Béim ar luach fálta sceach sláintiúla agus Seachtain Náisiúnta na bhFálta Sceach á seoladh ag ócáid bhithéagsúlachta talún feirme i gCaisleán Bhiorra
Sheol Pippa Hackett, an tAire Stáit le freagracht as Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht, Seachtain Náisiúnta na bhFálta Sceach 2024 inniu ag imeacht i gCaisleán Bhiorra, Contae Uíbh Fhailí.
Is tionscnamh í Seachtain Náisiúnta na bhFálta sceach atá á chomhordú ag Teagasc agus ag an gComhairle Oidhreachta, a leagann béim ar luach na bhfálta sceach inár dtírdhreacha agus a thugann deis d'fheirmeoirí, d'éiceolaithe agus don phobal solúbthacht ár bhfálta sceach a cheiliúradh.
Tá clár imeachtaí saor in aisce ar siúl idir Dé hAoine, 30 Lúnasa agus Dé hAoine, 6 Meán Fómhair atá dírithe ar conas fálta sceach a phlandáil agus a bhainistiú chun na buntáistí don bhithéagsúlacht, don aeráid agus d'fheirmeoirí a uasmhéadú. Beidh speisialtóirí ó Theagasc agus ó Líonra Oifigeach Bithéagsúlachta na nÚdarás Áitiúil ar an láthair ag cúig fheirm de chuid Theagaisc ar fud na gceithre chúige, áit ar bunaíodh taispeántais d'fhálta Bearrtha nua agus d’fhálta Crannteorainn le 3 bliana anuas chun dea-chleachtais bainistíochta fálta a thaispeáint.
Tá liosta iomlán de na himeachtaí a bheidh ar siúl ar fud na tíre ar fáil anseo
Ag seoladh Sheachtain Náisiúnta na bhFálta Sceach 2024 i gCaisleán Bhiorra inniu, bhí cainteanna maidir leis an mbithéagsúlacht ar thalamh feirme ó réimse cainteoirí lena n-áirítear an nádúraí, an t-údar agus an craoltóir Éanna Ní Lamhna, Ollamh i Scoil na Talmhaíochta agus na hEolaíochta Bia sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Helen Sheridan agus an t-údar, an t-éiceolaí agus an geolaí atá lonnaithe i mBiorra, John Feehan.
Léiríodh éiteas comhoibríoch Sheachtain na bhFálta Sceach trí ionadaithe a bheith i láthair ó ACRES Laighean, Plean Pailneora Uile-Éireann, EIP Mhóna Feirme, Feirmeoireacht le haghaidh Uisce EIP, Iascach Intíre Éireann, LIFE ar Machairí, Clár Uisce na nÚdarás Áitiúil, Ionad Sonraí Bithéagsúlachta Náisiúnta, an Chomhairle Oidhreachta agus Oifigigh Bhithéagsúlachta na nÚdarás Áitiúil.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Pippa Hackett, an tAire Stáit le freagracht as Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht, ag an seoladh i gCaisleán Bhiorra:
“Tá clár iontach imeachtaí eagraithe ag Teagasc agus ag an gComhairle Oidhreachta chun Seachtain Náisiúnta na bhFálta Sceach a cheiliúradh, ar líne agus i bpearsa araon, agus mholfainn go láidir d'fheirmeoirí páirt a ghlacadh ann. Is iad fálta sceach cuisle na tuaithe ar go leor bealaí, lena gcuirtear tearmann ar fáil don fhiadhúlra, lena bhfeabhsaítear sláinte na hithreach, agus lena nasctar gnáthóga ilroinnte. Trí aire a thabhairt dár bhfálta sceach agus iad a chosaint, is féidir linn an oidhreacht nádúrtha a shainmhíníonn ár bpobail tuaithe a chosaint chomh maith le ceapadh carbóin, sláinte ithreach, cáilíocht uisce agus bithéagsúlacht a bhaint amach.”
Leag an tAire Stáit don Dúlra, don Oidhreacht agus d'Athchóiriú Toghchán, Malcolm Noonan T.D., béim ar thábhacht chultúrtha agus stairiúil na bhfál sceach:
“Ní gné dár dtírdhreach amháin iad fálta sceach na hÉireann; tá siad ina nasc beo lenár stair. Insíonn na teorainneacha ársa seo scéalta ár sinsear agus soláthraíonn siad gnáthóg uathúil atá lárnach dár mbithéagsúlacht. Ní hamháin gur riachtanas comhshaoil é iad a chosaint ach is riachtanas cultúrtha é freisin.”
Luaigh Virginia Teehan, Príomh-Fheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta:
“Is cuid lárnach dár n-oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha iad fálta sceach. Ní hamháin go gcaomhnaíonn a mbainistiú cuí áilleacht ár dtírdhreacha, ach cinntíonn sé freisin éiceachóras rathúil do na glúnta atá le teacht. Tá áthas ar an gComhairle Oidhreachta dul i gcomhpháirtíocht le Teagasc don cheiliúradh tábhachtach agus luachmhar seo ar ár n-oidhreacht feirmeoireachta. Beidh ár líonra d'oifigigh oidhreachta agus bithéagsúlachta na húdaráis áitiúla ar fud na tíre ina chuid lárnach de rath na seachtaine seo maidir le feasacht a mhúscailt ar luach na bhfálta sceach."
Bhí an méid seo le rá ag an Dr. Catherine Keena, Speisialtóir Bainistíochta Tuaithe Teagasc:
"Is gné lárnach dár gceantair thuaithe iad na fálta agus is iad na feirmeoirí caomhnóirí na talún. Trí chleachtais bhainistíochta inbhuanaithe, is féidir le feirmeoirí an bhithéagsúlacht a fheabhsú, carbón a cheapadh agus cáilíocht an uisce a chosaint. Is deis í Seachtain Náisiúnta na bhFálta Sceach na buntáistí a bhaineann le fálta sceach dea-bhainistithe a chur ar taispeáint agus chun dea-chleachtais leanúnacha a spreagadh."
Agus sceideal iomlán imeachtaí beartaithe ar fud na tíre, tá sé beartaithe go mbeidh pobail rannpháirteach Sheachtain Náisiúnta na bhFálta Sceach 2024, go músclófar feasacht, agus go ndéanfar ceiliúradh ar ról ríthábhachtach na bhfál sceach i dtírdhreach comhshaoil agus cultúrtha na hÉireann.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Sheachtain Náisiúnta na bhFálta Sceach 2024 agus chun liosta iomlán na n-imeachtaí a fheiceáil, cliceáil anseo.