Mainistir na Cúirte, Leamhach, Co. Shligigh

Is é is Mainistir na Cúirte ann ná Mainistir Phroinsiasach a tógadh i lár an cúigiú haois déag agus atá suite in áit fheiceálach faoi bhun Chnoc na Sí i Sligeach theas.

Is í an t-aon chuid den mhainistir bhunaidh atá fágtha ná an eaglais, atá suite i reilig. Is féidir a lán adhlacthaí 19ú haois agus 20ú haois a fheiceáil timpeall an fhothaigh agus laistigh den fhothrach, fiú. Tá ag an eaglais dhronuilleogach túr lárnach suntasach agus croslann a cuireadh leis an taobh theas di thart ar an 16ú haois.

Tá an-chuid den fhothrach ceilte go hiomlán aois ag fás fairsing eidhneáin, ach is féidir roinnt gnéithe suimiúla a fheiceáil fós. Ina measc sin tá taobh-altóirí, linnte ionnalta agus paistí den phlástar bunaidh, fiú, mar aon le rianta de mhuirealaín mheánaoiseach.

An Grúpa Pobail- Achonry Mullinabreena Community Enhancement CLG (A.M.C.E. CLG)

Ghlac Achonry Mullinabreena Community Enhancement CLG (A.M.C.E. CLG) an láithreán seo. Is mian leis go gcaomhnófaí an láithreán sula ndéanfadh an tsíon aon damáiste eile dó. Is féidir leis acmhainneacht an láithreáin a aithint mar bhall suntais áitiúil tábhachtach do chuairteoirí agus, dá bhrí sin, tá sé ag féachaint le tuilleadh eolais a ghnóthú ar stair an láithreáin agus ar a áit laistigh den tírdhreach stairiúil áitiúil saibhir.