Tarraingítear aird ar an luach a bhaineann le fálta sceach sláintiúla, agus Seachtain Náisiúnta na bhFálta Sceach ar siúl anois
Seoltar Seachtain Náisiúnta na bhFálta Sceach 2023 i gContae Bhaile Átha Cliath.
Mar chuid de chomhpháirtíocht nua, comhordóidh an Chomhairle Oidhreachta agus Teagasc an clár imeachtaí i gcomhar lena chéile i mbliana. Agus í ar siúl ón 1 go dtí an 8 Meán Fómhair, tugann Seachtain na bhFálta Sceach deis d’fheirmeoirí, d’éiceolaithe agus don phobal comhoibriú lena chéile agus éagsúlacht ár bhfálta a cheiliúradh.
Ní hé amháin go dtugann fálta foscadh agus bia do raon éagsúil speiceas, ach déanann siad dé-ocsaíd charbóin a ghabháil agus a stóráil freisin. Fágann sé sin gur féidir leo rannchuidiú ríluachmhar a dhéanamh sa chomhrac in aghaidh an athraithe aeráide. Ó thaobh na feirmeoireachta de, gníomhaíonn siad mar scáthláin ghaoithe – agus barra agus beostoc á gcosaint acu – agus coisceann siad creimeadh ithreach.
Is dúshlánach an rud é uasmhéadú a dhéanamh ar na tairbhí a ghabhann le fálta sceach, agus tá cuid mhór de na himeachtaí a bheidh ar siúl ar fud na seachtaine deartha chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin. Beidh speisialtóirí ar fáil chun taispeántais innealra a sholáthar ag láithreacha difriúla ar fud na gceithre chúige. Cuirfear siúlóidí agus láithreoireachtaí feirme ar siúl freisin chun feasacht a mhúscailt agus chun eolas a thabhairt don phobal.
Rinne Malcolm Noonan TD, an tAire Stáit um Oidhreacht agus Athchóiriú Toghcháin, agus an Seanadóir Pippa Hackett, an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Seachtain Náisiúnta na bhFálta Sceach 2023 a sheoladh ar fheirm Doris Coyne, Baile an Bhaspailigh, Leamhcán, Co. Bhaile Átha Cliath.
Ag labhairt dó faoin tionscnamh, dúirt Malcolm Noonan TD, an tAire Stáit um Oidhreacht agus Athchóiriú Toghcháin: “Ollbhealaí an dúlra is ea fálta sceach sláintiúla, agus iad ag soláthar líonra ríthábhachtach ar ar a fheadh is féidir leis an bhfiadhúlra bogadh tríd an tírdhreach. Tairgeann siad bia, foscadh agus áiteanna neadaireachta d’fheithidí, d’éin agus do mhamaigh freisin. Ba mhaith liom díograis agus obair chrua na n-oifigeach oidhreachta agus bithéagsúlachta údaráis áitiúil a mholadh, agus iad ag eagrú imeachtaí chun an fál sceach umhal a cheiliúradh agus chun aird a tharraingt ar an dlúthchaidreamh idir ár mbithéagsúlacht agus ár n-oidhreacht chultúrtha.”
Dúirt an tAire Pippa Hackett, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht: “Tá fálta sceach ina ngnéithe riachtanacha don bhithéagsúlacht ar ár bhfeirmeacha. Gníomhaíonn siad mar thithe agus mar fhoinsí bia agus foscaidh don fhiadhúlra, idir nithe móra agus nithe beaga, agus soláthraíonn siad conairí sábháilte inar féidir taisteal agus cosaint a lorg.
“Mholfainn do gach feirmeoir agus conraitheoir ar fud na tíre smaoineamh faoin luach a bhaineann le fálta sceach ar fheirmeacha an séasúr seo agus cuimhneamh ar an bhfiadhúlra agus fálta á mbainistiú acu, go háirithe fálta inmheánacha.
“Tá mo Roinn ag déanamh athbhreithniú ar na tairseacha Measúnachta Tionchair Timpeallachta le haghaidh na gnéithe lómhara sin a bhaint, agus táim ag tnúth le críochnú an athbhreithniúcháin sin sna seachtainí atá romhainn.”
Dúirt Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta: “Tá fálta sceach ina gcuid dhílis dár n-oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha. Nuair a bhainistítear go cuí iad, caomhnaítear áilleacht ár dtírdhreach agus cinntítear éiceachóras bisiúil do ghlúine amach anseo araon. Tá lúcháir ar an gComhairle Oidhreachta obair i gcomhpháirt le Teagasc ar an imeacht tábhachtach luachmhar seo chun ár n-oidhreacht feirmeoireachta a cheiliúradh. Beidh ár líonra oifigeach oidhreachta agus bithéagsúlachta údaráis áitiúil ar fud na tíre ina chomhpháirt lárnach de rath na seachtaine seo, agus feasacht á múscailt aige ar an luach a bhaineann le fálta sceach.”
Ag fáiltiú dó roimh an gcomhpháirtíocht idir Teagasc agus an Chomhairle Oidhreachta chun Seachtain na bhFálta Sceach 2023 a fhorbairt agus a sholáthar, dúirt an Dr Stan Lalor, Stiúrthóir Teagasc um Aistriú Eolais: “Tugann Seachtain na bhFálta Sceach 2023 sárdheis dúinn eolas a scaipeadh i ndáil le fálta na hÉireann a bhunú, a chothabháil agus a chosaint.
“Tá áthas ar Teagasc obair i gcomhpháirt leis an gComhairle Oidhreachta chun an tsraith chomhordaithe imeachtaí seo a sholáthar, a chabhróidh lenár bhfálta agus na tairbhí éagsúla a thugann siad don bhithéagsúlacht a chosaint.”
Óstálfaidh Teagasc roinnt de na himeachtaí sin ag a ionaid taighde ar fud na tíre, áit a bpléifear an dea-chleachtas maidir le fálta sceach a bhunú agus a bhainistiú. Is é téama Sheachtain na bhFálta Sceach 2023 ná ‘Conas fálta a chur agus a bhainistiú’.
Thar an gcúpla mí seo a chuaigh thart, tá an Dr Catherine Keena, Speisialtóir Teagasc um Bainistíocht Tuaithe, ag stiúradh an chaidrimh le raon éagsúil geallsealbhóirí fálta sceach. Gineadh cuid mhór díospóireachta agus tháinig a lán saincheisteanna chun cinn le linn an chaidrimh sin. Rud ba shuntasaí fós, áfach, léiríodh lena linn an spéis mhéadaitheach atá ann i bhfálta. Ba é an téama ba choitianta ná an tábhacht a bhaineann lenár líonra fálta dúchasacha ar fud an limistéir tuaithe agus, go deimhin, i limistéir uirbeacha.
Dúirt an Dr Catherine Keena: “Tá líonra fálta dúchasacha againn i limistéar tuaithe na hÉireann. Agus úsáid á baint as sainmhíniú an-leathan ar fhál sceach, lena n-áirítear nithe amhail fásra coillearnach, bruacha ithreach agus fálta stocdhíonacha, meastar go gcumhdaíonn siad 689,000 km.
“Tá ríthábhacht ag baint le fálta dúchasacha maidir leis an mbithéagsúlacht, toisc go bhfuil a bhformhór 200 bliain d’aois. I dteannta na bplandaí fáil, is féidir raon éagsúil de chineálacha plandaí bláthanna, féar agus inveirteabrach a bheith san fhásra talún agus san ithir, agus iad suite i mbearnaí agus i mbruacha ithreach ag bun an fháil.
“Tá sé inmhianaithe fálta de chineálacha éagsúla a bheith ann, lena n-áirítear fálta crannteorann agus fálta bearrtha. Is go príomha sa cheannbhrat a bhíonn bithéagsúlacht na bhfálta crannteorann le fáil, agus iad lán de bhláthanna agus de thorthaí. Tugann fálta bearrtha a bhfuil bonn dlúth orthu nó fálta leagtha láithreáin neadaireachta d’éin, áit a gcoinnítear bláthanna agus torthaí ar chrainn aonair,” arsa sise.