átha Seanaidh, Co. Dhún na nGall agus Biorra, Co. Uíbh Fhailí.

D’fhorbair an TBS píolótach modh oibre chun creat a bhunú chun baile a athghiniúnt bunaithe ar phrionsabail oidhreachta. Tá an creat seo agus athbhreithniú ar an gclár píolótach TBS le fáil faoi “Acmhainní”

Áirítear i gcéimeanna an chreata iniúchadh ar charachtar agus ar ionannas an bhaile, tacaíocht áitiúil a chruthú, na dúshláin agus deiseanna a aithint, fís do thodhchaí an bhaile a fhorbairt, le tacaíocht ó phlean gníomhaíochta agus na gníomhartha sin a bhaint amach. Is foinse eolais iad an creat agus an t-athbhreithniú d’údaráis áitiúla le hiarratas ar airgead a mheas faoi TBS.

Braitheann an TBS ar láidreacht na bpobal áitiúil agus gnóthaí chun a mbailte stairiúla a athghiniúnt, le tacaíocht ón rialtas áitiúil agus náisiúnta agus ó ghníomhaíochtaí eile atá tiomanta ar chaighdeán na beatha a fheabhsú. Tá samplaí de ghníomhaíochtaí i mbailte eile le fáil sna naisc ar líne ag deireadh an doiciméid seo.

Leanfar leis an gclár náisiúnta seo in 2022, ag baint úsáide as an taithí a fuarthas le cláir 2018-21, arna riaradh ag an gComhairle Oidhreachta. Bronnfar €2 milliún go hiomaíoch faoi Thionscnamh na mBailte Stairiúla ar roinnt bailte stairiúla le haghaidh tionscnamh athghiniúna uirbeacha bunaithe ar an oidhreacht in 2022.

€2 mhilliún ar fáil le haghaidh athnuachan bailte faoi threoir oidhreachta in 2022
Amharc ar an bPreaseisiúint

Ceardlann Faisnéise

D’óstáil an Chomhairle Oidhreachta ceardlann faisnéise súmáil ar an scéim do 2022 ar 13 Eanáir 2022. Taispeánadh cuid de thionscadail 2021 a maoiníodh ag an imeacht seo. Féach ar ais é ar ár gcainéal youtube

Aidhm Thionscnamh na mBailte Stairiúla

Tá mar aidhm ag Tionscnamh na mBailte Stairiúla 2022 tacaíocht a thabhairt do bhailte stairiúla dul i ngleic le clár athghiniúna bunaithe ar an oidhreacht. I 2022 tá suim ar leith againn i dtionscadail a thugann aghaidh ar fholúntas cónaithe i lár na mbailte, a mholann struchtúir stairiúla a athúsáid agus a d’fhéadfadh feidhmiú mar thaispeántóir do thionscadail san todhchaí. Táimid ag tabhairt isteach dhá Shruth maoinithe le haghaidh HTI 2022.

Oibriú TBS

Tá an TBS á riar ag an gComhairle Oidhreachta, arna mholadh ag Grúpa Stiúrtha Náisiúnta an TBS.

Is féidir le gach údarás áitiúil iarratas amháin a chur ar aghaidh chun maoiniú a fháil faoin TBS le haghaidh baile stairiúil ina gceantar feidhmiúil. Ní ghlacfar le hiarratais ach ó údaráis áitiúla. Tá gá le maoiniú meaitseála 20% ar a laghad de chaiteachas iomlán an tionscadail do gach tionscadal a mhaoinítear.

Tá sé i gceist leis an dtionscnamh ná tacaíocht a thabhairt do roinnt bheag bailte. Leithdháilfear maoiniú ar bhonn iomaíoch, de réir na gcritéar measúnaithe leagtha amach thíos

Déanfaidh Grúpa Stiúrtha Náisiúnta an TBS measúnú ar iarratais agus déanfaidh siad moltaí do Bhord na Comhairle Oidhreachta le maoiniú faoin gclár.

Tabharfar tús áite d’iarratais atá ‘plean-bhunaithe’, i.e. de réir Plean Bainistíochta TBS bunaithe ar an gcreat TBS, nó Plean Caomhnaithe, nó Plean sa Réimse Poiblí, nó gníomhartha incháilithe do Phlean Sláinte do Lár an Bhaile, nó a leithéid.

Is dóigh go n-oibreoidh údaráis áitiúla le raon de chomhpháirtíochtaí chun tionscadail TBS a sheachadadh agus ba cheart fianaise de a leithéid de chomhpháirtíochtaí a chur ar fáil le haon iarratas, e.g. litreacha tacaíochta

Beidh maoiniú ar fáil do gach baile rathúil sa raon €150-200,000, ag brath ar na tionscadail a bheartaítear. Ba cheart d’iarratais súil a bheith acu ar scála an chistithe gur dóigh a bheidh ar fáil agus go mbeifear in ann na gníomhartha a bhaint amach laistigh den fráma ama.

Ba cheart do thionscadail arna chistiú faoin TBS caidreamh láidir leis an bpobal a léiriú. Ba cheart na meáin shóisialta a úsáid chun imeachtaí a chur chun cinn, ina dtugtar cuireadh do dhaoine eolas faoin dtionscadal a fháil agus más féidir, páirt a ghlacadh. Samplaí ina leith is ea taispeántais, traenáil, bainistíocht ag an bpobal nó ag ENR (NGO), nó spreagadh a thabhairt do ghrúpaí nár ghlac páirt ann cheana chun páirt a ghlacadh nó a n-oidhreacht a chomhroinnt. Táthar ag súil do dtionólfaidh bailte rathúla imeacht faoina dtionscadal i rith na Seachtaine Oidhreachta. Mar sin féin, ba cheart a bheith ar an eolas gur féidir aon deontas a bhronntar a úsáid le haghaidh oibreacha caipitiúla amháin.

Acmhainní

Heritage Council publication Ballybrilliant: heritage-led regeneration in 5 Irish towns (2018) available on the Heritage Council website.

Historic Towns Initiative Pilot Programme Review 2013-14

Historic Towns Initiative: Framework for the Pilot Phase in Listowel, Westport and Youghal 2013 – 2014

Historic Towns Initiative 2021

Cuardaigh tuilleadh cláir

Coming To Your Senses Heritage Council Creative Ireland Project 2

Ag Teacht ar Do Chéadfaí Nádúrtha

Tionscadal de chuid na Comhairle Oidhreachta, i gcomhpháirtíocht le Cairde Éanlaith Éireann, Caomhnú Ialtóg Éireann agus Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill.

Ag Teacht ar Do Chéadfaí Nádúrtha
Wildflower Meadow Lscott

Feirmeoireacht don Dúlra - Grúpa Teicniúil

Thionóil an Chomhairle Oidhreachta an Grúpa Teicniúil Feirmeoireacht don Dúlra mar chuid dá obair leanúnach Feirmeoireacht le hArd Luach don Dúlra Éireann (HNV).

Feirmeoireacht don Dúlra - Grúpa Teicniúil
Heritage Council Podcast Graphics 1

Sraith Podchraolta na Comhairle Oidhreachta

Scrúdóidh ár bpodchraoltaí i mbliana forbhreathnú leathan ar na heispéiris ilchisealacha a chuimsíonn stair na hÉireann. Cuirfidh na podchraoltaí seo i gcomhthéacs freisin an chaoi a bhfuil an braistint oidhreachta seo ar fad mar chuid dár n-eispéireas comhchoiteann, agus cén fáth a bhfuil an oiread sin den méid a tharla roimhe seo le brath san am i láthair.

Sraith Podchraolta na Comhairle Oidhreachta