Tá ráth Ráth Bheathach suite os comhair na Feoire in aice Achadh Úr i gContae Chill Chainnigh thuaidh.
Is é is ráthanna ann ná imfháluithe a bhfuil bruach cré acu agus a thógtaí mar áitribh feirmeoireachta sa tréimhse luath-mheánaoiseach. Tá an ráth seo lonnaithe san áit seo le breis agus 1000 bliain anuas, mar sin. Tá baint ag an láithreán leis an miotaseolaíocht ach níl ach beagán eolais ann ar stair an láithreáin.
An Grúpa Pobail-The Acorn Project Collaboration
Le tacaíocht ón úinéir talún, is mian leis an Acorn Project Collaboration oidhreacht nádúrtha agus chultúrtha an láithreáin seo a cheiliúradh agus a chaomhnú, tuilleadh eolais a fháil air agus ar na daoine a chónaíodh anseo fadó agus é a nascadh isteach i mór-thírdhreach oidhreachta Chill Chainnigh thuaidh.