Chun tacú le Tús Áite do Lár Bailte: cur chuige beartais do bhailte Éireannacha (2022), is é atá i dTionscnamh na mBailte Stairiúla ná gnóthas comhpháirteach de chuid na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus na Comhairle Oidhreachta a bhfuil mar aidhm leis athghiniúint atá faoi stiúir na hoidhreachta i mbailte stairiúla na hÉireann a chur chun cinn.
Tionscnamh na mBailte Stairiúla 2025
Tá sé mar aidhm ag Tionscnamh na mBailte Stairiúla (TBS) 2025 tacaíocht a chur ar fáil do bhailte stairiúla atá páirteach i gclár athnuachana atá faoi stiúir na hoidhreachta. Sa bhliain 2025 tá suim againn i dtionscadail a thugann aghaidh ar fhoirgnimh chónaithe folmha agus ar dhearóiliú i lár bailte, a bhfuil sé i gceist acu struchtúir stairiúla a athúsáid agus a fhéadfaidh feidhmiú mar eiseamláir do thionscadail amach anseo. Leanfaimid ar aghaidh le dhá Shruth maoinithe do TBS 2025.
Faoi Shruth 1 i mbliana táimid ag lorg tograí le haghaidh oibreacha caipitil chun oidhreacht an bhaile a dheisiú agus a fheabhsú trí thionscadail athnuachana atá faoi stiúir na hoidhreachta atá deartha agus curtha i bhfeidhm ag údaráis áitiúla, tionscadail a spreagann úinéirí príobháideacha agus nó/ áititheoirí infheistíocht a dhéanamh in oibreacha agus deisiúcháin atá cuí agus faoi stiúir an chaomhantais, tionscadail a thugann aghaidh ar dhearóiliú agus ar fhoirgnimh chónaithe fholmha, ar chaomhnú foirgneamh sainchomhartha, ar thionscadail caomhnaithe sráid-dreacha, agus ar oibreacha ríochta poiblí atá faoi stiúir an chaomhantais a spreagann infheistíocht ó fhoinsí eile. Chomh maith leis sin, lorgaítear tionscadail a oibríonn laistigh de Limistéar Caomhantais Ailtireachta (LCA) agus a chuirfidh an t-ainmniú seo chun cinn. Ní mór d’iarratais a thaispeáint conas a chothóidh siad athsheasmhacht i dtimpeallacht thógtha stairiúil an bhaile chun go mbeidh sí in ann éifeachtaí an athraithe aeráide a sheasamh.
Tá maoiniú meaitseála de 20% ag teastáil ón údarás áitiúil nó úinéirí faoi Shruth 1.
Mar atá leagtha amach sa bheartas Tithíocht do Chách (2021) tá suim ar leith againn i dtograí chun achar urláir folamh nó tearcúsáidte I bhfoirgnimh stairiúla a thabhairt ar ais chun úsáide cónaithe. Féadfar deontais a thugann aghaidh go sonrach ar athúsáid chónaithe trí spreagadh a thabhairt d’úinéirí príobháideacha agus/nó áititheoirí chun infheistiú in oibreacha agus deisiúcháin atá cuí agus faoi stiúir an chaomhantais, agus chun achar urláir folamh i bhfoirgnimh stairiúla a thabhairt ar ais chun úsáide chónaithe, a chéimniú thar dhá bhliain, is é sin, 2025 agus 2026, faoi réir uasdámhachtain de €350,000 san iomlán in aghaidh an bhaile.
Ba chóir d’iarrthóirí rathúla a Litir Thairisceana a sheiceáil le haghaidh sonraí faoin gcaoi a chaithfear maoiniú a chaitheamh thar an dá bhliain, nuair is cuí. Áireofar sa litir seo coinníollacha conarthacha, soláthair agus rialachais.
Faoi Shruth 2 tacóimid le hiarratais chun plean athnuachana atá faoi stiúir na hoidhreachta (féach thuas le do thoil chun sonraí a fháil faoin gcreat TBS) ina scrúdófar oidhreacht reatha bhaile agus ina chinnfear cad iad na hidirghabhálacha atá dírithe ar an gcaomhantas as sin eolas a chur ar fáil ar deireadh thiar d’iarratais ar dheontais amach anseo. Faoi Shruth 2 dámhfaimid suas le €50,000 in aghaidh an bhaile do phleananna athnuachana a bheidh faoi stiúir na hoidhreachta. Tá maoiniú meaitseála de 20% ag teastáil ón údarás áitiúil faoi Shruth 2. Féadfaidh údaráis áitiúla iarratas a dhéanamh ar níos mó ná tionscadal amháin de chuid Shruth 1 agus Shruth 2.
Leabhrán Eolais
Íoslódáil an leabhráin eolais don scéim mar pdf thíos nó coinnigh ort ag léamh an leathanach seo.
Ceardlann Eolais
Beidh seimineár gréasáin ar siúl ag an Chomhairle Oidhreachta Dé Déardaoin 16ú Eanair 2025. Tá an seimineár gréasáin seo le haghaidh baill foirne Údarás Áitiúila le suim acu i Deontais TBS 2025. Féach ar an chlár thíos. Claraigh anseo
Treoirdhoiciméad Iarratai
An cistiú atá ar fáil
Tá ciste iomlán de €2 milliún (maoiniú caipitil) ar fáil d’údaráis áitiúla faoi TBS 2025. Beidh íos-ranníocaíocht meaitseála de 20% ag teastáil (féach thíos le do thoil). Cuirfear méid na n-acmhainní meaitseála san áireamh agus iarratais á measúnú.
Oibriú Thionscnamh na mBailte Stairiúla 2025
- Is í an Chomhairle Oidhreachta a riarfaidh TBS 2025, de réir chomhairle ó Ghrúpa Stiúrtha Náisiúnta TBS.
- Féadfaidh gach údarás áitiúil iarratas a dhéanamh ar thionscadail Shruth 1 agus Shruth 2 ar mhaoiniú faoi TBS 2025 do bhailte stairiúla ina limistéar feidhme. Ní ghlacfar le hiarratais ach ó údaráis áitiúla amháin. Murab ionann agus blianta roimhe seo níl aon teorainn ar líon na n-iarratas in aghaidh an limistéir údaráis áitiúil..
- Tá sé i gceist ag an gclár tacú le líon beag bailte i 2025. Leithdháilfear maoiniú ar bhonn iomaíoch, de réir na gcritéar measúnaithe atá leagtha amach thíos. Ní bheifear in ann tacú le gach iarratas sa bhabhta seo.
- Déanfaidh Grúpa Stiúrtha Náisiúnta TBS measúnú ar iarratais agus déanfaidh sé moltaí do Bhord na Comhairle Oidhreachta maidir le maoiniú faoin gclár.
- I gcás Shruth 1, tabharfar tosaíocht d’iarratais atá ‘faoi stiúir plean’, is é sin, atá ar aon dul le Plean Bainistíochta TBS bunaithe ar chreat TBS, nó Plean Caomhantais, nó Plean Ríochta Poiblí, gníomhartha caomhantais a shainaithnítear i bPlean Lár an Bhaile ar dTús, nó gníomhartha incháilithe ó Phlean Seiceála Sláinte Lár an Bhaile, nó a chomhionann.
- Táthar ag súil go n-oibreoidh údaráis áitiúla le raon comhpháirtithe chun tionscadail Shruth 1 nó 2 TBS 2025 a sholáthar agus ba cheart fianaise ar chomhpháirtíochtaí den sórt sin, m.sh., litreacha tacaíochta, a chur san áireamh le haon iarratas.
- Táimid ag spreagadh na n-údarás áitiúil chun dul i gcomhpháirtíocht le húinéirí foirgneamh stairiúla agus le grúpaí seachbhrabúsacha a bhfuil foirgnimh stairiúla ina seilbh acu ar gá iad a chaomhnú.
- Beidh maoiniú de thart ar €150,000-€350,000 do gach baile rathúil i Sruth 1, ag brath ar na tionscadail atá beartaithe. Ba chóir go léireodh iarratais scála an mhaoinithe dóchúil a bheidh ar fáil agus ba chóir go mbeifí in ann na gníomhartha sainaitheanta a bhaint amach laistigh den tréimhse ama maoinithe leithdháilte, is é sin, sa bhliain 2025. Féadfaidh iarratais faoi Shruth 1 a thugann aghaidh go sonrach ar fhoirgnimh chónaithe fholmha de réir Tithíocht do Chách caiteachas thar an tréimhse 2025-2026 a réamh-mheas, agus ba chóir go leagfadh iarratais dá leithéid é seo amach go soiléir.
- Ba chóir go léireodh tionscadail a mhaoinítear faoi TBS rannpháirtíocht láidir phoiblí. Ba chóir na meáin shóisialta a úsáid chun imeachtaí a chur chun cinn ina dtugtar cuireadh do dhaoine den phobal chun foghlaim faoin tionscadal, agus, más féidir, chun páirt a ghlacadh ann. Ar na samplaí de bhealaí a bhféadfaí é seo a dhéanamh tá taispeántais, oiliúint i scileanna traidisiúnta, bainistíocht pobail nó bainistíocht eagraíochtaí neamhrialtasacha, nó grúpaí faoi ghannionadaíocht a spreagadh chun páirt a ghlacadh ann nó chun a n-oidhreacht a roinnt. Táthar ag súil go reáchtálfaidh bailte rathúla imeacht faoina dtionscadail le linn Sheachtain na hOidhreachta 2025.
An próiseas iarratais le haghaidh Thionscnamh na mBailte Stairiúla 2024
Tugtar cuireadh do gach údarás áitiúil iarratas a dhéanamh maidir le bailte stairiúla ina limistéar feidhme ina bhfuil clár de thionscadail oiriúnacha athnuachana atá faoi stiúir na hoidhreachta (Sruth 1) nó an gá atá le plean athnuachana atá faoi stiúir na hoidhreachta (Sruth 2) sainaitheanta ag an údarás áitiúil, ag obair le foireann comhpháirtíochta baile nó grúpa stiúrtha áitiúil. Ba chóir an méid seo a leagan amach go gonta in iarratais:
- tábhacht an bhaile agus a oidhreachta
- aon bheartais iomchuí agus aon chuspóirí iomchuí don bhaile sa Phlean Forbartha Contae, Plean Ceantair Áitiúil srl
- cuntas teiste an bhaile go dtí seo maidir le hathnuachan atá faoi stiúir na hoidhreachta, amhail Oifigeach Caomhantais Ailtireachta agus/nó Oifigeach Oidhreachta sa limistéar údarás áitiúil a bhfuil an baile lonnaithe ann a bheith páirteach ann
- an fhís don bhaile, mar atá leagtha amach in aon phlean bainistíochta ábhartha, aon phlean caomhantais ábhartha, i bPlean Lár an Bhaile ar dTús, i bplean ríochta poiblí, srl.
- an tionscadal/na tionscadail a mhaoineofaí faoin TBS agus conas a chuirfidís seo le hathnuachan faoi stiúir na hoidhreachta laistigh de Limistéar Caomhantais Ailtireachta (LCA) agus/nó laistigh den bhaile i gcoitinne
- sonraí an tionscadail atá i gceist, m.sh., sonraíocht, costáil srl.,
- comhpháirtíochtaí chun an tionscadal/na tionscadail TBS a sholáthar lena n-áirítear aon litreacha tacaíochta, srl.
- méid an mhaoinithe meaitseála agus na ranníocaíochta comhchineáil atá beartaithe
- ceannaireacht, is é sin, comhordaitheoir ainmnithe laistigh den údarás áitiúil atá freagrach as soláthar rathúil an chláir
Critéir mheasúnaithe
Buntáiste ar leith a bheidh i gcuntas teiste intaispeána ar aire thabhairt do thimpeallacht stairiúil an bhaile. Ba chóir go dtacódh oibreacha le cruthú áiteanna bríomhara agus tarraingteacha ina mbeidh daoine ag iarraidh cónaí agus oibriú iontu, cuairt a thabhairt orthu agus infheistiú iontu. Ba chóir go spreagfadh oibreacha caomhantais sa chroílár uirbeach stairiúil muinín na hearnála príobháidí agus an phobail. Scórálfar iarratais faoi na critéir seo a leanas:
- A mhéid a dhéanfaidh úinéirí príobháideacha agus/nó áititheoirí nó grúpaí pobail achar urláir folamh nó tearcúsáidte i bhfoirgnimh stairiúla a thabhairt isteach chun úsáide (úsáid chónaithe go háirithe) agus a mhéid a thabharfaidh siad aghaidh ar dhearóiliú agus ar fhoirgnimh fholmha (30%)
- Cuntas teiste an bhaile go dtí seo maidir le hathnuachan faoi stiúir na hoidhreachta, a mhéid a chomhlíonann an t-iarratas aidhmeanna an TBS, agus a mhéid is dócha go gcuirfidh ségo suntasach le hathnuachan an bhaile atá faoi stiúir na hoidhreachta (20%)
- Caighdeán an tionscadail/na dtionscadal a mholtar (20%)
- Conas a chothódh an tionscadal athsheasmhacht i dtimpeallacht thógtha an bhaile le cur ar a cumas éifeachtaí an athraithe aeráide a sheasamh (15%)
- Pobal bríomhar gafa a thacódh le cur i bhfeidhm an Tionscnaimh a bheith ann(15%)
Cé na bailte atá incháilithe?
Tá bunús stairiúil ag gach baile in Éirinn, beagnach. Ba chóir go mbeadh sócmhainní cultúrtha agus oidhreachta suntasacha ag baile atá ag iarraidh leas a bhaint as TBS agus go mbeadh ómós suaithinseach áite aici. Áirítear ar na bailte stairiúla iad siúd a bunaíodh sa ré mheánaoiseach agus roimh an ré mheánaoiseach, bailte na plandála, bailte eastát pleanáilte agus bailte a bunaíodh thart ar thionscail áitiúla.
Níl lárionaid uirbeacha atá ainmnithe mar Limistéir Athghiniúna Speisialta faoi Thionscnamh na Cathrach Beo incháilithe le haghaidh iarratas a dhéanamh.
Cé na hoibreacha atá incháilithe?
- Oibreacha caipitil chun oidhreacht an bhaile a dheisiú agus a fheabhsú ar aon dul le clár atá measúnaithe ag Grúpa Stiúrtha Náisiúnta TBS agus atá ceadaithe ag an gComhairle Oidhreachta. Is féidir go n-áireofar leo sin na nithe seo a leanas:
- Tionscadail athnuachana atá faoi stiúir na hoidhreachta a chomhlíonann na critéir atá leagtha amach thuas agus atá deartha agus curtha i bhfeidhm ag údaráis áitiúla
- Tionscadail a spreagann úinéirí príobháideacha agus/nó áititheoirí infheistiú in oibreacha agus deisiúcháin atá cuí agus faoi stiúir an caomhantais agus chun achar urláir folamh i bhfoirgnimh stairiúla a thabhairt ar ais chun úsáide
- Tionscadail a thugann aghaidh ar dhearóiliú agus ar fhoirgnimh fholmha, caomhnú foirgneamh sainchomhartha, cothabháil fheabhsaithe agus feabhsuithe ginearálta ar shráid-dreacha, agus oibreacha ríochta poiblí atá faoi stiúir an chaomhantais a spreagann infheistíocht ó fhoinsí eile
- Tionscadail a chothódh athsheasmhacht i dtimpeallacht thógtha stairiúil an bhaile le cur ar a cumas éifeachtaí an athraithe aeráide a sheasamh
- Tionscadail chun carachtar i Limistéar Caomhantais Ailtireachta (LCA) a choinneáil agus a fheabhsú agus a chuirfidh luach agus ainmniú LCA chun cinn.
2. Caithfidh gach obair dheontaschúnta faoin TBS meas a léiriú ar charachtar agus ar shainspéis foirgneamh aonair agus ar oidhreacht an bhaile i gcoitinne.
3. Caithfidh oibreacha a bheith de réir na bprionsabal dea-chleachtais atá in Cosaint Oidhreachta Ailtireachta - Treoir d’Údaráis Phleanála (2011) agus sna himleabhair iomchuí i Sraith Chomhairle na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
4.Ní mór na ceanglais uile le haghaidh chosaint na hoidhreachta a chomhlíonadh – lena n-áirítear oidhreacht nádúrtha, seandálaíochta agus ailtireachta.
5. I gcás go n-iarrfar maoiniú deontais chun foirgnimh fholmha a chaomhnú agus a athúsáid, cuirfear eolas ar fáil maidir le húsáid bheartaithe inbhuanaithe sa todhchaí.
Conas iarratas a dhéanamh
Ní ghlacfar le hiarratais ach ó údaráis áitiúla amháin. Ní mór iarratais a dhéanamh trí chóras bainistíochta deontas ar líne na Comhairle Oidhreachta anseo. Ní ghlacfar le hiarratais ar chóip chrua nó ar ríomhphost. Tabhair faoi deara, le do thoil gur tugadh Córas Deontas Ar Líne nua isteach i 2024. Mura bhfuair tú maoiniú deontais i 2024 beidh ort clárú ar dtús sular féidir leat iarratas a thosú. Tá treoracha suite anseo.
Cad a tharlóidh ansin?
- Reáchtálfaidh an Chomhairle Oidhreachta seimineár gréasáin Déardaoin an 16ú Eanáir 2025 do phearsanra údaráis áitiúil a bhfuil suim acu iarratas a dhéanamh ar TBS 2025.
- Is é an spriocdháta chun iarratais ar líne a fháil ná 5 i.n. Dé hAoine an 14ú Feabhra 2025. Ní bhreithneofar iarratais a gheofar tar éis an dáta seo.
- Cuirfidh an Chomhairle Oidhreachta an toradh ar an measúnú in iúl d’iarrthóirí tar éis faomhadh na Comhairle Oidhreachta go luath i mí an Mhárta 2025
Maoiniú Deontais a Aisghabháil
Ní mór dámhachtainí deontais a aisghabháil ón gComhairle Oidhreachta sa bhliain féilire 2025 (Seachas na tionscadail atá ceadaithe lena reáchtáil thar 2 bhliain). Caillfear aon chistí nach mbeidh éilithe faoi dheireadh na bliana.
Ní mór don údarás áitiúil na hoibreacha a chur i gcrích agus a dheimhniú sular féidir maoiniú deontais a aisghabháil. Ní mór tuarascáil ina mionsonraítear na hoibreacha arna ndéanamh a bheith sínithe ag an Oifigeach Caomhantais Ailtireachta nó ag an Oifigeach Oidhreachta nó ag ball d’fhoireann ghairmiúil an údaráis áitiúil a bhfuil freagracht air/uirthi as maoirseacht a dhéanamh ar an tionscadal.
Ní mór cruthúnas íocaíochta a bheith ag gabháil leis seo, is é sin, litir shínithe ón Stiúrthóir Airgeadais agus ón Stiúrthóir Seirbhíse ábhartha ina sonraítear gur caitheadh an t-airgead a éilíodh. Níl Cáin Bhreisluacha (CBL) incheadaithe faoin scéim seo ach amháin don chuid sin de na hoibreacha caipitil atá á maoiniú agus i gcúinsí nach bhfuil CBL den sórt sin in-aisghabhála faoin scéim seo ar aon mhodh eile agus sna cúinsí sin amháin.
Déantar aisghabháil tríd an bpróiseas íocaíochtaí ar líne ar chóras bainistíochta deontas ar líne na Comhairle Oidhreachta. Is é Dé hAoine an 14 Samhain 2025 an dáta chun na héilimh deiridh a chur isteach chuig an gComhairle Oidhreachta agus chun tuairisciú di.
Riachtanas Maoinithe Meaitseála
Tá gá le maoiniú meaitseála de 20% ar a laghad de chaiteachas iomlán an tionscadail do gach tionscadal a mhaoinítear. Sa chás go bhfuil foirgneamh faoi úinéireacht údaráis áitiúil is féidir an ceanglas maidir le maoiniú meaitseála de 20% a shásamh ó acmhainní airgeadais an údaráis áitiúil. Féadfar ranníocaíochtaí comhchineáil (m.sh, an t-am ar tuarastal arna chaitheamh ag pearsanra a mhaoinítear go poiblí) ón údarás áitiúil a lua mar ranníocaíocht ach is gá go mbeadh sé seo de bhreis ar an maoiniú meaitseála amháin (is é sin, ní fhéadfar ranníocaíochtaí comhchineáil ón údarás áitiúil a chur san áireamh san íos-mhaoiniú meaitseála de 20%).
Tá gá le deimhniú maidir le ceadú maoiniú meaitseála ón údarás áitiúil ag leibhéal an Stiúrthóra Seirbhíse ag céim an iarratais. I gcás go maoineofar tionscadal TBS freisin faoi scéimeanna deontais eile arna maoiniú ag an Státchiste nó ag an AE, ní fhéadfaidh iomlán carnach an mhaoinithe sin 80% de chostas iomlán an tionscadail a shárú. Ní mór aon mhaoiniú deontais TBS a chuirtear ar fáil d’údarás áitiúil a fhaightear ar ais ina dhiaidh sin ón úinéir/áititheoir faoi fhorálacha na nAchtanna um Pleanáil agus Forbairt a aisíoc leis an gComhairle Oidhreachta. Beidh gá le tuarascálacha eatramhacha ar dhul chun cinn. I gcás nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach le feiceáil sna tuarascálacha seo, forchoimeádann an Chomhairle Oidhreachta an ceart, ar chomhairle a fháil ó Ghrúpa Stiúrtha Náisiúnta TBS, chun maoiniú a athleithdháileadh ar thionscadail cheadaithe TBS eile.
Acmhainní úsáideacha
An foilseachán ón gComhairle Oidhreachta dar teideal Ballybrilliant: heritage-led regeneration in 5 Irish towns (2018)
Tá eolas ar chás-staidéir le fáil i bhfoilseachán Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann dar teideal Creating Vibrant Places: the RIAI town and village toolkit agus san fhoilseachán dar teideal Old House, New Home.
Tá méid mór stoic foirgneamh tearcúsáidte inár lárionaid uirbeacha. Ba chóir athúsáid íogair a leithéid de spás urláir ar leibhéal na talún agus ar urláir íochtaracha a spreagadh. Maidir leis sin, dírítear aird ar an bhfoilseachán. Tithe a Thabhairt Ar Ais: Lámhleabhar d’athúsáid foirgneamh atá ann cheana
Tús Áite do Lár Bailte: cur chuige beartais do bhailte Éireannacha (2022)