Uaigheanna Laighean, Tiobraid Árann

D’fhéadfaí a áitiú gurb é Uaigheanna Laighean an t-ainm is suntasaí de na láithreacha ar fad don Scéim Uchtaithe Séadchomhartha Tá rúndiamhair timpeall ar an séadchomhartha meigiliteach seo ar fhánaí Shléibhte Ara os cionn Loch Deirgeirt i gCo.Thiobraid Árann.

Ceanglaíonn béaloideas an suíomh le hArd-Rí na hÉireann, Brian Ború agus an ról a bhí aige i luíochán agus bás Rí Laighean agus a chuisle. Ceaptar, áfach, go dtéann an séadchomhartha siar go dtí an réamhstair, agus is é an comhdhearcadh ginearálta gur cineál éigin de thuama meigiliteach é.

An Grúpa Pobail: Cumann Staire & Seandálaíochta Ara

Bunaithe in 2017, tá breis agus 50 ball ag Cumann Staire agus Seandálaíochta Arra agus bunaíodh é chun freastal ar dhaoine a bhfuil spéis acu i stair agus i seandálaíocht cheantair Phort Rua, an Bhaile Nua agus an Bhóthair i dTiobraid Árann Thuaidh go príomha. Tugadh leath-bharúntacht ‘Arra’ ar an gceantar seo sa tréimhse mheánaoiseach agus tugann sé a ainm don ghrúpa.

Tá Uaigheanna Laighean uchtaithe ag Cumann Staire & Seandálaíochta Ara agus tá sé mar aidhm aige tuilleadh a fháil amach faoi cad é an suíomh i ndáiríre. Le maoiniú ón gComhairle Oidhreachta trí Chlár Éire Ildánach / Uchtaithe Séadchomhartha 2019, cheap an cumann Earthsound Geophysics chun suirbhé topagrafach agus suirbhé fótagraiméadrachta a dhéanamh ar an láithreán chun tuiscint an phobail ar an séadchomhartha a mhéadú. Tá tuilleadh oibre suirbhéireachta le déanamh ag Earthsound i rith 2020 agus b’fhéidir go dtabharfadh sé seo pictiúr níos soiléire ar a bhfuil faoin talamh ag an láithreán seo.

Is féidir leat a bheith suas chun dáta leis an nuacht is déanaí ó Chumann Staire & Seandálaíochta Arra ar Facebook.