Ár bhFís don Todhchaí

Tháinig borradh mór faoi earnáil na hoidhreachta agus faoin gComhairle Oidhreachta le cúig bliana anuas. Le linn an ama seo, tá méadú tagtha ar mhaoiniú bliantúil státchiste don oidhreacht ó EUR 97.6m go EUR 267.8m. Meastar i dtaighde a rinne an Chomhairle Oidhreachta go gcuireann earnáil na hoidhreachta EUR 4.9 billiún le haschur eacnamaíoch bliantúil na hÉireann anois.

Chuir na hacmhainní méadaithe ar chumas na Comhairle Oidhreachta tús a chur le cláir, scéimeanna deontais agus beartais nua. Chuir siad ar ár gcumas freisin taighde nua ríthábhachtach a dhéanamh ar an earnáil, agus tá torthaí an taighde sin le feiceáil sna grafaicí faisnéise thíos, agus tá an Chomhairle Oidhreachta suite againn mar cheannairí laistigh den earnáil.

Teastaíonn ceannaireacht ó earnáil oidhreachta atá scaipthe agus neamhchomhordaithe

Mar thoradh ar an tréimhse fáis agus athraithe seo nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo tá Comhairle Oidhreachta agus earnáil oidhreachta níos uaillmhianaí ann. Mar thoradh ar an tréimhse fáis agus athraithe seo nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo tá Comhairle Oidhreachta agus earnáil oidhreachta níos uaillmhianaí ann.

Tá cúig thosaíocht sainaitheanta againn don earnáil oidhreachta a bheadh, dá gcuirfí i bhfeidhm iad, ina ndul chun cinn suntasach inár misean maidir le cosaint agus rochtain oidhreachta.

1. Aonad Oidhreachta aontaithe a chothabháil faoi stiúir Aire Oidhreachta tiomnaithe

Ba chor cinniúnach é ceapachán Aire Oidhreachta shóisearaigh in 2020 do chosaint na hoidhreachta in Éirinn, as ar eascair méadú 174% ar mhaoiniú, borradh suntasach faoin soláthar foirne, agus creataí dlíthiúla neartaithe.

Thacaigh struchtúr comhtháite na bhfeidhmeanna oidhreachta agus na gcomhlachtaí faoi choimirce laistigh den Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta leis na héachtaí sin freisin, e.g. an Chomhairle Oidhreachta, an tAonad Seirbhísí Oidhreachta Tógála, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, an rialtas áitiúil etc.

Chun leanúint ar aghaidh ag tógáil ar na héachtaí seo, tá sé riachtanach Aire Oidhreachta tiomnaithe a choinneáil, agus fanacht laistigh de struchtúr comhtháite rialtais.

2. An tAcht Oidhreachta 1995 a Athbhreithniú

Choimisiúnaigh an Chomhairle Oidhreachta suirbhé cuimsitheach ar iompar agus ar dhearcthaí le déanaí chun meon an phobail i leith na hoidhreachta a chinneadh. Ceann de na staitisticí is suimiúla a tháinig chun cinn ná go gcreideann 68% de dhaoine go láidir go gcaithfimid ár n-oidhreacht a chosaint, i gcomparáid le 46% i 1999. Is sainordú corraitheach é seo maidir le bainistiú, cosaint agus cur chun cinn na hoidhreachta.

Mar sin féin, tá athrú ó bhonn tagtha ar Éirinn sna tríocha bliain ó ritheadh Acht 1995. Tá méadú tagtha ó shin ar thábhacht réimsí amhail an bhithéagsúlacht, an oidhreacht atá i mbaol ón athrú aeráide, an oidhreacht ilchultúrtha, an oidhreacht bhéil agus an oidhreacht chultúrtha dholáimhsithe.

Chun a bheith in ann ionchais an phobail a bhaint amach, tá gá le dhá ghníomh:

  • Ní mór an sainmhíniú reatha ar oidhreacht a thabhairt cothrom le dáta chun an smaointeoireacht idirnáisiúnta reatha agus an dea-chleachtas faoi cad is oidhreacht sa tsochaí chomhaimseartha ann a chur san áireamh.
  • Ba cheart ról na Comhairle Oidhreachta a neartú chun feidhm reachtúil a bhronnadh uirthi maidir le comhairle agus measúnuithe beartais atá bunaithe ar fhianaise agus atá neamhspleách a sholáthar don rialtas.

3. Foirne Oidhreachta a chruthú in Údaráis Áitiúla le haghaidh maoirseacht fheabhsaithe

Tá ról lárnach ag údaráis áitiúla i gcur chun feidhme na reachtaíochta a bhaineann leis an oidhreacht. Áirítear leis seo cosaint uisce agus comhshaoil, athrú aeráide, pleanáil, agus cur i bhfeidhm Oidhreacht Éireann 2030, Tithíocht do Chách, Lár an Bhaile ar dTús agus beartais rialtais eile.

Ní mór dúinn acmhainní a chur ar fáil d’údaráis áitiúla le líon iomlán gairmithe oidhreachta. Ar na foirne sin bheadh cartlannaithe a bhfuil cáilíochtaí gairmiúla acu, oifigigh chaomhantais ailtireachta, seandálaithe, coimeádaithe agus sainróil eile nuair is cuí, lena n-áirítear oifigeach oidhreachta muirí agus cósta, nó oifigeach oidhreachta pobail.

Cuirfidh tiomantas fadtéarmach chun acmhainní a chur ar fáil do na foirne seo athrú ó bhonn ar chúrsaí oidhreachta agus déanfaidh sé an dea-chleachtas a phríomhshruthú i mbainistíocht oidhreachta ar fud na tíre.

4. Ionad Náisiúnta Bairr Feabhais um Scileanna Traidisiúnta a Thógáil

Tá méadú ag teacht ar an nganntanas ceardaithe fear agus ban oilte a dhéanann speisialtóireacht i modhanna traidisiúnta tógála. Léiríodh i dtaighde a rinne an Chomhairle Oidhreachta freisin go bhfuil easpa oiliúna ann cheana i scileanna traidisiúnta (tuíodóireacht, siúinéireacht, saoirseacht, moirtéalú aoil etc.) agus nach bhfuil uas-sciliú á dhéanamh ag daoine óga i gceirdeanna ríthábhachtacha.

Murab ionann agus tíortha Eorpacha eile, níl ionad bairr feabhais ag Éirinn maidir le scileanna traidisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin.

Ní mór dúinn Ionad Bairr Feabhais a thógáil in Éirinn chun oiliúint a chur ar chleachtóirí nua, an bhearna saineolais a dhúnadh agus a chinntiú go mbeidh rochtain ag tionscadail chaomhnaithe oidhreachta ar na scileanna riachtanacha, agus a chinntiú go gcuirfear na scileanna sin ar aghaidh chuig na glúine atá le teacht.

5. Aonad Taighde Oidhreachta a bhunú sa Chomhairle Oidhreachta

Ní ghlacann earnáil na hoidhreachta in Éirinn ach páirt an-teoranta i meastóireacht a dhéanamh ar a cuid oibre nó measúnú a dhéanamh ar a tionchar.

Tá gá le taighde agus meastóireacht chun cinnteoireacht fhianaise-bhunaithe, tomhas tionchair agus measúnuithe treochtaí a chumasú. Tá sé sin ríthábhachtach chun tuiscint a fháil ar an méid a chuireann an oidhreacht leis an bhféiniúlacht, leis an ngeilleagar, leis an bhfolláine agus le cumhachtú an phobail, agus chun tuiscint a fháil ar chomhdhéanamh, ar acmhainneacht agus ar dhúshláin na hearnála oidhreachta amach anseo.

D’fhéadfadh bunú aonaid taighde oidhreachta (ar a dtabharfar ‘Aonad na gCuntas Oidhreachta’) sa Chomhairle Oidhreachta athrú ó bhonn a dhéanamh ar ár gcur chuige maidir leis an gcaoi a mbreathnaímid ar ár n-earnáil oidhreachta agus an chaoi a ndéanaimid acmhainní a chur ar fáil di.

Ár bhFís don Todhchaí

Tá forléargas níos cuimsithí ar ár dtograí ar fáil sa doiciméad ‘Ár bhFís don Todhchaí’ anseo.