Cúirt Liathróide Láimhe Bhaile an tSléibhe, Contae Ros Comáin

Níl aon dabht ar bith gurb í an cúirt liathróide láimhe ag Baile an tSléibhe, Contae Ros Comáin, an séadchomhartha is nua-aimseartha a roghnaíodh le bheith mar chuid den scéim seo. Cé gur tógadh é le déanaí, tá tábhacht mhór sóisialta agus pobail ag baint leis an struchtúr.

Bhí an chúirt liathróide láimhe ag Baile an tSléibhe, a tógadh sna 1930idí, ina phointe fócais don phobal leis na glúnta go dtí gur measadh le déanaí go raibh sé neamh-shábháilte. Tá an tionscadal seo dírithe ar thraidisiún fad-bhunaithe na liathróide láimhe a athbheochan sa cheantar toisc go raibh an-thóir ar liathróid láimhe i Ros Comáin tráth.

An Grúpa Pobail: Bord Bainistíochta Scoil Náisiúnta Bhaile an tSléibhe

Tá an chúirt liathróide láimhe ag Baile an tSléibhe, Contae Ros Comáin suite in aice leis an scoil náisiúnta áitiúil. Tá sé mar aidhm ag an mBord Bainistíochta an séadchomhartha a chaomhnú dos na glúnta atá le teacht.